EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Aontas an chomhionannais: Creat straitéiseach AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

Moladh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

CAD É AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LEIS AN MOLADH?

  • Leagtar amach sa teachtaireacht creat straitéiseach nua an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le Romaigh arb é is aidhm leis luas agus dul chun cinn lánpháirtiú na Romach a mhéadú trí chomhionannas éifeachtach, cuimsiú socheacnamaíoch agus rannpháirtíocht fhiúntach na Romach a chur chun cinn.
  • Treisítear leis an moladh tiomantas Bhallstáit AE d’idirdhealú i gcoinne mhuintir na Romach a chomhrac go héifeachtach agus lena gcuimsiú sna réimsí oideachais, fostaíochta, sláinte agus tithíochta a chur chun cinn.
  • Comhlánaítear an teachtaireacht leis an moladh trí liosta de bhearta sonracha atá le glacadh ag na Ballstáit a leagan amach chun cuspóirí AE a bhaint amach. Cuirtear treoir ar fáil ann maidir le fothú acmhainneachta na bpáirtithe leasmhara agus comhpháirtíochtaí idir na páirtithe leasmhara (lena n–áirítear pointí teagmhála náisiúnta na Romach, comhlachtaí comhionannais, an tsochaí shibhialta agus na gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla) agus maidir le húsáid níos fearr as cistí AE agus náisiúnta a áirithiú. Soláthraítear treoir leis chomh maith maidir le faireachán agus tuairisciú náisiúnta éifeachtach agus meastóireacht a dhéanamh ar chreataí straitéiseacha náisiúnta maidir le Romaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é creat straitéiseach AE maidir le Romaigh an chéad chuidiú díreach le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta AE in aghaidh an chiníochais 2020-2025.

Creat straitéiseach

Cuirtear an creat in ionad chreat AE do straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach do straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020. Leagtar amach sa chreat nua seacht bpríomhréimse fócais — trí cinn chothrománacha agus ceithre cinn earnála — don tréimhse suas go dtí 2030:

  • comhionannas
  • cuimsiú
  • rannpháirtíocht
  • oideachas
  • fostaíocht
  • sláinte
  • tithíocht.

I ngach ceann de na réimsí sin, molann an Coimisiún Eorpach spriocanna nua do na Ballstáit agus bealaí chun iad a bhaint amach.

Spriocanna

Molann an Coimisiún líon spriocanna íosta do 2030. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

  • an cion de Romaigh a ndéantar idirdhealú ina n–aghaidh a laghdú faoina leath ar a laghad;
  • an cion de Romaigh a chuireann tuairisc isteach nuair a dhéantar idirdhealú ina n–aghaidh a mhéadú faoi dhó;
  • an bhearna bhochtaineachta idir na Romaigh agus an daonra ginearálta a laghdú faoina leath ar a laghad;
  • an bhearna i rannpháirtíocht san oideachas luath–óige a laghdú faoina leath ar a laghad;
  • an cion de leanaí na Romach a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna leithscartha a laghdú faoina leath ar a laghad i mBallstáit a bhfuil daonra suntasach Romach iontu;
  • an bhearna fostaíochta agus an bhearna fostaíochta inscne a laghdú faoina leath ar a laghad;
  • an bhearna san ionchas saoil a laghdú faoina leath ar a laghad;
  • an bhearna i ndíothacht tithíochta a laghdú aon trian ar a laghad;
  • a áirithiú go mbeidh rochtain ag 95 % ar a laghad de na Romaigh ar uisce buacaire.

Leagtar amach na cuspóirí agus na táscairí nua go mion i gcreat faireacháin 2020 a d’ fhoilsigh Gníomhaireacht um Chearta Bunúsacha AE.

Treoir agus bearta chun spriocanna a bhaint amach

Cuimsítear sa teachtaireacht treoir agus bearta chun cabhrú leis na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach. Áirítear i measc na mbeart sin:

  • córais tacaíochta a fhorbairt d’íospartaigh na Romach a ndéantar idirdhealú ina n–aghaidh;
  • tacú le litearthacht airgeadais;
  • feachtais ardaithe feasachta i scoileanna;
  • fostaíocht Romach in institiúidí poiblí a chur chun cinn;
  • feabhas a chur ar rochtain ar scrúduithe sláinte, scagthástáil agus pleanáil clainne ar ardchaighdeán do Romaigh mhná.

Moltaí ón gComhairle

  • Athnuaitear moladh 2013 le moltaí na Comhairle agus cuirtear in ionad an mholta sin iad. Tá sé mar aidhm leis treoir níos ábhartha agus níos éifeachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le conas dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo an chomhionannais, an chuimsithe agus na rannpháirtíochta do na Romaigh sna 10 mbliana amach romhainn.
  • Tugtar roinnt gnéithe chun suntais iontu, lena n–áirítear:
    • an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht chomhionann na Romach sa tsochaí agus lena ról sa phróiseas cinnteoireachta;
    • beartais phríomhshrutha a dhéanamh níos íogaire i leith chomhionannas agus chuimsiú na Romach; agus
    • Tábhacht dhearcadh na hinscne.
  • Áirítear orthu roinnt beart chun cabhrú leis na seacht gcuspóir atá leagtha amach sa chreat straitéiseach a bhaint amach.
  • Gríosaítear na Ballstáit leo chun creataí straitéiseacha náisiúnta maidir le Romaigh a ghlacadh laistigh dá mbeartais um chuimsiú sóisialta i gcoitinne chun cás na Romach a fheabhsú, agus iad a chur in iúl don Choimisiún, faoi mhí Mheán Fómhair 2021 más féidir.
  • Spreagtar na Ballstáit chomh maith chun cearta na Romach agus deiseanna comhionanna do na Romaigh a chur san áireamh agus a chur chun cinn ina bpleananna náisiúnta maidir le téarnamh agus athléimneacht.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach Romach AE maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht (COM(2020) 620 final, 7.10.2020)

Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lgh. 1-14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Aontas an chomhionannais: Plean AE in aghaidh an chiníochais 2020-2025 (COM(2020) 565 final, 18.9.2020)

Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um imeascadh na Romach sna Ballstáit (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 1-7)

Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le foirmeacha agus leaganacha cainte áirithe ciníocha agus seineafóbacha a chomhrac le dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lgh. 55-58)

Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme an phrionsabail um chóir chomhionann idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lgh. 22-26)

Nuashonraithe 15.09.2021

Top