Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cur chuige domhanda AE i leith taighde agus nuálaíochta

Cur chuige domhanda AE i leith taighde agus nuálaíochta

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún – Cur chuige domhanda maidir le taighde agus nuálaíocht, straitéis na hEorpa maidir le comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Chun oscailteacht a chaomhnú maidir le comhar idirnáisiúnta i dtaighde agus nuálaíocht (T&N).
  • Cothrom na Féinne agus cómhalartacht a chur chun cinn agus luachanna bunúsacha mar bhonn taca leo.
  • Comhpháirtíochtaí iltaobhacha a neartú chun réitigh nua a chur ar fáil ar dhúshláin ghlasa, dhigiteacha, sláinte agus nuálaíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cur chuige Fhoireann na hEorpa

Leis an gcur chuige domhanda i leith T & N, athdhearbhaítear go bhfuil an tAontas Eorpach (AE) tiomanta do leibhéal na hoscailteachta domhanda is gá chun barr feabhais a spreagadh, acmhainní a chomhthiomsú le haghaidh dul chun cinn eolaíoch agus éiceachórais bhríomhar nuálaíochta a fhorbairt. Tá sé beartaithe ag an Aontas oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun comhthuiscint a chruthú ar bhunphrionsabail agus bunluachanna sa taighde agus sa nuálaíocht, amhail an tsaoirse acadúil, comhionannas inscne, eitic taighde, eolaíocht oscailte agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Tiomantas don oscailteacht idirnáisiúnta agus do luachanna bunúsacha

Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta don méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Forbairt ar phrionsabail le haghaidh comhar idirnáisiúnta le Ballstáit AE; agus
  • na prionsabail sin a chur chun cinn san idirphlé le tíortha comhpháirtíochta agus i suíomhanna idirnáisiúnta.

Cur chuige domhanda an Aontais a athchothromú i dtreo cothroime iomaíochta agus cómhalartachta

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • teacht ar chomhaontú maidir le treochláir dhéthaobhacha spriocdhírithe le comhpháirtithe tosaíochta neamh-AE a bhfuil bonn láidir T & N acu, ina leagtar amach gealltanais chomhpháirteacha maidir le coinníollacha creata a chur chun feidhme chun cothrom na Féinne agus cur chun cinn luachanna comhroinnte a áirithiú;
  • forbairt ar threoirlínte maidir le trasnaíocht eachtrach a dhíríonn ar eagraíochtaí taighde AE agus ar institiúidí ardoideachais;
  • cód cleachtais maidir le húsáid chliste maoine intleachtúla a chur i láthair i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Comhthiomsú iarrachtaí domhanda chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda le chéile

Tá an tAontas tiomanta don mhéid seo a leanas.

  • Iarrachtaí domhanda a stiúradh i dtreo aistriú atá cóir glas:
    • an comhar muirí a neartú tríd an gComhghuaillíocht Thrasatlantach um Thaighde ar an Aigéan;
    • an chomhghuaillíocht iltaobhach de Mhisin Nuálaíochta a atreisiú, ag díriú ar theicneolaíochtaí fuinnimh cheannródaíocha;
    • tacú le comhar iltaobhach maidir le beartas T&N i gcomhair córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;
    • ardán idirnáisiúnta um bainistiú eolais a chur ar bun, tríd an tionscnamh nua Eorpach Bauhaus, chun faisnéis a scaipeadh agus chun smaointe agus dea-chleachtais a roinnt.
  • An t-aistriú digiteach a chur chun cinn:
    • gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde maidir le saincheisteanna tionsclaíocha a fhorbairt, chun tacú le ceannaireacht AE i dteicneolaíochtaí amhail 6G nó úsáid na teicneolaíochta digití sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus dúshláin chomhshaoil;
    • comhpháirtíochtaí digiteacha láidre idirnáisiúnta a mhúnlú atá ar aon dul le ceithre cholún den chompás dhigiteach 2030.
  • An comhar maidir leis an tsláinte dhomhanda a neartú:
  • Nuálaíocht a chur chun cinn:
    • comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta nuálaíochta a rachaidh chun tairbhe do chách a bhunú, ina mbeidh líonraí gorlann agus luasairí, le tíortha agus réigiúin a chuireann oscailteacht chómhalartach i leith na fiontraíochta agus na hinfheistíochta ar fáil;
    • le seirbhísí luathaithe gnó na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, cuirfear ar fáil do chuideachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí atá i mbun fáis san Aontas Eorpach an deis freastal ar aonaigh trádála idirnáisiúnta.

Comhar le tíortha agus réigiúin tosaíochta nach bhfuil in AE

Geallann an tAontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta Straitéis na hEorpa maidir le comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú (COM(2021) 252 final/2, 18.5.2021).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna (COM(2022)16 final, 18.1.2022).

Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le droichid a thógáil le haghaidh comhair Eorpaigh éifeachtaigh ardoideachais (COM(2022) 17 final, 18.1.2022).

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – An Tairseach Dhomhanda (JOIN(2021) 30 final, 1.12.2021).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Beart Glas na hEorpa (COM(2019) 640 final, 11.12.2019).

Nuashonraithe 07.01.2022

Top