Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol

Cinneadh (AE) 2015/451 maidir le haontacht an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún a áirithiú nach gcuirfidh trádáil idirnáisiúnta in eiseamail ainmhithe agus plandaí fiáine a marthanas faoi bhagairt.
  • Faomhtar leis an gcinneadh aontachas an Aontais Eorpaigh (AE) leis an gcoinbhinsiún.

PRÍOMHPHOINTÍ

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES)

  • Tháinig CITES i bhfeidhm in 1975.
  • Tá 183 tír agus eagraíocht réigiúnach ina bpáirtithe sa choinbhinsiún, lena n–áirítear an tAontas Eorpach agus gach Ballstát AE.

Rialachán

Leagtar amach leis an gcoinbhinsiún céimeanna éagsúla rialála maidir le speicis éagsúla plandaí agus ainmhithe. Tá siad sin liostaithe ina aguisíní.

  • Cuimsítear in Aguisín I speicis atá faoi bhagairt a ndíothaithe agus nach mór trádáil iontu a rialáil go docht agus gan í a údarú ach in imthosca eisceachtúla.
  • Cuimsítear in Aguisín II speicis, cé nach gá go bhfuil siad faoi bhagairt a ndíothaithe gan mhoill, go bhféadfadh sé sin tarlú mura ndéantar trádáil a rialáil go docht. Chun rialú níos éifeachtaí ar na speicis sin a éascú, d’fhéadfaí speicis chosúla — cinn atá cosúil le speicis atá i mbaol a chuimsiú san aguisín freisin.
  • Cuimsítear in Aguisín III speicis atá á rialáil ag páirtí agus a bhfuil comhoibriú páirtithe eile ag teastáil ina leith chun rialú a dhéanamh ar a saothrú trí thrádáil idirnáisiúnta.

Ceadanna agus deimhnithe

  • Baintear úsáid as ceadanna agus deimhnithe faoi CITES chun trádáil i speicis atá i mbaol a rialáil agus faireachán a dhéanamh orthu. Is iad údaráis bhainistíochta ainmnithe gach páirtí a eisíonn iad (údaráis na mBallstát san Aontas Eorpach).
  • Ní eisítear ceadanna agus deimhnithe ach má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Ag brath ar chatagóir na speiceas, áirítear leo sin:
    • an mbeadh trádáil díobhálach do mharthanas na speiceas;
    • an bhfuarthas an t–eiseamal go dlíthiúil;
    • i gcás ainmhithe beo, na coinníollacha iompair agus tithíochta.
  • Ní féidir speicis in Aguisín I a thrádáil chun críocha tráchtála.
  • Tugann údaráis eolaíochta comhairle d’údaráis bhainistíochta maidir le ceadanna onnmhairiúcháin a dheonú lena áirithiú go mbeidh stádas caomhnaithe na speiceas in Aguisín II i bhfad níos airde ná an leibhéal lena gcuimsiú in Aguisín I i gcónaí.
  • Tá roinnt díolúintí ó chuid de na rialacha sin ann, lena n–áirítear:
    • eiseamail a fuarthas sula raibh feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir leo;
    • idirthurais agus trasloingsiú trí chríoch páirtí i gcás go gcoinnítear an t–eiseamal faoi rialú custaim;
    • ainmhithe a phóraítear i ngéibheann agus plandaí a iomadaítear go saorga;
    • malartú eiseamal i mbailiúcháin eolaithe agus institiúidí eolaíochta agus in eiseamail a phóraítear i ngéibheann nó eiseamail roimh an gcoinbhinsiún a choinnítear i dtaispeántais taistil.

Faireachán agus forfheidhmiú

  • Ceanglaítear ar na páirtithe bearta iomchuí a dhéanamh chun:
    • pionós a ghearradh ar thrádáil neamhdhleathach in eiseamail a chuimsítear in rialacha CITES nó ar sheilbh ar na heiseamail sin;
    • eiseamail a urghabhadh i dtrádáil neamhdhleathach a choigistiú nó iad a fhilleadh ar an tír onnmhairithe.
  • Ní mór do na páirtithe na sonraí trádála go léir a thaifeadadh agus a thuairisciú do rúnaíocht CITES ar bhonn bliantúil. Soláthraíonn an Coimisiún Eorpach anailís ar thuarascáil bhliantúil trádála an Aontais Eorpaigh chomh maith.
  • Cuireann na páirtithe tuarascáil thríbhliantúil faoi bhráid na rúnaíochta maidir leis na rialacha agus na bearta dlí a glacadh chun an CITES a fhorfheidhmiú.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm don Aontas Eorpach mar pháirtí ar an 8 Iúil 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (IO L 75, 19.3.2015, lgh. 4–15)

Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 maidir le haontacht an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) (IO L 75, 19.3.2015, lgh. 1-3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 166, 19.6.2006, lgh. 1-69)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2019/1587 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2019 lena dtoirmisctear eiseamail de speicis áirithe fauna agus flora fiáine a thabhairt isteach san Aontas de réir Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 248, 27.9.2019, lgh 5-21)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála Fiadhúlra (COM(2016) 87 críochnaitheach, 26.2.2016)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 792/2012 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha don dearadh ar cheadanna, teastais agus doiciméid eile a bhfuil foráil ann dóibh i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún (IO L 242, 7.9.2012, lgh. 13-45)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 792/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 27.09.2021

Top