EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bliain Eorpach an Iarnróid (2021)

Bliain Eorpach an Iarnróid (2021)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2020/2228 maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

I gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (féach achoimre), is é is príomhaidhm le Bliain Eorpach an Iarnróid iarrachtaí an Aontais Eorpaigh (AE), thíortha AE, údarás réigiúnach agus áitiúil agus eagraíochtaí eile a spreagadh agus tacú leo chun sciar na bpaisinéirí agus an lasta a iompraítear d’iarnród a mhéadú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Tá roinnt cuspóirí sonracha mar chuid den chinneadh, lena n–áirítear:

  • an t–iarnród a chur chun cinn mar mhodh iompair atá inbhuanaithe, nuálach, idirnasctha, idirmhódúil, sábháilte agus inacmhainne, go háirithe trí aird a tharraingt ar ról an iarnróid:
    • mar mhodh ceannródaíoch a chuideoidh le cuspóir um neodracht aeráide AE a bhaint amach faoi 2050,
    • mar cholún de líonra lóistíochta éifeachtach, atá in ann seirbhísí riachtanacha a dheimhniú, fiú le linn géarchéimeanna gan choinne,
    • mar mhodh iompar a fhreastalaíonn ar an bpobal níos leithne, go háirithe daoine óga, lena n–áirítear an t–iarnród a chur in iúl mar dheis ghairme tharraingteach;
  • aird a tharraingt ar an ngné Eorpach agus thrasteorann a bhaineann leis an iarnród, a thugann saoránaigh níos gaire dá chéile;
  • cion an iarnróid le geilleagar, tionscal agus sochaí AE a threisiú;
  • príomhról na n–iarnród in iompar idirnáisiúnta paisinéirí laistigh den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin a chur chun cinn;
  • cur leis an gceathrú pacáiste iarnróid a chur chun feidhme agus feasacht a ardú faoi na bearta a theastaíonn chun an limistéar Eorpach aonair iarnróid (féach achoimre) a bhunú, bunaithe ar fheidhmiú ceart an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

Bearta

Beartaítear roinnt beart ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Déanfar iad a chomhordú le bearta atá i bhfeidhm faoi láthair chun iompar d’iarnród a chur chun cinn. Áirítear i measc na mbeart sin:

  • tionscnaimh agus imeachtaí chun díospóireacht chur chun cinn, íomhá dhearfach a chothú, feasacht a spreagadh agus rannpháirtíocht na saoránach, na ngnólachtaí agus na n–údarás poiblí a éascú chun muinín san iarnród a mhéadú, go háirithe i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, agus chun tarraingteacht iarnróid le haghaidh iompar níos mó daoine agus níos mó earraí mar mhodh chun troid in éadan an athraithe aeráide a chur chun cinn;
  • tionscnaimh i dtíortha AE chun pátrúin iompair ghnó agus chomaitéireachta d’iarnród a spreagadh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach;
  • taispeántais fhaisnéiseacha agus feachtais spreagúla, oideachasúla agus spreagtha feasachta.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach staidéir indéantachta ar an méid seo a leanas a bhreithniú freisin:

  • lipéad Eorpach a chruthú chun earraí agus táirgí a iompraítear d’iarnród a chur chun cinn d’fhonn gnólachtaí a spreagadh lena n–iompar a aistriú chuig an iarnród;
  • innéacs nascachta iarnróid a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm leis an leibhéal comhtháthaithe a baineadh amach trí úsáid seirbhísí ar an líonra iarnróid agus tríd an bhféidearthacht a bhaineann le hiarnróid chun dul san iomaíocht le modhanna iompair eile a léiriú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 29 Nollaig 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2020/2228 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid (2021) (IO L 437, 28.12.2020, lgh. 108-115)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019)

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 08.03.2021

Top