Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE na rialacha AE le haghaidh:
na dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha;
na catagóirí alcóil agus deochanna alcólacha atá faoi réir dleachtanna máil; agus
an bunús lena ríomhtar an dleacht.
Glacadh Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
d’fhonn roinnt de na rialacha i dTreoir 92/83/CEE a nuashonrú agus a shoiléiriú - rialacha ónar tháinig nósanna imeachta riaracháin a bhí róthrom do riaracháin chánach agus do ghnólachtaí araon, gan gá ar bith leis;
d’fhonn na rialacha a nuashonrú lena gceadaítear do thíortha AE rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí alcólacha áirithe;
d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha maidir le socrú na dleachta máil ar bheoir a áirithiú, nach foláir coinníollacha a leagan síos do thomhas na gcéimeanna Plato1 ina leith agus d’fhonn aistriú réidh chuig modheolaíocht chomhchuibhithe dá thomhas a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Beoir
De réir Threoir 92/83/CE
Bunaítear an dleacht mháil a ghearrtar ar bheoir ar líon na heictilítear/gcéimeanna Plato nó ar líon na heictilítear/gcéimeanna alcóil de réir thoirt an táirge críochnaithe.
Féadfaidh tíortha AE beoracha a roinnt ina gcatagóirí lena mbaineann líon nach mó ná 4 chéim Plato, agus féadfaidh siad an ráta dleachta céanna in aghaidh an heictilítir a ghearradh ar gach beoir i ngach catagóir.
Féadfar rátaí laghdaithe dleachta máil a ghearradh ar bheoir a ghrúdaítear i ngrúdlanna beaga neamhspleácha, ar an gcoinníoll go bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis na rátaí sin:
ní chuirtear i bhfeidhm iad maidir le grúdairí a tháirgeann breis is 200,000 hl beorach sa bhliain;
níl siad níos mó ná 50 % faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil.
Ní mór go gcuirfí rátaí laghdaithe i bhfeidhm go cothrom ar bheoir arna seachadadh chun na tíre sin ó ghrúdlanna beaga atá lonnaithe i dtíortha eile AE.
Féadfar rátaí laghdaithe, a d’fhéadfadh a bheith faoi bhun an íosráta, a chur i bhfeidhm maidir le beoracha níos laige, i.e. na cinn úd a bhfuil neart uasta alcóil 2.8 % acu de réir toirte (a mhéadófar chuig 3.5% de réir toirte ón , le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151).
I gcás na beorach milsithe nó blaistithe, leagtar síos i dTreoir leasaitheach (AE) 2020/1151 cur chuige comhchuibhithe do thomhas na gcéimeanna Plato. Déantar amhlaidh chun a áirithiú go dtugtar san áireamh comhábhair na beorach a chuirtear léi tar éis a coipthe d’fhonn na céimeanna Plato a thomhas. Ceadaítear leis an treoir leasaitheach do thíortha AE nach raibh comhábhair na beorach a cuireadh léi tar éis a coipthe curtha san áireamh acu an chun céimeanna Plata a thomhas, chun leanúint ar aghaidh ag úsáid na modheolaíochta a chuirtear i bhfeidhm i láthair na huaire le haghaidh idirthréimhse go dtí an .
Fíon, deochanna coipthe eile agus táirgí idirmheánacha
I ndáil leis na táirgí sin, socraítear na rialacha seo a leanas i dTreoir 92/83/CEE.
Bunaítear an dleacht a ghearrtar ar fhíon gan súilíní agus fíon súilíneach agus deochanna coipthe eile (e.g. ceirtlis agus seiris) agus táirgí idirmheánacha (e.g. portfhíon agus seiris) ar líon na heictilítear sa táirge críochnaithe.
Ní mór do thíortha AE an ráta dleachta céanna a thobhach i ngach catagóir deochanna.
Féadfar ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le haon chineál fíona eile agus deochanna coipthe eile ag a bhfuil neart uasta alcóil 8.5 % de réir toirte.
Féadfaidh tíortha AE ráta laghdaithe singil a chur i bhfeidhm maidir le táirgí idirmheánacha ag a bhfuil neart uasta alcóil 15 % de réir toirte, más amhlaidh:
nach bhfuil an ráta sin níos mó ná 40 % faoi bhun an ráta chaighdeánaigh náisiúnta;
nach lú an ráta sin ná an ráta caighdeánach atá curtha i bhfeidhm maidir le fíon gan súilíní agus deochanna coipthe eile gan súilíní.
