EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhartha dlí arna neamhniú ag an gCúirt Bhreithiúnais

Gníomhartha dlí arna neamhniú ag an gCúirt Bhreithiúnais

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Airteagal 264 CFAE

Airteagal 266 CFAE

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL?

  • Le hAirteagal 263 is féidir caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt” anseo feasta) i gcoinne dhlíthiúlacht ghníomhartha dlí an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Sonraítear in Airteagal 264 má tá bunús maith leis an gcaingean, go ndearbhóidh an Chúirt an gníomh a bheith ar neamhní nó, nuair is gá, sonraítear cé acu d’éifeachtaí an ghnímh a dearbhaíodh a bheith ar neamhní a mheasfar mar a bheith deifnídeach.
  • Le hAirteagal 266 ceanglaítear ar an bpáirtí a bhfuil a ghníomh curtha ar neamhní na bearta is gá a dhéanamh chun cloí le breithiúnas na Cúirte.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Sonraítear in Airteagal 263 CFAE gur féidir leis an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht iad seo a leanas:
  • Féadfaidh an Chúirt athbhreithniú a dhéanamh freisin ar dhlíthiúlacht ghníomhartha chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí AE a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtaí dlíthiúla a sholáthar i leith tríú páirtithe.
  • Fuair an Chúirt, i dteannta le gníomhartha amhail rialacháin, cinntí agus treoracha, a shainítear in Airteagal 288 CFAE mar cheangailteach, gurb é ábhar (agus rún) an bhirt atá tábhachtach, seachas an cineál (i gCás C-316/91 Parlaimint na hEorpa i leith na Comhairle). Dá bhrí sin, is féidir dlíthiúlacht cineálacha eile gníomhartha, amhail conclúidí ón gComhairle, a bheith conspóideach (i gCás C-27/04 an Coimisiún i leith na Comhairle).

Cé atá in ann caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh chun na Cúirte?

  • In Airteagal 263 CFAE déantar idirdhealú idir 3 chineál iarratasóra.
    • Iarratasóirí faoi phribhléid, i.e. tíortha AE, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. Is féidir leo i gcónaí caingean a thionscnamh le haghaidh athbhreithniú breithiúnach (mír 2).
    • Iarratasóirí faoi leathphribhléid, i.e. an Chúirt Iniúchóirí, BCE agus Coiste na Réigiún. Féadfaidh siad imeachtaí athbhreithnithe a thionscnamh “chun críche a sainphribhléidí a chosaint” amháin (mír 3).
    • Iarratasóirí nach bhfuil faoi phribhléid, i.e. Is féidir le daoine dlítheanacha, amhail gnóthais, agus daoine nádúrtha, amhail daoine aonair, caingean a thionscnamh le haghaidh athbhreithniú breithiúnach, ach beidh siad faoi réir coinníollacha níos déine maidir leis an gceanglas i ndáil le seasamh dlíthiúil (“locus standi” a chomhlíonadh (mír 4).

Caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh

  • Ní mór caingean a thionscnamh laistigh de 2 mhí d’fhoilseachán an achta nó dá fhógra don iarratasóir. Tá síneadh 10 lá eile ann chun moilleanna poist mar gheall ar fhad a thabhairt ar fáil faoi Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais — féach an achoimre. Mura bhfoilsítear nó mura gcuirtear an gníomh in iúl, rithfidh an spriocdháta ón bpointe a bhfuair an t–iarratasóir eolas ina leith ar bhealaí eile.
  • Ní mór d’iarratasóirí nach bhfuil faoi phribhléid a dheimhniú gur díríodh gníomh orthu nó go raibh an gníomh dá gcúram go díreach (féach Cás C-486/01 An Fronta Náisiúnta i leith Pharlaimint na hEorpa) agus dá gcúram go leithleach (féach Cás C-25/62 Plaumann i leith an Choimisiúin).

