Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

CFRE, CSE, Ciste Comhtháthaithe, CETFT agus CEMI (2014-2020) — Neamhrialtachtaí, méideanna nach féidir a aisghabháil agus bearta faisnéise agus cumarsáide a thuairisciú

CFRE, CSE, Ciste Comhtháthaithe, CETFT agus CEMI (2014-2020) — Neamhrialtachtaí, méideanna nach féidir a aisghabháil agus bearta faisnéise agus cumarsáide a thuairisciú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 — lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le socruithe mionsonraithe i ndáil le haistriú agus bainistiú na rannchuidithe cláir, tuairisciú ar ionstraimí airgeadais, saintréithe teicniúla faisnéise agus bearta cumarsáide le haghaidh oibríochtaí agus an córas chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1974 — lena leagtar amach minicíocht agus formáid thuairisciú na neamhrialtachtaí maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 — lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun a chinneadh an n–aisíocfaidh nó nach n–aisíocfaidh na Ballstáit méideanna nach féidir a aisghabháil maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Trí ghníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, leagtar amach leo na rialacha maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, maidir le hoibriú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (cistí SIE) don tréimhse 2014-2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014

Leagtar amach sa rialachán:

  • socruithe mionsonraithe agus samhail chun ionstraimí airgeadais a thuairisciú;
  • saintréithe teicniúla chun tacaíocht maoinithe SIE a shainaithint ó amharc;
  • sonraíochtaí córais ríomhairithe atá daingnithe chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil ar gach tionscadal tacaithe le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíochta airgeadais, fíoraithe agus iniúchóireachta.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1974

Leagtar amach leis an rialachán an mhinicíocht agus an fhormáid le haghaidh neamhrialtachtaí* maidir le cistí ESI a thuairisciú:

  • ní mór do thír AE tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach ar bhonn rialta agus tráthúil;
  • ní mór an tuarascáil a sheoladh go leictreonach tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568

Leagtar amach sa rialachán na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun a chinneadh an gcaithfidh nó nach gcaithfidh tír AE méideanna nach féidir a aisghabháil* a aisíoc, lena n–áirítear:

  • faisnéis a chur isteach;
  • na coinníollacha faoina gcinnfear locht nó faillí ar thaobh thír AE;
  • an nós imeachta chun a chinneadh ar cheart suim nach féidir a aisghabháil a aisíoc.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 ón 18 Lúnasa 2014.
  • Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1974 i bhfeidhm ón 11 Samhain 2015.
  • Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 i bhfeidhm ón 3 Bealtaine 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Neamhrialtachtaí: gníomh nach gcomhlíonann rialacha AE agus a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar leasanna airgeadais AE, ach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar earráidí dáiríre arna ndearnadh ag tairbhithe a éilíonn cistí agus ag na húdaráis atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh. Má dhéantar neamhrialtacht d’aon turas meastar gur calaois é.
Méideanna nach féidir a aisghabháil: meastar go bhfuil méid ina mhéid nach féidir a aisghabháil má bhain na húdaráis náisiúnta triail as gach féidearthacht aisghabhála trí bhíthin bealaí náisiúnta, institiúideacha agus dlíthiúla.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 an 28 lúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe mionsonraithe i ndáil le haistriú agus bainistiú na rannchuidithe cláir, tuairisciú ar ionstraimí airgeadais, saintréithe teicniúla faisnéise agus bearta cumarsáide le haghaidh oibríochtaí agus an córas chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil (IO L 223, 29.7.2014, lgh. 7-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 821/2014 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1974 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar amach minicíocht agus formáid an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (IO L 293, 10.11.2015, lgh. 20-22)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun a chinneadh an n–aisíocfaidh nó nach n–aisíocfaidh na Ballstáit méideanna nach féidir a aisghabháil maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 97, 13.4.2016, lgh. 1-5)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 10.12.2019

Top