Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Galileo — rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte

Galileo — rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE maidir leis na rialacha le haghaidh rochtana ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar amach leis rialacha maidir le rochtain ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoin gclár Galileo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é Galileo ceann de chláir shuaitheanta spáis an Aontais Eorpaigh (AE) arna rialú le Rialachán (AE) 2021/696 (féach an achoimre).

Seirbhís phoiblí rialáilte Galileo

  • Tá an tseirbhís phoiblí rialáilte (PRS) ar 1 de 4 sheirbhís ardfheidhmíochta a sholáthraítear tríd an gclár Galileo.
  • Is córas slán criptithe é le haghaidh feidhmeanna íogaire, a chaithfidh a bheith i bhfeidhm i gcónaí fiú amháin i gcásanna géarchéime i gcás go bhféadfaí cur isteach ar sheirbhísí eile.
  • Caithfidh an rochtain ar an PRS a bheith srianta d’úsáideoirí údaraithe, údaráis phoiblí den chuid is mó, amhail na póilíní, na húdaráis ag a bhfuil freagracht as rialuithe teorann nó na húdaráis ag a bhfuil freagracht as cosaint shibhialta.

Inrochtaineacht

  • Tá an ceart ag Ballstáit AE, ag an gComhairle, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun rochtain gan teorainn agus gan bhriseadh ar an PRS ar fud an domhain.
  • Féadfaidh gach Ballstát, institiúid nó seirbhís cinneadh a dhéanamh dóibh féin an mbainfidh siad úsáid as an PRS laistigh dá n–inniúlachtaí faoi seach.
  • Féadfaidh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nó eagraíochtaí idirnáisiúnta páirt a ghlacadh sa PRS má thagann siad ar chomhaontú leis an Aontas Eorpach maidir le slándáil faisnéise agus comhaontú ar leithligh lena leagtar síos téarmaí agus coinníollacha rochtana.

Údaráis náisiúnta

  • Ní mór do na Ballstáit ar mian leo an PRS a úsáid nó glacadóirí PRS a mhonarú údarás inniúil PRS a ainmniú chun úsáideoirí deiridh agus monaróirí glacadóirí PRS a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu de réir na n–íoschaighdeán comhchoiteann.
  • Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoin gcinneadh seo, mar shampla, chun na híoschaighdeáin chomhchoiteanna sin a shocrú.

Creidiúnú

  • Teastaíonn próiseas creidiúnaithe chun glacadóirí PRS a mhonarú. Ní mór don chomhlacht a dhéanann na glacadóirí a bheith údaraithe ag an mBord um Chreidiúnú Slándála agus cloí lena chinntí.
  • Ní mór d’údaráis inniúla PRS faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhlíonadh an chomhlachta monaraíochta maidir leis an gceanglas um údarú thuasluaite agus maidir le cinntí an bhoird, agus maidir le ceanglais theicniúla shonracha a thagann as na híoschaighdeáin chomhchoiteanna.

Meastóireacht agus tuairisciú

Laistigh de 2 bhliain i ndiaidh a dhearbhú go bhfuil an PRS ag feidhmiú, ní mór don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú leordhóthanach agus oiriúnacht na rialacha a bunaíodh i ndáil le rochtain ar an PRS agus, más gá, leasuithe ar an gcinneadh sin a mholadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 05 Samhain 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha le haghaidh rochtana ar an tseirbhís phoiblí rialáilte arna soláthar ag an gcóras loingseoireachta satailíte domhanda a bunaíodh faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lgh. 1-8)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 69-148)

Nuashonraithe 24.08.2021

Top