This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU-China agreement on protection of geographical indications
Comhaontú idir AE agus an tSín maidir le tásca geografacha a chosaint
Comhaontú idir AE agus an tSín maidir le tásca geografacha a chosaint
Comhaontú idir AE agus an tSín i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint
Déantar na tásca geografacha atá liostaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gcomhaontú a chosaint ar an méid seo a leanas:
Féadfar ainm faoi chosaint a úsáid ar tháirge dlisteanach ar bith a chomhlíonann sonraíocht theicniúil an táisc gheografaigh agus dlíthe an pháirtí lena mbaineann.
Aontaíonn an dá pháirtí go gcuirfidh siad trádmharc ar neamhní nó go ndiúltóidh siad do thrádmharc i gcás go sáraíonn an trádmharc sin na rialacha lena gcosnaítear na tásca geografacha, más rud é go ndearnadh iarratas chun an tásc geografach a chlárú sula ndearnadh an t-iarratas ar thrádmharc.
Déanann Comhchoiste, ina bhfuil ionadaithe ón dá pháirtí, maoirseacht ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an chomhaontaithe.
Aontaíonn na páirtithe go n-oibreoidh siad i gcomhar chun tacú le cur chun feidhme na ngealltanas agus na n-oibleagáidí a rinneadh sa chomhaontú.
Tháinig sé i bhfeidhm ar an .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint (IO L 408 I, , lgh. 3-43)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh (AE) 2020/1832 ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus a gcosaint (IO L 408 I, , lgh. 1-2)
Cinneadh (AE) 2020/1111 ón gComhairle an maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint (IO L 244, , lch. 8)
nuashonrú is deireanaí