EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cláir AE — gníomhaireachtaí

Cláir AE — gníomhaireachtaí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Cuirtear ar bun leis na sé ghníomhaireacht feidhmiúcháin lena gcuirtear chun feidhme cláir an Aontais Eorpaigh i gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027. Leagtar amach ann:

  • a sainchúraimí, a bpunanna agus rialacha ginearálta oibriúcháin;
  • an t-aistriú dlíthiúil idir na gníomhaireachtaí, agus idir an Coimisiún Eorpach agus na gníomhaireachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an gcinneadh sé ghníomhaireacht feidhmiúcháin go dtí an 31 Nollaig 2028 (an chéad chúig cinn ón 1 Aibreán 2021, an séú ceann ón 16 Feabhra 2021):

Tá gach gníomhaireacht freagrach as na sainchúraimí ginearálta seo a leanas a bhaineann le cur chun feidhme clár agus na gníomhaíochtaí a thugtar di:

  • cuid de na céimeanna nó gach céim a bhaineann le cur chun feidhme clár, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhainistiú;
  • tacaíocht ghinearálta riaracháin agus lóistíochta a sholáthar, más infheidhme;
  • faisnéis a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht an Choimisiúin;
  • ionstraimí buiséid a ghlacadh maidir le hioncam agus caiteachas, agus na hoibríochtaí ar fad is gá le haghaidh bainistíocht clár a dhéanamh;
  • maoiniú breise a chur chun feidhme ar bhonn an chláir oibre ábhartha nó na gclár oibre ábhartha agus faoi choinníollacha áirithe.

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol comharba Ghníomhaireachta Feidhmiúcháin na Nuálaíochta agus na nGréasán agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

Is gníomhaireacht nuacheaptha í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde comharba na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Taighde agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

  • Fís Eorpach (gníomhaíochtaí agus bonneagar taighde Marie Skłodowska-Curie);
  • Fís Eorpach (cultúr, cruthaitheacht agus sochaí chuimsitheach; slándáil shibhialta; bia; bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus an comhshaol);
  • Fís Eorpach (rannpháirtíocht a leathnú agus an Limistéir Eorpach Taighde a neartú, sármhaitheas agus rannpháirtíocht a scaipeadh, an córas Eorpach T&N a athchóiriú agus a fheabhsú);
  • Faisnéis agus táirgí talmhaíochta a chur chun cinn;
  • Clár taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach;
  • Seirbhísí ginearálta riaracháin agus lóistíochta, go sonrach: an tSeirbhís Lárnach um Bailíochtú (SEDIA), pleanáil glaonna ar chláir agus ar sheirbhísí r-Dheontas, sainbhainistíocht.

Is í Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide comharba na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

  • Fís Eorpach (an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach agus Éiceachórais Nuálaíochta na hEorpa);
  • Ionstraimí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha;
  • Clár an Mhargaidh Aonair (COSME, margadh inmheánach, caighdeánú, tomhaltóirí).

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr comharba na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde comharba Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus cuireann sí iad seo a leanas chun feidhme:

  • Fís Eorpach (an Chomhairle Eorpach um Thaighde).

Maidir leis na gníomhaireachtaí:

  • tá siad bunaithe sa Bhruiséil;
  • tá coiste stiúrtha agus stiúrthóir, agus baill foirne ar iasacht, baill foirne shealadacha nó baill foirne ar conradh acu;
  • tuairiscíonn siad don Choimisiún ar bhonn rialta agus déanann an Coimisiún a bhfeidhmíocht a mhaoirsiú agus a mheasúnú;
  • cuireann siad an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) chun feidhme agus cláraíonn siad faoin scéim sin agus féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gclárú EMAS corparáideach an Choimisiúin;
  • cuireann siad a mbuiséid oibriúcháin féin chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Choimisiúin.

Rinneadh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia a bhí bunaithe i Lucsamburg a fhoirceannadh ar an 1 Aibreán 2021. Aistríodh a freagrachtaí chuig roinnt de ghníomhaireachtaí úra na Bruiséile, go háirithe an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú a bunaíodh ar an 16 Feabhra 2021.

Leis an gcinneadh aisghairtear Cinneadh 2013/801/AE (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Nuálaíochta agus na nGréasán), Cinneadh 2013/771/AE (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin AE um Fhiontair Bheag agus Mheánmhéide), Cinneadh 2013/778/AE (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde), Cinneadh 2013/779/AE (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde), Cinneadh 2013/776/AE (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr) agus Cinneadh 2013/770/AE (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 1 Aibreán 2021.

CÚLRA

Tugann an Coimisiún cumhachtaí do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin chun cláir AE a chur chun feidhme ionas go mbeidh sé ábalta díriú ar a phríomhghníomhaíochtaí féin. Coimeádann sé smacht agus tá an fhreagracht ar deireadh aige as obair na ngníomhaireachtaí.

Déantar freagrachtaí úra na 6 ghníomhaireacht a ghrúpáil de réir téamaí beartais chun céannacht shoiléir a thabhairt dóibh agus chun sineirgí idir na cláir éagsúla a áirithiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (IO L 50, 15.2.2021, lgh. 9-28)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 11-22)

Nuashonraithe 09.04.2021

Top