EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Iompar abhann sábháilte agus éifeachtúil: seirbhísí faisnéise tráchta abhann

Iompar abhann sábháilte agus éifeachtúil: seirbhísí faisnéise tráchta abhann

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe (RIS) ar uiscebhealaí intíre AE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar síos inti na rialacha maidir le húsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS)*. Tá na rialacha sin ceaptha chun sábháilteacht, éifeachtúlacht uiscebhealaí intíre in AE agus a oireann siad don chomhshaol a áirithiú. Tá feidhm leo i gcás canálacha, aibhneacha, lochanna agus calafort atá in ann soithí idir 1,000 agus 1,500 tona a ghlacadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Áirítear le seirbhísí faisnéise tráchta abhann:
    • sonraí geografacha, hidreolaíocha agus riaracháin ar uiscebhealaí (“faisnéis ar sheolbhealaí”);
    • sonraí atá ábhartha maidir le loingseoireacht sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma (“faisnéis tráchta oirbheartaíoch agus straitéiseach”);
    • gníomh i gcás taisme (“tacaíocht laghdaithe tubaiste”);
    • staidreamh, seirbhísí custam, muirir uiscebhealaí agus dleachtanna calafoirt.
  • Ní mór do thíortha AE:
    • a áirithiú go bhfuil a seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) éifeachtúil, go gcumasaíonn siad leathnú agus go bhfuiltear in ann iad a chomhordú le córais eile;
    • na sonraí ábhartha a chur ar fáil d’úsáideoirí RIS maidir le pleanáil loingseoireachta agus aistear;
    • ionaid RIS a bhunú de réir riachtanais réigiúnacha;
    • údaráis a ainmniú chun formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú RIS agus ar mhalartú sonraí idirnáisiúnta.
  • Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as na treoirlínte teicniúla a leagan síos, trí spriocdhátaí comhaontaithe, chun RIS a phleanáil, a chur chun feidhme agus a úsáid ar bhonn oibríochta. Cuimsítear leo sin:
    • taispeáint cairte leictreonaí agus córas faisnéise;
    • tuairisciú leictreonach long;
    • fógraí do scipéirí;
    • rianú soitheach agus córais rianaithe;
    • oiriúnacht an trealaimh RIS.
  • Tá ceanglais teicniúla RIS forbartha ag an gCoimisiún, le cúnamh ó choiste saineolaithe náisiúnta.

Clár gníomhaíochta

In 2006, chuir an Coimisiún teachtaireacht i láthair ar chlár gníomhaíochta comhtháite AE um iompar ar uiscebhealaí intíre. Tugtar Naiades (gníomh agus forbairt uiscebhealaí loingseoireachta agus intíre san Eoraip), ar an gclár agus rinneadh nuashonrú air in 2013 (Naiades II) agus leagadh cuspóirí sonracha amach ann suas go dtí 2020. Tá sé mar aidhm le teachtaireacht Naiades II an Choimisiúin na dálaí a chruthú ionas go mbeidh iompar loingseoireachta intíre ina mhodh iompair ar ardchaighdeán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 20 Deireadh Fómhair 2005. B’éigean do thíortha AE é a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 20 Deireadh Fómhair 2007.

CÚLRA

  • Tá os cionn 37,000 km de chanálacha agus aibhneacha in AE a nascann príomhbhailte agus limistéir eacnamaíocha. Rannchuidíonn na huiscebhealaí intíre sin go mór le córas iompair inbhuanaithe, agus laghdaítear brú tráchta agus truailliú ar bhóithre AE dá mbarr.
  • Tairseach na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS): tacaíonn siad seo le bainistiú trácht agus iompar loingseoireachta intíre agus, nuair is indéanta, bíonn comhordú idir iad féin agus modhanna eile iompair.

GNÍOMH

Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 152-159)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Threoir 2005/44/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 25.07.2016

Top