Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar feabhsaithe AE i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Comhar feabhsaithe AE i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint

 

ACHOIMRE AR:

Dearbhú ó na hAirí Eorpacha i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint, agus an Coimisiún Eorpach maidir le comhar feabhsaithe Eorpach i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint

CAD IS AIDHM LEIS AN DEARBHÚ SEO?

  • Leagtar síos ann tosaíochtaí phróiseas Chóbanhávan maidir le comhar Eorpach feabhsaithe i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint (VET).
  • Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas seo feidhmíocht, cáilíocht agus tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fheabhsú san Eoraip. Féachtar ann le húsáid na ndeiseanna gairmoiliúna éagsúla a spreagadh laistigh de chomhthéacs foghlama ar feadh an tsaoil (FFS) * agus le cuidiú ó na huirlisí FFS.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is cuid lárnach é próiseas Chóbanhávan den tsraith straitéiseach rialacha ar “Oideachas agus oiliúint” (ET 2020) agus féachtar ann le rannchuidiú le spriocanna straitéis Eoraip 2020 a bhaineann le hoideachas a bhaint amach.

Cuimsítear sa phróiseas:

  • gné pholaitiúil a bhfuil sé mar aidhm léi cuspóirí coiteanna Eorpacha a bhunú agus córais náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna a leasú;
  • comhchreata agus uirlisí Eorpacha a fhorbairt trína méadaítear trédhearcacht agus cáilíocht inniúlachtaí agus cáilíochtaí agus trína n-éascaítear soghluaisteacht;
  • comhar d’fhonn foghlaim fhrithpháirteach ar leibhéal Eorpach a chothú agus gach páirtí leasmhar ábhartha a bheith bainteach leis ar an leibhéal náisiúnta.

Tosaíochtaí

Foráiltear leis na tosaíochtaí atá leagtha síos le Dearbhú Chóbanhávan an bunús maidir le comhar deonach i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint. Le sprioc 2010, bhí sé mar aidhm leo:

  • an ghné Eorpach i ngairmoideachas agus gairmoiliúint a atreisiú;
  • faisnéis, treoir, comhairleoireacht agus trédhearcacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú;
  • uirlisí a fhorbairt le haghaidh aitheantas agus bailíochtú frithpháirteach inniúlachtaí agus cáilíochtaí;
  • dearbhú cáilíochta a fheabhsú i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint.

Mórghníomhartha

De bharr sraith teachtaireachtaí (communiqués) leagadh síos mar a d’éirigh le AE na spriocanna sin a bhaint amach mar aon leis na bearta a glacadh chun comhar i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint a fheabhsú tuilleadh.

Deimhníodh in Maastricht Communiqué 2004 cé chomh maith is a d’éirigh le próiseas Chóbanhávan ó thaobh infheictheacht agus phróifíl an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a ardú ar leibhéal Eorpach. D’fhorbair sé freisin na tosaíochtaí atá leagtha amach le Dearbhú Chóbanhávan agus leagadh amach ann tosaíochtaí sonracha le haghaidh obair ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint ar leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear:

  • infheistíocht phoiblí/phríobháideach i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint a mhéadú;
  • córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí;
  • timpeallachtaí atá báúil don fhoghlaim a fhorbairt in institiúidí oideachais agus san ionad oibre araon;
  • forbairt inniúlachta leanúnaí múinteoirí agus oiliúnóirí gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun cinn.

Rinneadh measúnú in Helsinki Communiqué 2006 ar phróiseas Chóbanhávan agus rinneadh athbhreithniú ar a thosaíochtaí agus straitéisí. Tugadh roinnt mórghníomhartha faoi deara, lena n-áirítear:

Rinneadh athbhreithniú in Bordeaux Communiqué 2008 ar thosaíochtaí agus ar straitéisí phróiseas Chóbanhávan i bhfianaise clár oideachais agus oiliúna amach anseo tar éis 2010. Fuarthas amach go raibh an próiseas éifeachtach ó thaobh íomhá an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chur chun cinn agus gur coinníodh éagsúlacht na gcóras náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna ag an am céanna. Mar sin féin, iarradh spreagadh nua, go háirithe maidir leo seo a leanas:

  • cur i bhfeidhm uirlisí agus scéimeanna gairmoideachais agus gairmoiliúna chun comhar a chur chun cinn ar leibhéil Eorpacha agus náisiúnta;
  • naisc níos fearr a chruthú idir gairmoideachas agus gairmoiliúint agus margadh an tsaothair;
  • comhdhlúthú ar shocruithe comhair san Eoraip.

