Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tOmbudsman Eorpach

An tOmbudsman Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis na rialacha agus na coinníollacha le haghaidh obair an Ombudsman Eorpaigh. Tugtar Reacht an Ombudsman Eorpaigh orthu sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an Ombudsman:

  • ní mór dó nó di bheith go hiomlán neamhspleách agus gan aon treoir sheachtrach a ghlacadh;
  • cuidíonn sé nó sí le drochriarachán* ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) a nochtadh;
  • déanann sé nó sí moltaí agus molann sé nó sí réitigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist, nuair is cuí;
  • ní fhéadfaidh sé nó sí rialú nó inniúlacht cúirte a cheistiú, lena n–áirítear Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  • oibríonn sé nó sí i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus le húdaráis AE agus a gcuid dualgas a gcomhlíonadh acu.

Gearáin

  • Féadfaidh saoránach AE ar bith nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó uirthi, nó a bhfuil oifig chláraithe aige nó aici, i mBallstát AE gearán a dhéanamh go díreach leis an Ombudsman, nó trí Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Níl gearáin ó dhuine nó ó údarás ar bith eile incháilithe.
  • Ní mór don duine a mbeidh an gearán á dhéanamh aige nó aici déanamh amhlaidh laistigh de 2 bhliain ó bheith ar an eolas faoi na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus ní foláir go ndeachaigh sé nó sí i dteagmháil leis an eagraíocht ábhartha cheana maidir leis na fíricí atá i gceist.
  • Diúltaíonn an tOmbudsman gearáin atá lasmuigh dá shainchúram nó dá sainchúram nó ar léir nach bhfuil bunús leo agus cuireann sé nó sí an institiúid ar an eolas nuair a dhearbhaíonn sé nó sí go bhfuil gearán inghlactha.
  • Maidir le gearáin ó bhaill foirne AE ní mór triail a bhaint as gach nós imeachta riaracháin inmheánach sula gcuirfear faoi bhráid an Ombudsman iad.
  • Cuireann an tOmbudsman gearánaigh ar an eolas faoin mbeart a rinneadh agus féachann sé nó sí leis an drochriarachán a réiteach leis an institiúid lena mbaineann. Má bhíonn an gearánach agus an institiúid sásta leis an réiteach, dúnfar an cás.

Fiosrúcháin

  • Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin a dhéanamh as a stuaim féin nó i ndiaidh gearán a fháil, agus an institiúid ábhartha á cur ar an eolas.
  • Dírítear fiosrúcháin féintionscnaimh go sonrach ar chásanna drochriaracháin a dhéantar arís is arís eile, cásanna sistéamacha drochriaracháin nó cásanna tromchúiseacha drochriarachán mar ábhar leasa phoiblí, agus d’fhéadfaí moltaí dea–chleachtais a thabhairt ina ndiaidh.
  • Tugtar cosaint ar dhíoltas do sceithirí a nochtann faisnéis don Ombudsman a mbíonn fiosrúcháin mar thoradh orthu.

Beart leantach

  • Cuireann an tOmbudsman an institiúid ábhartha ar an eolas má dhearbhaíonn sé cás drochriaracháin agus, nuair is cuí, déanfaidh sé nó sí moltaí.
  • Féadfaidh an institiúid freagra a thabhairt ar an Ombudsman, laistigh de 3 mhí de ghnáth. Mura ndéanann sí sin, cuirfear deireadh leis an bhfiosrúchán agus cuirfidh an tOmbudsman a thuairisc nó a tuairisc ar aghaidh chuig gach duine lena mbaineann.
  • Cuireann an tOmbudsman tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ag deireadh gach seisiúin bhliantúil ar thoradh a fhiosrúchán nó a fiosrúchán. Cuimsítear ann measúnú ar chomhlíonadh na moltaí, moltaí le haghaidh réitigh agus feabhsuithe, agus sonraí maidir le cásanna a bhaineann le ciapadh, sceithireacht agus coinbhleachtaí leasa.

