EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Srianta ar chearta ábhar sonraí — rialacha inmheánacha an Choimisiúin

Srianta ar chearta ábhar sonraí — rialacha inmheánacha an Choimisiúin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2018/1927 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún i réimse na hiomaíochta i ndáil le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus i ndáil le cearta áirithe a shrianadh

Cinneadh (AE) 2018/1961 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta chun críocha gníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí

Cinneadh (AE) 2018/1962 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i ndáil le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus maidir le cuid áirithe dá gceart a shrianadh

Cinneadh (AE) 2018/1996 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta chun críocha imscrúduithe um chosaint trádála agus um beartas trádála

Cinneadh (AE) 2019/154 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le srian ar cheart rochtana ábhar sonraí ar a gcomhaid leighis

Cinneadh (AE) 2019/165 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs fiosruithe riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraíochta

Cinneadh (AE) 2019/236 ón gCoimisiún — rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta ag an gCoimisiún chun críocha shlándáil inmheánach institiúidí AE

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?

Leagtar amach iontu rialacha inmheánacha, arb é ar a mbonn a fhéadfaidh an Coimisiún Eorpach srian a chur ar chearta daoine aonair, cearta a fheidhmíonn siad faoi Rialachán (AE) 2018/1725. Tá feidhm ag na rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta laistigh de réimsí sonracha agus chun críocha sonracha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is éard is sonraí pearsanta ann faisnéis ar bith a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”). Beidh duine nádúrtha in-sainaitheanta, más féidir é/í a aithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir (amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, nó aitheantóir ar líne) nó do cheann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.

Cuimsítear an méid a leanas go sonrach i gcreat dlíthiúil nua AE maidir le cosaint agus saorshreabhadh sonraí pearsanta:

  • an Rialachán Ginearálta maidir le Sonraí Pearsanta (RGSP), lena leagtar amach cearta daoine aonair maidir lena sonraí pearsanta, lena gcosnaítear iad maidir le próiseáil a sonraí pearsanta laistigh de thíortha AE, agus lena n–áirithítear saorshreabhadh na sonraí sin;
  • Rialachán (AE) 2018/1725, lena leagtar amach cearta daoine aonair i ndáil lena sonraí pearsanta, lena gcosnaítear iad i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus maidir le saorshreabhadh sonraí den sórt sin.

Meastar go bhfuil na rialacháin sin comhionann agus ní mór iad a thuiscint mar a bheith comhionann.

Déantar foráil in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 go bhféadfadh, i gcásanna áirithe, institiúidí agus comhlachtaí AE srian a chur ar chearta daoine aonair, ar an gcoinníoll go bhfuil na srianta sin leagtha síos i ndlí AE. I gcomhréir leis sin, ghlac an Coimisiún seacht gcinneadh ón gCoimisiún, lena bhforáiltear na forais le haghaidh srianta féideartha chun cuspóirí tábhachtacha maidir le leas phobal AE i gcoitinne a chosaint.

Bunaithe ar na cinntí sin agus i ndiaidh measúnú de réir an cháis ar riachtanas agus ar chomhréireacht srianta dá leithéid, cinnfidh an Coimisiún Eorpach cibé ar cheart nó nár cheart cearta duine aonair a shrianadh i gcás aonair.

Féadfar na cearta a leanas de chuid daoine aonair a shrianadh:

  • a gceart ar fhaisnéis maidir le;
    • próiseáil a sonraí pearsanta; agus
    • sáruithe ar a sonraí pearsanta a bhféadfadh ardriosca dá gcearta agus dá saoirsí a bheith mar thoradh orthu;
  • ceart rochtana ar a sonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí a sonraí pearsanta, a scrios nó an ceart go gcuirfí srian le próiseáil a sonraí pearsanta.

Tá formáid chomhchosúil sna seacht gcinneadh ar fad ón gCoimisiún, agus tá cuid de na gnéithe a leanas nó iad go léir iontu:

