EUR-Lex Ingång till EU-rätten

Tillbaka till EUR-Lex förstasida

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Tolláin bóthair: rialacha sábháilteachta AE

Tolláin bóthair: rialacha sábháilteachta AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/54/CE maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasán Bóithre Tras-Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos íoschaighdeáin sábháilteachta inti maidir le gnéithe eagraíochtúla, struchtúracha, teicniúla agus oibríochta éagsúla de tholláin bóthair atá ina gcuid den bhonneagar tras-Eorpach iompair ainmnithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais sábháilteachta

  • Féachtar sa treoir lena áirithiú go gcloíonn gach tollán atá níos faide ná 500 méadar, cibé an bhfuil siad i mbun oibre, á dtógáil nó ag an gcéim deartha, agus atá mar chuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach, leis na ceanglais nua sábháilteachta comhchuibhithe.

Údarás riaracháin

  • Ní mór do gach tír AE údarás riaracháin amháin nó níos mó a ainmniú, a bheidh freagrach as gach gné de shábháilteacht tolláin. Glacann na húdaráis na bearta is gá lena áirithiú go gcomhlíontar an treoir.
  • Féadfar an t-údarás seo a bhunú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. I gcás tollán a ghabhann idir tíortha, is féidir le gach ceann de na tíortha údarás a cheapadh nó is féidir leis an dá thír comhúdarás a cheapadh.
  • Iarrtar réamh-údarú an údaráis nuair a dhéantar tollán nua a choimisiúnú nó má tá ceann atá ann cheana le hatógáil. Tá sé de chumhacht ag an údarás feidhmiú tolláin a chur ar fionraí nó a shrianadh mura gcomhlíontar na coinníollacha sábháilteachta.
  • Cinntíonn an t-údarás go gcuirtear na cúraimí seo a leanas i gcrích:
    • tolláin a thástáil agus a iniúchadh ar bhonn rialta agus na ceanglais sábháilteachta gaolmhara a dhréachtú;
    • scéimeanna eagrúcháin agus oibríochta a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear pleananna práinnfhreagartha) chun seirbhísí éigeandála a chur faoi oiliúint agus iad a fheistiú;
    • an nós imeachta a leagan síos chun tollán a dhúnadh láithreach i gcás éigeandála;
    • na bearta laghdaithe riosca is gá a chur chun feidhme.

Bainisteoir tolláin

  • Maidir le gach tollán atá suite ar chríoch thír AE, cibé acu an bhfuil sé ag an gcéim deartha, tógála nó oibríochta, aithníonn an t-údarás Bainisteoir Tolláin, an pobal nó comhlacht príobháideach a bheidh freagrach as bainistiú an tolláin ag an tráth atá i gceist. Ní mór don Bhainisteoir Tolláin tuarascáil a ullmhú i gcás ina dtarlaíonn aon teagmhas nó tionóisc mhór i dtollán.

Oifigeach sábháilteachta

  • Maidir le gach tollán, ainmneoidh an Bainisteoir Tolláin, le formheas roimh ré an údaráis riaracháin, Oifigeach Sábháilteachta a dhéanfaidh comhordú ar gach beart coisctheach agus cosanta lena áirithiú go mbeidh úsáideoirí agus an fhoireann oibríochtaí sábháilte. Beidh siad seo a leanas i measc chúraimí an Oifigigh Sábháilteachta:
    • comhordú leis na seirbhísí éigeandála agus páirt a ghlacadh in ullmhú scéimeanna oibríochta;
    • a bheith páirteach i bpleanáil, cur chun feidhme agus meastóireacht oibríochtaí éigeandála;
    • a bheith páirteach i bpleananna sábháilteachta agus sonraíochtaí suiteálacha bonneagair a dhréachtú;
    • a sheiceáil go bhfuil foireann oibríochta agus na seirbhísí éigeandála oilte, agus a bheith páirteach in eagrú cleachtaí a bhíonn ar siúl go rialta;
    • comhairle a thabhairt maidir le coimisiúnú struchtúr, threalamh agus oibriú na dtollán;
    • a sheiceáil go bhfuil struchtúr agus trealamh na dtollán á gcothabháil agus deisithe;
    • a bheith páirteach i meastóireacht ar aon teagmhas nó tionóisc mhór.

Cigireachtaí tréimhsiúla

  • Cinntíonn tíortha AE go ndéanann comhlachtaí cigireachta cigireachtaí, meastóireachtaí agus tástálacha.
  • Deimhníonn an t-údarás riaracháin go ndéanann an comhlacht cigireachta cigireachtaí rialta lena áirithiú go bhfuil gach tollán atá laistigh de raon feidhme na treorach seo ag comhlíonadh a cuid rialacha.
  • Níor chóir don tréimhse idir dhá chigireacht leanúnacha ar aon tollán ar leith a bheith níos faide ná 6 bliana.

Anailís riosca

  • Déanann comhlacht neamhspleách anailís riosca, bunaithe ar mhodheolaíocht aonair atá sainithe ar leibhéal náisiúnta, ar iarratas ón údarás riaracháin, maidir le tollán ar leith. Cuirtear san áireamh ann gach fachtóir deartha agus coinníoll tráchta a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht, eadhon saintréithe tráchta agus cineál, fad agus geoiméadracht an tolláin, mar aon le líon réamh-mheasta na bhfeithiclí earraí troma a rachaidh tríd in aghaidh an lae.

Tuarascálacha

  • Gach 2 bhliain, tiomsaíonn tíortha AE tuarascálacha ar dhóiteáin i dtolláin agus ar thionóiscí a mbíonn tionchar soiléir acu ar shábháilteacht úsáideoirí bóthair i dtolláin, agus ar mhinicíocht agus cúiseanna teagmhas den sórt sin, agus déantar meastóireacht orthu agus tugtar faisnéis maidir le ról agus éifeachtacht iarbhír na saoráidí agus na mbeart sábháilteachta.

Oiriúnacht i dtaca le dul chun cinn teicniúil

  • Tá cumhachtaí ag an gCoimisiún na hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir seo a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn teicniúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 30 Aibreán 2004. B'éigean do thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 30 Aibreán 2006.

CÚLRA

Is bonneagair thábhachtacha iad tolláin atá riachtanach le haghaidh iompar fad-achair agus chun geilleagair réigiúnacha AE a fhorbairt. Mar sin féin, is féidir le tionóiscí i dtolláin, go háirithe dóiteáin, iarmhairtí drámata a bheith acu agus luíonn siad go trom ar dhaoine i dtéarmaí beatha an duine, brú tráchta méadaithe, truailliú agus costais deisiúcháin.

  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Tolláin” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasán Bóithre Tras-Eorpach (IO L 167, 30.4.2004, lgh. 39-91)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/54/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 20.10.2016

Upp