Forais le gníomh a neamhniú

In Airteagal 263 CFAE (mír 2) leagtar amach na forais seo a leanas chun gníomh a chur ar neamhní:

  • easpa inniúlachta;
  • sárú ar cheanglas maidir le nós imeachta riachtanach, mar shampla an gá le sainchumais institiúide a urramú sula ndéanfar cinneadh, mar atá sa cheangal i ndáil le dul i gcomhairle i gcás Isoglucose (Cásanna C-138/79 SA Roquette Frères i leith na Chomhairle agus C-139/79 Maizena GmbH i leith na Comhairle);
  • sárú ar na conarthaí nó ar an gCairt um Chearta Bunúsacha;
  • sárú ar aon smacht reachtach a bhaineann le cur i bhfeidhm na gconarthaí; agus
  • mí–úsáid cumhachtaí (ní mór don iarratasóir a bheith in ann a chruthú ar bhonn fíricí gur glacadh an gníomh a chonspóidtear chun críocha neamhúdaraithe (Cás C-23/76 Pellegrini i leith an Choimisiúin).

Gníomh a neamhniú

Is é Airteagal 264 CFAE an bunús dlí le gníomh a neamhniú.

  • Sa chás go bhfuil bunús maith faoin gcaingean maidir le neamhniú, dearbhaíonn an Chúirt an gníomh a bheith ar neamhní.
  • Nuair a mheasann an Chúirt go bhfuil gá leis, féadfaidh sí a rá cé acu d’éifeachtaí an ghnímh atá dearbhaithe aici a bheith ar neamhní nach foláir iad a dhearbhú mar a bheith dheifnídeach. Is é sin le rá, is féidir léi gnéithe áirithe den ghníomh a cuireadh ina choinne a dhearbhú mar a bheith feidhmiúil ar mhaithe leis an méid seo a leanas:
    • an gá le cinnteacht dhlíthiúil (féach, mar shampla, Cás C-21/94 Parlaimint na hEorpa i leith na Comhairle); nó
    • an gá atá le héifeachtaí ar neamhní a chur ar fionraí go dtí go nglacfaidh institiúid inniúil gníomh lena chur in ionad an ghnímh a cuireadh ar neamhní.
  • Nuair a rialaíonn an Chúirt go bhfuil gníomh ar neamhní, is iondúil go mbíonn an éifeacht neamhnithe ó phointe ghlacadh an ghnímh atá i gceist (ar a dtugtar ex tunc). Mar sin féin, d’fhéadfadh an éifeacht a bheith ó dháta bhreithiúnas na Cúirte (ex nunc) freisin. Ina theannta sin, féadfaidh an Chúirt éifeachtaí an ghnímh a cuireadh ar neamhní a choinneáil.
  • Féadfaidh neamhniú a bheith páirteach freisin, mar atá i gCás C-378/00 An Coimisiún i leith Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás ina ndéanann an Chúirt airteagal de ghníomh a neamhniú, ach go ndearbhaíonn sí gur cheart go seasfadh na bearta lena gcuirtear an gníomh sin, a glacadh cheana féin, chun feidhme.

Comhlíonadh bhreithiúnas na Cúirte

Ba cheart don pháirtí a bhfuil a ghníomh curtha ar neamhní na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh (Airteagal 266 CFAE).

CÚLRA

Is ionstraim dlí í caingean le haghaidh neamhniú trínar féidir le tíortha AE agus institiúidí agus comhlachtaí AE, chomh maith le saoránaigh, cuideachtaí agus grúpaí sainleasa in imthosca áirithe ar leith, athbhreithniú breithiúnach a iarraidh go díreach ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun dlíthiúlacht ghníomhartha an Aontais Eorpaigh a dheimhniú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Alt 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagal 263 (sean–Airteagal 230 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh.162-163)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagal 264 (sean–Airteagal 231 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 163)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagal 266 (sean–Airteagal 233 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 163)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Seacht — Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha — Airteagal 340 (sean–Airteagal 288 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 193)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta um ghlacadh agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlí an Aontais — Airteagal 288 (sean–Airteagal 249 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 171-172)

Nuashonraithe 20.01.2021

Top