Faisnéis

  • Ní mór d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus údaráis náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis a iarrtar i bhfiosrúchán a sholáthar, gan mhoill, don Ombudsman.
  • Clúdaítear san fhaisnéis, a choinnítear faoi rúndacht ghairmiúil, gach doiciméad fisiceach agus leictreonach, lena n–áirítear ábhar rúnaicmithe AE — faoi réir coinníollacha áirithe.
  • Féadfaidh an tOmbudsman oifigigh AE a cheistiú maidir le fíricí a bhaineann le fiosrúchán leanúnach.
  • Déileálann an tOmbudsman le hiarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid, seachas na cinn a fhaightear le linn fiosrúcháin.

Coinníollacha ginearálta

  • Toghann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman (agus tá sé de chumhacht aici é nó í a dhífhostú), atá incháilithe lena athcheapadh nó lena hathcheapadh ag tús an téarma pharlaimintigh.
  • Maidir leis an Ombudsman:
    • ní mór dó nó di bheith ina shaoránach AE ag a bhfuil cearta sibhialta agus polaitiúla iomlána agus ní mór nach raibh sé nó sí ina pharlaiminteoir nó ina parlaiminteoir náisiúnta nó Eorpach nó nár fhóin sé nó sí sa Chomhairle Eorpach nó sa Choimisiún Eorpach laistigh de 2 bhliain ón ngairm ar ainmniúcháin;
    • ní fhéadfaidh sé nó sí a bheith ag gabháil d’aon dualgais nó slí bheatha pholaitíochta nó riaracháin eile, íoctha nó eile, le linn an téarma oifige;
    • faigheann sé nó sí an pá, na liúntais agus an pinsean céanna agus a fhaigheann breitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais;
    • tá buiséad agus rúnaíocht leordhóthanach aige nó aici chun a neamhspleáchas a áirithiú agus chun a dhualgais nó dualgais a chomhlíonadh;
    • tá sé nó sí bunaithe in Strasbourg.

Aisghairtear Cinneadh 94/262/CBES, CE, Euratom leis an rialachán seo agus cuirtear an rialachán seo in ionad an Chinnidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 5 Lúnasa 2021.

CÚLRA

  • Códaítear leis an rialachán lena n–athbhreithnítear reacht an Ombudsman Eorpaigh go leor dá chleachtais nó dá cleachtais oibre reatha. Neartaítear leis bunús dlí an Ombudsman agus tugtar isteach leis cosaintí lena neamhspleáchas a ráthú tuilleadh.
  • Is ionann an rialachán agus cineál speisialta próisis reachtaigh ina bhfuil an ceart díreach um thionscnamh reachtach ag Parlaimint na hEorpa, lena dtugann an Chomhairle a toiliú agus lena dtugann an Coimisiún a thuairim.
  • Glactar an rialachán ar bhonn Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
  • Aithnítear le hAirteagal 20(2)(d) den CFAE an ceart atá ag saoránach AE iarratas a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh agus aithnítear le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha dea–riarachán mar cheart bunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh.
  • Bunaíodh Oifig an Ombudsman le Conradh Maastricht (féach an achoimre) in 1992. Bhí triúr Ombudsman ann ón gcéad cheann in 1995.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Drochriarachán. Mainneachtain gníomhú de réir an dlí nó de réir phrionsabail an dea–riaracháin nó sárú ar chearta an duine.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n–aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom (IO L 253, 16.7.2021, lgh. 1–10).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Téacs comhdhlúite: Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), ag leagan síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 1 — Parlaimint na hEorpa — Airteagal 228 (sean–Airteagal 195 CCE) (OJ C 202, 7.6.2016, lgh. 150-151).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach — Teideal III — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Caibidil 1 — Feidhm forálacha áirithe den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Airteagal 106a (IO C 203, 7.6.2016, lch. 40).

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Teideal V — Cearta saoránach — Airteagal 41 — An ceart maidir le dea-riarachán (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 401–402).

Nuashonraithe 27.09.2021

Top