EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh daonnúil bia

Cúnamh daonnúil bia

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COM(2010) 126 final) — Cúnamh daonnúil bia

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Sainítear sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach an creat straitéiseach ina soláthraíonn AE cúnamh bia nuair a tharlaíonn géarchéim dhaonnúil*.

Déantar é a thíolacadh in éineacht le teachtaireacht eile ón gCoimisiún maidir le slándáil agus forbairt an tsoláthair bhia.

PRÍOMHPHOINTÍ

PRÍOMHCHUSPÓIRÍ

Tá sé mar aidhm le cúnamh daonnúil bia AE* a áirithiú go ndéantar bia leordhóthanach, sábháilte agus cothaitheach a ídiú roimh ghéarchéim dhaonnúil, lena linn agus ina diaidh d’fhonn mortlaíocht, géardhroch-chothú nó sásraí díobhálacha chun déileáil le deacrachtaí (e.g. nuair a dhíolann daoine leochaileacha a gcuid sócmhainní nó nuair a théann siad i bhfiachas).

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:

  • 1.

    infhaighteacht, rochtain agus tomhaltas bia leordhóthanach, sábháilte agus cothaitheach a chosaint do dhaonraí a gcuireann géarchéimeanna daonnúla isteach orthu;

  • 2.

    slite beatha a chosaint agus a athbhunú agus cuidiú chun athléimneacht grúpaí leochaileacha a fheabhsú i dtaca le suaitheadh amach anseo; agus

  • 3.

    cumas an chórais um chabhair dhaonnúil a neartú chun cúnamh bia a sholáthar.

Áirítear leis sin:

  • cúnamh bia a thabhairt i bhfoirm airgid, dearbhán, táirgí bia agus tráchtearraí nó seirbhísí eile, scileanna agus eolas;
  • idirghabhálacha comhlántacha mar rochtain ar bhreosla, uisce agus sláinteachas;
  • slite maireachtála bunúsacha a athbhunú, amhail cur ar chumas feirmeoirí rochtain a bheith acu ar shíolta;
  • cúnamh a thabhairt chun droch-chothú a chosc agus a chóireáil; agus
  • cumas a neartú le cineálacha cur chuige feabhsaithe agus nuálacha, agus le huirlisí agus oiliúint.

Tá an rogha freagartha is iomchuí, lena n-áirítear bealaí aistrithe (e.g. airgead nó comhchineáil), bunaithe ar an gcomhthéacs sonrach agus déantar athbhreithniú air go rialta.

PRIONSABAIL

I gcomhréir leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, idirghabhálacha in oibríochtaí um chúnamh daonnúil bia:

  • ní mór na bunphrionsabail dhaonnúla seo a leanas a urramú
    • daonnacht,
    • neodracht,
    • neamhchlaontacht, agus
    • neamhspleáchas;
  • ní mór dó a bheith bunaithe ar riachtanais agus ar thorthaí, agus a bheith éifeachtach agus gan dochar;
  • ba cheart dó a bheith comhordaithe le deontóirí eile agus le hidirghabhálacha forbartha a bhaineann le slándáil an tsoláthair bhia d’fhonn:
    • cumhdach barrmhaith de riachtanais éigeandála agus forbartha a áirithiú, agus
    • deiseanna a uasmhéadú le haghaidh tionchair inbhuanaithe mar aon leis an athléimneacht atá in íospartaigh i rith géarchéimeanna bia.

Oibríochtaí cúnaimh

Bíonn feidhm de ghnáth le cúnamh daonnúil bia nuair:

  • atá rátaí éigeandála mortlaíochta nó géardhroch-chothú sroichte nó go sroichfear iad i ngeall ar easpa bia, de réir réamhaisnéisí;
  • atá bagairtí tromchúiseacha ann don daonra nó an baol go bhfulaingeoidh daoine go tromchúiseach i ngeall ar easpa slí mhaireachtála nó droch-straitéisí chun an ghéarchéim a láimhseáil (e.g. díol sócmhainní táirgiúla, imirce nó cleachtais marthanais nach bhfuil slán).

Dá ainneoin sin, is féidir cúnamh bia a sholáthar a luaithe is a thosaíonn géarchéim, agus ní díreach nuair a tharlaíonn na rioscaí móra.

De ghnáth, ní bhíonn cúnamh daonnúil bia le húsáid chun dul i ngleic le heaspa sábháilteachta an tsoláthair bia*, murab ann do na cúinsí seo a leanas:

  • cuirtear riosca daonnúil an-tromchúiseach atá ar tí tarlú i láthair leis an gcás;
  • nuair nach féidir le gníomhairí eile aon rud a dhéanamh;
  • ina bhféadfadh tionchar deimhneach a bheith ag an ngníomh laistigh d’achar gearr.

Bia sábháilte, leordhóthanach agus áitiúil

Ba cheart go mbeadh rochtain ag daoine ar bhia sábháilte agus cothrom agus dóthain bia a bheith ar fáil den chaighdeán ceart. Ba cheart go mbeadh an cineál bia atá molta, más féidir é, i gcomhréir le sainroghanna cothaithe.

CÚLRA

Tá ocras ar thart ar 795 mhilliún duine ar fud an domhain — nó thart ar duine as naonúr — de réir na tuarascála is déanaí de chuid na NA ar ocras (The State of Food Insecurity in the World 2015). Dhúbail líon na dtíortha san Afraic a bhfuil géarchéimeanna bia iontu ó 12 i 1990 go dtí 24 in 2015. In 2014, sholáthair an Coimisiún ina aonar €349 milliún i maoiniú daonnúil le haghaidh cúnamh bia.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

  • Cúnamh bia ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Géarchéim dhaonnúil: teagmhas ina léirítear bagairt mhór ar shláinte, sábháilteacht nó folláine daoine. Tá géarchéim dhaonnúil in ann tarlú mar gheall ar thubaistí de dhéanamh an duine nó de bharr tubaistí nádúrtha, agus is féidir leo tarlú go tobann nó go mall agus is féidir seasamh ar feadh tamaillín gearr nó ar feadh píosa fada

Cúnamh daonnúil bia: cúnamh bia a sholáthraítear d’íospartaigh géarchéimeanna daonnúla

easpa ainsealach sábháilteachta an tsoláthair bia: neamhábaltacht sheasta rochtain a fháil ar iontógáil cothaitheach leormhaith, ar bhonn seasta nó ar bhonn tréimhsiúil, séasúrach

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa – Cúnamh Daonnúil Bia (COM(2010) 126 final an 31.3.2010).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin — Doiciméad a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Cúnamh Daonnúil Bia (SEC(2010) 374 final an 31.3.2010).

Nuashonraithe 18.07.2016

Top