Leagadh síos in Bruges Communiqué 2010 cuspóirí straitéiseacha fadtéarmacha le haghaidh comhar Eorpach i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint don tréimhse 2011-2020, mar aon leis an 22 bunsprioc inghnóthaithe gearrthéarmach don tréimhse 2011-2014, ina soláthraítear gníomhaíochtaí tairbhiúla ar an leibhéal náisiúnta chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tarraingíodh na cuspóirí sin, agus iad fós bunaithe ar phrionsabail phróiseas Chóbanhávan, ó mhórghníomhartha roimhe seo ach bhí sé mar aidhm leo freisin freagairt do dhúshláin reatha agus do dhúshláin amach anseo.

Measadh ina chonclúidí gur éirigh le próiseas Chóbanhávan sa mhéid seo a leanas:

  • cuidiú go suntasach chun feasacht a ardú maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint ar leibhéil Eorpacha agus náisiúnta, go háirithe trí na huirlisí, prionsabail agus treoirlínte coiteanna Eorpacha le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna;
  • leasuithe troma truiceartha ar tharla athrú i dtreo cur chuige maidir le torthaí foghlama dá mbarr.

Mheas sé ionas go bhfreagródh gairmoideachas agus gairmoiliúint do dhúshláin reatha agus sa todhchaí, nach mór do chórais oideachais agus oiliúna na hEorpa, i measc rudaí eile:

  • a bheith solúbtha agus ar ardchaighdeán;
  • cumhacht a thabhairt do dhaoine dul in oiriúint d’athrú agus é a bhainistiú trína chur ar a gcumas inniúlachtaí lárnacha a bhaint amach;
  • soghluaisteacht trasnáisiúnta foghlaimeoirí agus múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna a éascú agus a spreagadh.

Leagtar síos i gConclúidí Ríge liosta de bhunspriocanna nua inghnóthaithe don tréimhse 2015-2020 bunaithe ar athbhreithniú ar thorthaí na mbunspriocanna inghnóthaithe don tréimhse 2011-2014.

Fuarthas san athbhreithniú gur chuidigh na bunspriocanna sin le tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh agus tíortha is iarrthóirí díriú ar leasú agus é a chur i bhfeidhm. Leagadh síos 5 réimse tosaíochta le haghaidh 2015-2020:

  • foghlaim obairbhunaithe a chur chun cinn i ngach cineál slí;
  • forbairt bhreise ar shásraí dearbhaithe cáilíochta i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint i gcomhréir le dearbhú cáilíochta na hEorpa sa mholadh maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint;
  • rochtain a fheabhsú ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint do chách trí chórais níos solúbtha agus níos tréscaoiltí;
  • inniúlachtaí lárnacha i gcuraclaim gairmoideachais agus gairmoiliúna a neartú tuilleadh agus deiseanna níos éifeachtaí a sholáthar chun na scileanna sin a fháil nó a fhorbairt trí ghairmoideachas nó gairmoiliúint tosaigh agus gairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach;
  • cineálacha cur chuige córasacha a thabhairt isteach maidir le forbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach múinteoirí, oiliúnóirí agus meantóirí gairmoideachais agus gairmoiliúna i socrúcháin scoile agus oibre araon.

CÚLRA

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Foghlaim ar feadh an tsaoil: tugann sé deis do dhaoine, is cuma cén chéim dá saol ag a bhfuil siad, a bheith páirteach in eispéiris fhoghlama spreagaitheacha

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Dearbhú ó na hAirí Eorpacha i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint, agus an Coimisiún Eorpach, a tionóladh i gCóbanhávan an 29 agus 30 Samhain 2002, maidir le comhar feabhsaithe Eorpach i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint — “Dearbhú Chóbanhávan” (Nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)

Nuashonraithe 11.10.2016

Top