Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile

Cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 86/635/CEE maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar léi le formáid agus ábhair na gcuntas bliantúil a chomhchuibhiú, lena n-áirítear cuntais chomhdhlúite*, na n-institiúidí airgeadais uile laistigh den Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le formhór na n-institiúidí creidmheasa (e.g. bainc) agus institiúidí airgeadais eile, le cúpla eisceacht amhail iad seo a leanas:
    • An Ghréig: ETEBA (an Banc Náisiúnta Infheistíochta d’Fhorbairt Tionscail);
    • Éire: cumainn tionscail agus choigiltis*;
    • An Ríocht Aontaithe (1): cara-chumainn* agus cumainn tionscail agus choigiltis.
  • Leagan amach caighdeánach an chláir chomhardaithe: léirítear sócmhainní agus dliteanais in ord íslitheach leachtachta.
  • Tá rialacha speisialta ann maidir le míreanna áirithe ar an gclár comhardaithe amhail airgead tirim ar láimh, billí státchiste, iasachtaí agus réamhíocaíochtaí le hinstitiúidí creidmheasa, méideanna atá dlite d’institiúidí creidmheasa, etc.
  • Tá 2 leagan amach chaighdeánacha ann do chuntas brabúis agus caillteanais: leagan amach ceartingearach agus leagan amach cothrománach.
  • Tá rialacha speisialta ann le haghaidh míreanna áirithe sa chuntas brabúis agus caillteanais amhail ús infhála, ioncam ó urrúis, glanbhrabús nó glanchaillteanas ar oibríochtaí airgeadais, etc.
  • Tá rialacha luachála ann maidir le sócmhainní, sócmhainní seasta airgeadais, urrúis arna sealbhú ag institiúidí creidmheasa, urrúis inaistrithe, iasachtaí agus réamhíocaíochtaí, urrúis toraidh athraithigh*, agus sócmhainní agus dliteanais atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.
  • Tá liosta mionsonraithe ann d’ábhair riachtanacha na nótaí ar na cuntais.
  • Tá rialacha ar leith ann i dtaca le cuntais chomhdhlúite a dhréachtú.
  • Tá foilsiú cuntas bliantúil leagtha síos leis an dlí náisiúnta. Sa chás nach bhfoilsítear an tuarascáil bhliantúil, ní mór cóipeanna a chur ar fáil ag praghas nach mó é ná a gcostas riaracháin.
  • Tá lamháltais speisialta ann do bhainc taisce phoiblí. Mar shampla, sa chás go gcoimeádtar iniúchóireacht reachtúil do chomhlacht maoirseachta reatha, ní theastaíonn iniúchadh ar leith.
  • Tá sé mar aidhm le Treoir 2006/43/CE feabhas a chur ar inchreidteacht faisnéise airgeadais agus méadú a dhéanamh ar chosaint AE i gcoinne scannal airgeadais. Tá rialacha inti, i measc nithe eile, ar an gceanglas maidir le dearbhú cáilíochta seachtrach (e.g. ní mór don dearbhú cáilíochta seo a bheith neamhspleách ó na hiniúchóirí reachtúla agus ó ghnóthais iniúchóireachta athbhreithnithe agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí), úsáid na gcaighdeán idirnáisiúnta, dualgais na n-iniúchóirí reachtúla agus na prionsabail maidir le neamhspleáchas iniúchóirí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí í bhfeidhm ón 23 Nollaig 1986. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1990.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuntais chomhdhlúite: sa chás ina bhfuil cuntais grúpa cuideachtaí ina gcuimsítear an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí comhcheangailte.
Cumainn tionscail agus choigiltis: in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe (1), cineál cumainn fhrithpháirtigh, ar eintiteas dlíthiúil é agus atá faoi úinéireacht a bhall, a reáchtáiltear mar chomharchumann nó chun sochair an phobail.
Cara-chumainn: sa Ríocht Aontaithe (1), cineál cumainn fhrithpháirtigh a sholáthraíonn sochair dá bhaill amhail árachas saoil agus a sholáthraíonn fóirithint nó liúntas cothaithe le linn breoiteachta, dífhostaíochta agus scoir.
Urrúis toraidh athraithigh: urrúis lena bhfaigheann a n-úinéirí ioncam a d’fhéadfadh athrú le himeacht ama.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lgh. 1–17)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 86/635/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche faisnéise atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle maidir le cineálacha áirithe cuideachtaí, Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite, Treoir 86/635/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile agus Treoir 91/674/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 224, 16.8.2006, lgh. 1–7)

Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lgh. 87–107)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 19.09.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top