EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (2021-2027)

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, déantar an méid seo a leanas leis an rialachán:

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Tá cuspóirí comhchosúla ag SCE 2.0 le SCE 1.0 (a bhain leis an tréimhse 2014-2020), ach tá béim níos mó orthu seo a leanas:

  • inbhuanaitheacht, dícharbónú agus astaíochtaí níos ísle;
  • comhlántacht na modhanna iompair (chomh maith le sineirgí idir na hearnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha);
  • soghluaisteacht mhíleata ar fud an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

Is é is cuspóir ginearálta le SCE 2.0 na gréasáin thras–Eorpacha sna hearnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha a thógáil, a fhorbairt, a nuachóiriú agus a chur i gcrích agus comhar idirnáisiúnta a éascú i réimse an fhuinnimh inathnuaite, rud a chuirfidh go sonrach leis na 3 réimse seo a leanas.

Iompar

  • Gréasáin Thras-Eorpacha Iompair (TEN-T) atá éifeachtach, idirnasctha agus ilmhódach, agus tionscadail bhonneagair le haghaidh soghluaisteacht chliste, idir–inoibritheach, inbhuanaithe, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán.
  • Codanna den bhonneagar TEN-T a chur in oiriúint chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht shibhialtach agus mhíleata (faoi réir rialacha incháilitheachta ar leith).

Fuinneamh

  • Comhar fuinnimh trasteorann a éascú, lena n–áirítear fuinneamh inathnuaite.
  • Tionscadail leasa choitinn a fhorbairt a bhaineann le margadh fuinnimh inmheánach AE agus idir–inoibritheacht gréasán thar theorainneacha agus earnálacha a chomhtháthú tuilleadh, lena ndéantar dícharbónú an gheilleagair a éascú, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus slándáil an tsoláthair a áirithiú.

An earnáil dhigiteach

  • Gréasáin fhíor-ardacmhainneachta shlána shábháilte a úsáid agus rochtain orthu, lena n–áirítear córais 5G lena soláthraítear nascacht Ghigighiotán i limistéir ina bhfuil spreagthaí socheacnamaíocha lonnaithe.
  • Clúdach 5G gan bhriseadh ar mhórbhealaí iompair, lena n–áirítear an TEN-T.
  • Méadú ar athléimneacht agus acmhainn ghréasáin cnáimhe droma dhigiteacha AE trí nascadh le críocha máguaird.
  • Digitiú na ngréasán iompair agus fuinnimh.

Buiséad (ag praghsanna 2021)

  • Iompar: €25.81 billiún (lena n–áirítear €11.29 billiún a aistríodh ón gCiste Comhtháthaithe).
  • Fuinneamh: €5.84 billiún.
  • Digiteach: €2.07 billiún.

Soláthraítear maoiniú i bhfoirm deontas agus soláthair ón SCE.

Cuireann Ballstát AE amháin nó níos mó tograí isteach nó, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cuireann eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhghnóthais, gnóthais nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, lena n–áirítear údaráis réigiúnacha nó áitiúla, na tograí isteach.

Incháilitheacht tíre nach tír den Aontas Eorpach í

Féadfaidh na tíortha seo a leanas nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh sa SCE, faoi choinníollacha áirithe:

Cómhaoiniú

Maidir le formhór na dtionscadal iompair, ní sháraíonn tacaíocht airgeadais AE 30 % den chostas incháilithe iomlán, a mhéadaítear go dtí 50 % le haghaidh staidéir, maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtugtar tús áite agus na gníomhaíochta dé–úsáide cosanta sibhialtach, agus go dtí 85 % le haghaidh tionscadal i gcás go n–aistrítear cistí ón gCiste Comhtháthaithe.

Maidir le tionscadail fuinnimh, ní sháraíonn tacaíocht airgeadais AE 50 % den chostas incháilithe iomlán, a mhéadaítear go 75 % do thionscadail lena soláthraítear ardleibhéal slándála soláthair réigiúnaigh nó AE, rud a neartaíonn dlúthpháirtíocht AE nó a soláthraíonn réitigh an–nuálach.

Maidir le tionscadail dhigiteacha, ní sháraíonn tacaíocht airgeadais AE 30 % den chostas incháilithe iomlán, a mhéadaítear go dtí 50 % le haghaidh gníomhaíochtaí lena bhfuil gné láidir thrasteorann agus go 75 % le haghaidh nascacht Ghigighiotán do spreagthaí socheacnamaíocha.

I ngach ceann de na hearnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha, maidir le hoibreacha a dhéantar sna réigiúin is forimeallaí, beidh uasráta cómhaoinithe sonrach 70 % i bhfeidhm.

Chun tacú le sineirgí idir na hearnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha, féadfar ráta cómhaoinithe níos airde a bhaint amach le gníomhaíochtaí chun cuspóirí a bhaint amach in 2 cheann ar a laghad de na hearnálacha sin i gcomhréir le clár oibre lena dtugtar aghaidh ar 2 cheann de na hearnálacha sin ar a laghad.

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 283/2014 a aisghairm leis an rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lgh. 38-81)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706)

Rialachán (AE) Uimh. 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n–aisghairtear Cinneadh (CE) Uimh. 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lgh. 1-34)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82-209)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2018/2001 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1-77)

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata san Aontas Eorpach (JOIN(2017) 41 final, 10.11.2017)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Pacáiste soghluaisteachta: Clár oibre le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo soghluaisteacht ghlan, iomaíoch agus nasctha do chách (COM(2017) 283 final, 31.5.2017)

Rialachán (AE) Uimh 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras–Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lgh. 1-128)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras–Eorpach fuinnimh agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 39-75)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.09.2021

Top