EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Acmhainní dílse AE

Acmhainní dílse AE

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leis an gcinneadh seo, leagtar amach conas a mhaoinítear buiséad bliantúil AE trí:

  • roinnt rialacha reatha a leasú;
  • uasteorainn na n-acmhainní dílse a nuashonrú;
  • foinse ioncaim nua a thabhairt isteach (bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte);
  • cead a thabhairt don Choimisiún Eorpach airgead a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil don aon chuspóir amháin dul i ngleic le géarchéim COVID.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá buiséad bliantúil AE maoinithe ag Ballstáit AE trí na hacmhainní dílse seo a leanas:

  • foinsí ioncaim traidisiúnta: cé go raibh siad ar an bpríomhfhoinse ioncaim roimh 1970, tá na foinsí ioncaim sin teoranta do dhleachtanna custaim ar allmhairí anois;
  • cáin bhreisluacha (CBL): cuirtear ráta aonfhoirmeach de 0,30% i bhfeidhm ar bhonn comhionann CBL gach Ballstáit, lena gcuirtear uasteorainn 50% dá Ollioncam Náisiúnta;
  • Ollioncam Náisiúnta (OIN)*: ráta aonfhoirmeach ar OIN náisiúnta a chomhaontófar ar bhonn bliantúil (le laghduithe cnapshuime don Ostair, don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír agus don tSualainn);
  • dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach: cuirtear ráta aonfhoirmeach de €0,80 in aghaidh an chileagraim i bhfeidhm ar an difríocht idir cainníocht dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear agus a athchúrsáiltear (le laghduithe cnapshuime bliantúla le haghaidh 17 mBallstát a bhfuil a OIN faoi mheán AE).

Méadaítear uasmhéid an bhuiséid bhliantúil (“uasteorainn na n-acmhainní dílse”) ó 1,20% go 1,40% de OIN AE le haghaidh íocaíochtaí* agus go 1,46% le haghaidh gealltanas* lena léirítear imeacht na Ríochta Aontaithe ó AE.

Tá feidhm ag na coinníollacha speisialta seo a leanas maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 trí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) — Rialachán (AE) 2020/2094 (féach achoimre):

  • féadfaidh an Coimisiún suas le €750,000 milliún (praghsanna 2018) a fháil ar iasacht ar mhargaí caipitil;
  • tá an tsuim sin roinnte mar €360,000 milliún le haghaidh iasachtaí agus €390,000 milliún le haghaidh caiteachais;
  • déantar an méid a fuarthas ar iasacht a aisíoc le haisíocaíochtaí ó bhuiséad AE, ag tosú roimh dheireadh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 — féach achoimre) agus iad críochnaithe ina n-iomlán faoin 31 Nollaig 2058 ar a dheireanaí;
  • déanann an Coimisiún na hoibríochtaí iasachta a riar agus coinníonn sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoina straitéis bainistíochta fiachais;
  • méadófar na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí (1,40%) agus gealltanas (1,46%) 0,6% ar bhonn sealadach chun dliteanais a eascraíonn ón iasacht a chumhdach, ach ní le haghaidh aon chaiteachais eile;
  • Féadfaidh an Coimisiún, mar rogha dheiridh, a iarraidh ar Bhallstáit ranníocaíocht airgeadais bhreise a dhéanamh más gá chun a oibleagáidí EURI a chumhdach.

Úsáidtear na hioncaim ó na hacmhainní dílse chun gach gné de chaiteachas AE ina bhuiséad AE a mhaoiniú agus déantar aon bharrachas i mbliain amháin a chur ar aghaidh chuig an gcéad bhliain eile.

Tá Ballstáit freagrach as na hacmhainní dílse a chur ar fáil agus as dleachtanna custaim a bhailiú thar cheann AE. Coinníonn Ballstáit 25% de na foinsí ioncaim traidisiúnta chun a gcostais féin a chumhdach.

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 2014/335/CE, Euratom leis an gcinneadh seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Beidh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021 a luaithe agus a bheidh sé daingnithe ag na 27 Ballstát uile.

CÚLRA

Ní mór an cinneadh seo a fhaomhadh/a dhaingiú i ngach ceann de na 27 Ballstát chun teacht i bhfeidhm. Tá sé mar chuid de phacáiste airgeadais níos leithne lena n-áirítear:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ollioncam Náisiúnta: ollioncam náisiúnta móide glanfháltais ó thar lear maidir le luach saothair fostaithe, ioncam réadmhaoine agus glanchánacha lúide fóirdheontais táirgthe.
Íocaíochtaí: caiteachas atá dlite sa bhliain reatha ó ghealltanais dhlíthiúla a rinneadh an bhliain sin nó roimhe sin.
Gealltanais: costas iomlán na n-oibleagáidí dlíthiúla (conarthaí, deontais, comhaontuithe/cinntí) a bhféadfar a shíniú sa bhliain airgeadais reatha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lgh. 1-10)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 11-22)

Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 23-27)

Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 28-46)

Nuashonraithe 23.03.2021

Top