Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saorghluaiseacht lúthchleasaithe in AE

Saorghluaiseacht lúthchleasaithe in AE

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 165 — An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL AN CHONARTHA?

Dearbhaítear ann gur féidir leis an Aontas Eorpach (AE) bearta a ghlacadh chun rannchuidiú leis an spórt Eorpach a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d'fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt. Tacaíonn na bearta sin le gníomhaíocht náisiúnta, déantar iad a chomhordú léi agus cuireann siad léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sonraítear in Airteagal 165 gur féidir leis an Aontas Eorpach an ghné Eorpach a fhorbairt sa spórt mar seo a leanas:
    • trí chothrom na féinne agus an oscailteacht i gcomórtais spóirt agus comhar idir comhlachtaí atá freagrach as an spórt a chur chun cinn;
    • trí iomláine choirp agus mhorálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe is óige ina measc, a chosaint;
    • trí chomhar a chothú le tíortha nach bhfuil in AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí, go háirithe Comhairle na hEorpa;
    • trí dhreasachtaí agus moltaí cuí a ghlacadh, gan dlíthe agus rialacháin náisiúnta a chomhchuibhiú.
  • Prionsabal bunúsach de chuid AE is ea saoirse gluaiseachta a bheith ag daoine. Sa spórt, áirithítear leis sin gur féidir, go ginearálta, le gairmithe agus amaitéaraigh gluaiseacht faoi shaoirse ó thír amháin go tír eile.
  • Fágann an prionsabal nach gceadaítear rialacha ina léirítear idirdhealú díreach, amhail cuótaí ar bhonn náisiúntachta, sa spórt gairmiúil.
  • I gcleachtas, féadfar srianta teoranta, comhréireacha, atá idirdhealaitheach ar bhonn indíreach, a chur ar an tsaorghluaiseacht, ar an gcoinníoll go bhfuil cuspóir dlisteanach ann ina dtaobh agus go bhfuil siad comhréireach. Aithnítear sain-nádúr an spóirt sna srianta sin agus áirítear leo:
    • an ceart chun gan ach lúthchleasaithe agus imreoirí náisiúnta a roghnú chun ionadaíocht a dhéanamh ar son a dtíre;
    • an gá teorainn a chur le líon na rannpháirtithe i gcomórtas;
    • leas a bhaint as spriocdhátaí maidir le haistriú imreoirí i spóirt foirne;
    • rialacha cúitimh maidir le himreoirí óga a earcú agus oiliúint a chur orthu.
  • Tá feidhm ag airteagail eile sa chonradh lena gcuirtear cosc ar idirdhealú náisiúnta (Airteagal 18 agus Airteagal 45) agus ina rathaítear an ceart chun cónaí i dtír eile in AE (Airteagal 21) agus saoirse bhunaíochta agus soláthar seirbhísí (Airteagal 49 agus Airteagal 56) ina leith seo a leanas:
    • lúthchleasaithe gairmiúla agus leathghairmiúla (i gcáil oibrithe),
    • teagascóirí, cóitseálaithe agus oiliúnóirí (i gcáil soláthraithe seirbhísí),
    • lúthchleasaithe amaitéaracha (i gcáil shaoránaigh AE).

CÚLRA

  • Is iad rialtais náisiúnta agus ceanneagraíochtaí rialaithe spóirt a leagann síos na rialacha maidir le gluaiseacht lúthchleasaithe. Mar sin féin, tá ról ag AE lena áirithiú nach mbeidh idirdhealú éagórach mar thoradh orthu sin ná nach rachaidh siad i gcion ar chearta duine aonair i dtaobh fostaíochta.
  • Tá soiléiriú déanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar na cearta sin i roinnt breithiúnas. Ba é rialú Bosman 1995 an ceann ba shuntasaí díobh sin. Bhain sé sin le rialacha aistrithe sa pheil mar bhac ar an tsaorghluaiseacht agus le cuótaí náisiúnta mar chineál idirdhealaithe dhírigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 120-121)

Nuashonraithe 12.09.2016

Top