Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An comhrac i gcoinne ghalar Newcastle

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

An comhrac i gcoinne ghalar Newcastle

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/66/CEE — Bearta AE chun galar Newcastle a rialú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Galar fíor-thógálach is ea galar Newcastle in éanlaithe clóis agus éin eile, a théann i gcion go háirithe ar thairgeadh uibheacha, le torthaí tromchúiseacha socheacnamaíocha. Is é aidhm na treorach sainmhíniú a thabhairt ar fhreagairt thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) ar ráigeanna amhrasta agus dearbhaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baineann an treoir le héanlaithe clóis agus éin eile i mbraighdeanas, lena n-áirítear colúir rásaíochta.
  • Má tá amhras ann go bhfuil éanlaithe clóis ar ghabháltas ionfhabhtaithe nó éillithe le galar Newcastle ba chóir fógra a thabhairt do na húdaráis ábhartha láithreach, an gabháltas a chur faoi fhaireachas oifigiúil, agus na bearta seo a leanas a chur ar bun:
    • na héanlaithe clóis lena mbaineann a choimeád gan teagmháil le héanlaithe clóis eile;
    • gan aon ghluaiseacht neamhúdaraithe de dhaoine, feithiclí, ainmhithe eile, feoil éanlaithe clóis, uibheacha, beathú, dramhaíl, uirlisí nó aon rud eile is dócha a tharchuirfeadh an galar;
    • socruithe díghalraithe ag bealaí isteach agus bealaí amach sna foirgnimh ina bhfuil éanlaithe clóis agus sa ghabháltas féin;
    • féadfar gabháltais eile a chur faoi fhaireachas má tá cúis ann le bheith amhrasach faoi éilliú.
  • dheimhnítear an galar, áireofar leis na bearta a chuirfear ar bun:
    • ní mór na héanlaithe clóis ar an ngabháltas a mharú;
    • ní mór ábhair éillithe a scrios nó a chóireáil;
    • ní mór uibheacha agus feoil ó éanlaithe clóis a maraíodh le linn na tréimhse goir measta a scrios;
    • ní mór foirgnimh a úsáidtear mar thithíocht d’éanlaithe clóis a ghlanadh agus a dhíghalrú;
    • ní ceadmhach d’éanlaithe clóis dul isteach sa ghabháltas arís go dtí 21 lá ar a laghad i ndiaidh na glantóireachta;
    • ní mór crios cosanta, 3 km ar a laghad, laistigh de chrios faireachais, 10 km, a bhunú timpeall na láithreach ar feadh 21 lá ar a laghad, le seiceálacha oifigiúla, scrúduithe cliniciúla agus éanlaithe clóis ar leithlis.
  • Ní mór do thíortha AE saotharlann náisiúnta a shainiú chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar an ngalar, ag obair i gcomhar le tíortha AE eile agus saotharlann tagartha AE do ghalar Newcastle, atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe (1).
  • Féadfar vacsaíniú ceadaithe i gcoinne an ghalair a dhéanamh chomh maith le vacsaíniú éigeandála má tharlaíonn ráig.
  • Ní mór do gach tír AE a plean teagmhais a dhréachtú chun freagairt don ghalar, ag comhlíonadh nósanna imeachta sa treoir seo, lena n-áirítear lárionad géarchéime agus lárionaid rialaithe galair áitiúla a bhunú. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún Eorpach spotseiceálacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil a ndualgais á gcomhlíonadh go hiomlán ag na forais seo.
  • Féadfaidh tíortha AE cúnamh airgeadais a éileamh chun cuidiú le galar Newcastle a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh 90/424/CEE.
  • Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún galar Newcastle a bhainistiú.

Aisghairm

Déanfar an treoir a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 29 Iúil 1992. Bhí ar thíortha AE í a chorprú sa dlí náisiúnta faoin 1 Deireadh Fómhair 1993.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/66/CEE ón gComhairle an 14 Iúil 1992 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle (IO L 260, 5.9.1992, lgh. 1-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Treoir 92/66/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 26.10.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top