Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tionscail mhiotail iomaíocha Eorpacha

Tionscail mhiotail iomaíocha Eorpacha

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2008) 108 final) ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas na dtionscal miotal — Rannchuidiú le straitéis AE don fhás agus do phoist

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti treoirlínte ginearálta chun tionscail mhiotal an Aontais Eorpaigh (AE) agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh le díriú ar nuálaíocht agus ar fhuinneamh a sholáthar ar phraghsanna iomaíocha gan neamhaird a thabhairt ar ghnéithe an chomhshaoil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Saintréithe

Sainghné sna tionscail mhiotail is ea an dá phríomhghné seo a leanas:

  • déine caipitil — teastaíonn infheistíochtaí an-mhór uathu sa teicneolaíocht agus i dtrealamh a mhaireann ar feadh tamall an-fhada ansin;
  • úsáid ardfhuinnimh — teastaíonn úsáid an-ard fuinnimh i leith an phróisis táirgthe (idir 10 % agus 3 7% de na costais lena mbaineann).

Dúshláin

Leagtar amach roinnt dúshlán sa teachtaireacht atá le sárú ag na tionscail mhiotail lena n-áirítear:

  • Tábhacht na n-amhabhár — ardspleáchas ar mhianta agus ar thiúcháin* ó thíortha neamh-AE.
  • A n-áit i ngeilleagar AE agus an tábhacht do gheilleagar AE — cuid de líonra earnálacha lena n-áirítear earnálacha na monaraíochta (e.g. carranna agus tógáil). In 2005, ba ionann láimhdeachas na dtionscal agus 5 % d’iomlán mhonaraíocht AE.
  • Struchtúr tionscail agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) — ciallaíonn na hinfheistíochtaí móra caipitil a bhaineann leis an tionscal a chur ar bun agus a oibriú go bhfuil bacainní struchtúracha ann lena gcuirtear cosc ar FBManna dul isteach sa tionscal; bíonn ceannas ag na cuideachtaí móra ar an margadh a oibríonn ar leibhéal domhanda go minic.
  • Tionchar an domhandaithe agus na ngeilleagar úr atá ag teacht chun cinn — déantar formhór na miotal agus a n-amhábhar a thrádáil i margaí domhanda. Tá méadú tagtha ar an éileamh le forbairt na ngeilleagar atá ag teacht chun cinn, rud a chuireann brú ar sholáthairtí agus ar phraghsanna.
  • Iomaíochas — Tá a sciar de tháirgeadh miotal an domhain á chailleadh ag tíortha AE agus braitheann tionscail mhiotal AE go mór ar phraghsanna fuinnimh agus ar ábhair allmhairithe.
  • Peirspictíocht shóisialta — tá lucht saothair atá ag dul in aois sa tionscal cruach agus tá gá ann le húsáid níos fearr a bhaint as struchtúir oiliúna.
  • Comhshaol — tá táirgeadh miotal dian ar fhuinneamh agus bíonn éifeachtaí aige ar an gcomhshaol.

Cur chuige comhtháite

Mhol an Coimisiún Eorpach cur chuige comhtháite maidir le feabhas a chur ar iomaíochas tionscal lena n-áirítear roinnt gnéithe:

  • soláthar fuinnimh ar phraghsanna iomaíocha a chinntiú, trí mhargaí fuinnimh atá ag feidhmiú go maith;
  • na dálaí a chruthú lena bhféadfaidh an earnáil cuspóirí bheartas AE um chomhshaol agus um athrú aeráide a bhaint amach;
  • scileanna taighde agus forbartha agus nuálaíochta a spreagadh;
  • margaí domhanda oscailte agus iomaíocha a chruthú agus fáil réidh le saobhadh sa trádáil i miotail agus in amhábhair.

Ní mór na spriocanna ginearálta sin a bhaint amach trí chláir AE chomh maith le gníomhaíocht shonrach i réimsí éagsúla beartais arna déanamh ag údaráis náisiúnta phoiblí agus ag an gCoimisiún:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tiúcháin: an táirge a tháirgtear de ghnáth le mianta miotail fheiriúil ón amh-mhian tríd an eisíontas a bhaint amach agus an miotal a dhlúthú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le hiomaíochas na dtionscal miotal — Rannchuidiú le straitéis AE don fhás agus do phoist (COM(2008) 108 final, 22.2.2008)

Nuashonraithe 17.01.2017

Top