Ceadaítear le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
do thíortha AE rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm maidir le fíon a tháirgeann táirgeoirí fíona beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
caithfidh nach gcuirtear na rátaí laghdaithe i bhfeidhm maidir le gnóthais a tháirgeann níos mó ná 1,000 hl fíona ar an meán, nó i gcás Mhálta, níos mó ná 20,000 hl fíona in aghaidh na bliana
ní foláir nach socraítear na rátaí laghdaithe níos mó ná 50% faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil;
do thíortha AE rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm maidir le táirgeoirí beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
suas le 15,000 hl le haghaidh deochanna coipthe eile agus
suas le 250 hl le haghaidh táirgí idirmheánacha.
Biotáille
Is iad seo a leanas na príomhrialacha faoi Threoir 92/83/CEE.
Ríomhtar an dleacht a ghearrtar ar fhíoralcól agus ar dheochanna biotáilleacha in aghaidh an heictilítir fíoralcóil, nuair a thomhaistear iad ag teocht 20°C.
Féadfar rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le halcól eitile (eatánól) a tháirgeann grúdlanna beaga ina dtáirgtear suas le 10 hl fíoralcóil in aghaidh na bliana; ní fhéadfaidh sé sin a bheith níos mó ná 50% faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil, áfach.
Ní mór do thíortha AE aon ráta laghdaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm go cothrom ar eatánól a thagann ó ghrúdlanna beaga i dtíortha eile AE.
Maidir leis an mbiotáille, leasaítear le Treoir (AE) 2020/1151 na rialacha a cheadaíonn do thíortha áirithe AE ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le heatánól a tháirgtear i ndrioglanna na saothróirí torthaí ó thorthaí (amhail úlla, piorraí, prabhait fíonchaoire agus caora).
Díolúintí
De réir na gcoinníollacha a leagann tíortha AE síos chun a gcur i bhfeidhm ceart agus furasta a áirithiú agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí–úsáid a chosc; ceadaítear le Treoir 92/83/CEE do tháirgí a bheith díolmhaithe ón dleacht mháil más rud é:
go bhfuil siad dínádúraithe2 i gcomhréir ceanglais tíre ar bith de chuid AE;
go bhfuil siad dínádúraithe agus gur úsáideadh iad chun táirgí a dhéanamh nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
gur úsáideadh iad chun fínéagar, cógais, bia-ábhair nó blaisteáin bhia a tháirgeadh.
Ón , le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
ceanglófar ar thíortha AE an t–alcól dínádúraithe a dhíolmhú ón dleacht mháil go hiomlán ar dí–nádúraíodh go hiomlán é i dtír eile AE, i gcomhréir leis an modh a bhí údaraithe ag an tír eile sin;
ceadófar do thíortha AE, de réir roinnt coinníollacha, táirgí a chlúdaítear i dTreoir 92/83/CEE a dhíolmhú ó dhleacht mháil chomhchuibhithe nuair a bhainfear úsáid astu i monarú na bhforbhianna (de réir Threoir 2002/46/CE i ndáil le forbhianna — féach an achoimre);
soiléireofar nósanna imeachta maidir le fógairt athruithe sna ceanglais maidir le dínádúrú iomlán an alcóil.
Comhchóras deimhniúcháin nua a thabhairt isteach do tháirgeoirí beaga neamhspleácha gach cineál alcól agus deochanna alcólacha
Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
tugtar comhchóras deimhniúcháin isteach san Aontas Eorpach leis chun stádas na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha a dheimhniú, a bheidh inaitheanta i ngach tír AE;
Tá feidhm ag Treoir 92/83/CEE ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .
Ní mór dlí a dhéanamh de Threoir leasaitheach (AE) 2020/1151 i dtíortha AE faoin . Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh rialacha na treorach a chur i bhfeidhm ón i leith.
Céimeanna Plato: is le líon na gcéimeanna Plato a thomhaistear an céatadán meáchain den bhun–eastóscán in aghaidh 100 gram beorach. Ríomhtar an luach sin ón eastóscán iarbhír agus ón alcól a fhaightear sa táirge críochnaithe.
Alcól dínádúraithe: alcól eitile atá mí–oiriúnach lena ól toisc gur cuireadh ceimiceán amháin nó níos mó leis.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, , lgh. 21-27)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/83/CEE a ionchorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2020/1151 (AE) ón gComhairle an lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, , lgh. 1-10)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, , lgh. 51-57)