Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoráidí calafoirt don dramhaíl a ghintear ar longa agus d’iarmhair lasta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Saoráidí calafoirt le haghaidh dramhaíl ó longa, lena n–áirítear iarmhar lasta' for an updated information about the subject.

Saoráidí calafoirt don dramhaíl a ghintear ar longa agus d’iarmhair lasta

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/59/CE maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long agus d'iarmhair lasta

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Faoin treoir seo, cuirtear feabhas ar infhaighteacht agus ar úsáid saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar longa agus d’iarmhair lasta.

Leagtar córas forfheidhmithe amach sa treoir freisin, córas iniúchtaí agus malartaithe faisnéise san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear sa treoir:

  • gach long, beag beann ar bhratach na loinge, a thugann cuairt ar chalafort de thír AE, ach amháin longa cogaidh agus longa ar le stát iad nó atá á bhfeidhmiú ag Stát ar chúiseanna rialtasacha neamhthráchtála;
  • gach calafort i dtíortha AE a úsáideann na longa sin de ghnáth.

Ní mór do na tíortha AE a chinntiú:

  • go gcomhlíonann na saoráidí glactha calafoirt riachtanais na longa a úsáideann na calafoirt, gan mhoill mhór a bheith i gceist;
  • go ndéantar na saoráidí glactha calafoirt a oiriúnú do mhéid an chalafoirt agus do na catagóirí long a thugann cuairt orthu, toisc go dtugann níos mó tráchta, agus longa níos mó, cuairt ar na calafoirt mhóra de ghnáth.

Glacadh agus láimhseáil dramhaíola

Ní mór plean maidir le glacadh dramhaíola agus lena láimhseáil a dhréachtú le haghaidh gach calafoirt. Ansin, ní mór don tír AE lena mbaineann na pleananna sin a mheas agus a cheadú. Ní mór na pleananna ceadaithe a athcheadú gach 3 bliana.

Fógra

Ní mór do chaptaein long (ach amháin báid iascaireachta agus árthaí áineasa ar féidir 12 phaisinéir nó níos lú taisteal), atá ag taisteal chuig calafort AE, faisnéis áirithe a chur in iúl, go háirithe:

  • an calafort roimhe sin ar fágadh dramhaíl a ghintear ar an long ann, agus an dáta a rinneadh é sin;
  • cineálacha agus méideanna na dramhaíola agus na n-iarmhar a dhéanfar a fhágáil sa chalafort agus/nó a choimeádfar ar bord, mar aon le céatadán an uaschumais stórála.

Seachadadh

Ní mór dramhaíl a ghintear ar an long a chur faoi chúram údarás glactha calafoirt sula bhfágfaidh an long an calafort AE, ach amháin más féidir leis an gcaptaen a chruthú go bhfuil dóthain stórais thiomnaithe ag an árthach chun an calafort seachadta a shroicheadh. Sa chás sin, áfach, is féidir le tír AE a éileamh ar fhoireann long an dramhaíl a chur faoi chúram údaráis sula bhfágfaidh an long an calafort, má tá cúis réasúnach ann le creidiúint:

  • nach bhfuil saoráidí leordhóthanacha ag an gcalafort sprice;
  • nó, nach bhfuil an calafort sprice ar eolas;
  • agus, mar sin, go bhfuil baol ann go ndéanfar an dramhaíl a dhiúscairt san fharraige.

Iniúchtaí

Ní mór iniúchadh a dhéanamh ar 25 % ar a laghad de na longa a úsáideann calafort AE. Ní mór aird ar leith a dhíriú ar na longa:

  • ar theip orthu cloí leis an riachtanas fógra;
  • a mheastar nach ndearnadh a ndramhaíl a sheachadadh i gcomhréir leis an treoir.

Táillí dramhaíola

Ní mór córais chun costais a fháil ar ais a chur ar bun sna calafoirt chun seachadadh dramhaíola ar tír a spreagadh agus chun cur in aghaidh dhumpáil ar muir. Beidh cuid mhór den chostas (socraithe ag 30 % ag an gCoimisiún Eorpach) le híoc ag na longa a thugann cuairt ar chalafort AE, beag beann ar úsáid na saoráidí acu. D’fhéadfadh táillí difriúla a bheith le híoc, ag brath ar chatagóir, ar chineál agus ar mhéid na loinge. D’fhéadfaí na táillí a laghdú freisin más féidir le máistir na loinge a thaispeáint go ngintear níos lú dramhaíola ar an long toisc bhainistíocht chomhshaoil agus toisc dhearadh, trealamh agus feidhmiú na loinge.

Cur i bhfeidhm

Fuarthas amach i staidéar measúnaithe deiridh maidir le cur i bhfeidhm na treorach, a d’fhoilsigh an Coimisiún sa bhliain 2015, gur treoir atá ann atá éifeachtach, éifeachtúil agus ciallmhar i bpáirt. Aithníodh roinnt saincheisteanna freisin, a d’fhéadfaí dul i ngleic leo in athbhreithniú ar an treoir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 28 Nollaig 2000. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 28 Nollaig 2002.

CÚLRA

Is féidir cosaint na timpeallachta muirí a fheabhsú trí sceití den dramhaíl a ghintear ar longa agus d'fhuílligh lasta a ligtear isteach san fharraige a laghdú.

  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach “Saoráidí Glactha Calafoirt” ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí

GNÍOMH

Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar longa agus d’iarmhair lasta — Dearbhú ón gCoimisiún (IO L 332, 28.12.2000, lgh. 81–90)

Rinneadh na leasuithe leanúnacha ar Threoir 2000/59/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach faisnéise amháin.

Nuashonraithe 24.02.2016

Top