  • Ábhar agus raon feidhme
    • Ceanglas maidir le measúnú de réir an cháis ar gach iarratas ó ábhar sonraí.
  • Eisceachtaí agus/nó srianta is infheidhme
    • Sula gcuirtear srian i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún a bhreithniú ar dtús cibé an bhfuil nó nach bhfuil aon cheann de na heisceachtaí ar chearta ábhar sonraí, arna leagan amach i Rialachán (AE) 2018/1725, i bhfeidhm.
  • Faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí
    • Ní mór don Choimisiún fógraí maidir le cosaint sonraí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin ina gcuirtear na hábhair sonraí ar fad ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí próiseála sonraí sa réimse ábhartha.
    • Ní mór don Choimisiún, i bhformáid chuí, duine ar bith a ndeachaigh fiosrú nó beart a rinneadh i gceann de na réimsí ábhartha i gcion orthu a chur ar an eolas astu féin.
  • Cearta ábhar sonraí chun a sonraí pearsanta a rochtain, go ndéanfaí iad a scriosadh nó go ndéanfaí a bpróiseáil a shrianadh
    • Má chuireann an Coimisiún srian ar rochtain ar shonraí pearsanta, ar an gceart go ndéanfaí iad a scriosadh agus/ar an gceart nó go ndéanfaí a bpróiseáil a shrianadh, ní mór dó an t–ábhar sonraí lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis an srian a cuireadh i bhfeidhm, maidir leis na príomhchúiseanna lena chur i bhfeidhm agus maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí gearán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó go lorgófaí leigheas breithiúnach i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
  • Taifeadadh agus clárú srianta
    • Ní mór don Choimisiún cúiseanna ar bith leis an srian a cuireadh i bhfeidhm a thaifeadadh, lena n–áirítear measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht.
  • Tréimhse na srianta
    • Beidh na srianta i bhfeidhm fad a bheidh na cúiseanna lena dtugtar údar leo fós ann.
  • Athbhreithniú arna dhéanamh ag Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin Eorpaigh
    • Ní mór OCS a chur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, am ar bith a dhéanfar cearta ábhar sonraí a shrianadh.
    • Ar iarratas, ní mór rochtain ar chur ar fáil do OCS ar an taifead agus ar dhoiciméid ar bith ina bhfuil na gnéithe bunaidh fíriciúla agus dlíthiúla.
    • Féadfaidh OCS athbhreithniú ar an srian a iarraidh agus ní mór toradh an athbhreithnithe a iarradh a chur in iúl dó i scríbhinn.

Clúdaítear sna seacht gcinneadh ón gCoimisiún srianadh ábhar sonraí sna réimsí a leanas:

  • Slándáil inmheánach institiúidí AE
    • Tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun slándáil daoine, sócmhainní agus faisnéis sa Choimisiún a áirithiú.
    • Ní mór don Choimisiún finnéithe agus na daoine lena mbaineann fiosrú slándála maidir le próiseáil a sonraí pearsanta a chur ar an eolas astu féin.
    • Ina theannta sin, ní mór don Choimisiún ábhair sonraí a bpróiseáiltear a sonraí i gcás seiceálacha cúlra a chur ar an eolas astu féin i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún.
    • Ní mór dó freisin na daoine a bpróiseáiltear a sonraí i gcomhthéacs cuardach ar áitreabh agus ar chórais chumarsáide agus faisnéise agus ar threalamh an Choimisiúin a chur ar an eolas astu féin.
  • Fiosruithe riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraíochta
    • Féadfar na cearta agus oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a shrianadh i gcás go gcuirfí cuspóir na bhfiosruithe riaracháin, na n–imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraíochta i gcontúirt leo nó i gcás go rachadh siad i gcion ar chearta agus ar shaoirsí ábhar sonraí eile.
  • Sonraí pearsanta leighis
    • Féadfaidh an Coimisiún, de réir an cháis, srian a chur ar cheart ábhar sonraí chun sonraí pearsanta leighis de chineál síceolaíoch nó síciatrach maidir leo a rochtain go díreach, i gcás gur dóigh go mbainfeadh riosca ar shláinte an ábhair sonraí le rochtain ar na sonraí sin.
    • Ní foláir nó go mbeidh an srian comhréireach don mhéid is fíor-riachtanach chun an t–ábhar sonraí a chosaint.
  • Imscrúduithe um chosaint trádála agus um beartas trádála
    • Féadfar na cearta agus oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a shrianadh i gcás go gcuirfí cuspóir ghníomhaíochtaí an Choimisiúin maidir le beartas trádála agus cosaint trádála i gcontúirt leo, nó i gcás go ndéanfaí dochar do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí eile.
  • An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
    • Tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag OLAF (chomh maith le próiseáil sonraí pearsanta ag seirbhísí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin nach mór iad a tharchur chuig OLAF) chun a sainchúraimí a chomhlíonadh.
    • Tá imscrúduithe a dhéanann OLAF go hiomlán neamhspleách ar an gCoimisiún.
    • Cinneadh OLAF ar cheart nó nár cheart eisceachtaí ar bith ar chearta ábhar sonraí a chur i bhfeidhm.
    • Déantar fógraí maidir le cosaint sonraí lena gcuirtear na hábhair sonraí ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin OLAF.
    • Déanann OCS OLAF athbhreithniú ar shrian ar bith ar chearta ábhar sonraí.
  • Gníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí
    • Féadfar na cearta agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a shrianadh mar chuid de na hoibríochtaí próiseála a dhéanann an Coimisiún i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí, i gcás go bhféadfaí, le feidhmiú ceart ábhar sonraí, iompar na ngníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí a chur i gcontúirt, lena n–áirítear trína uirlisí agus trína mhodhanna iniúchtóireachta a nochtadh, nó i gcás go ndéanfaí dochar do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí eile.
    • Ina theannta sin, d’fhéadfadh go mbeadh gá don Choimisiún srian a chur ar chur i bhfeidhm ceart ábhar sonraí chun oibríochtaí próiseála sheirbhísí an Choimisiúin nó oibríochtaí próiseála institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó oibríochtaí próiseála údaráis agus eagraíochtaí idirnáisiúnta na mBallstát, chomh maith le hoibríochtaí próiseála an Choiste um Dul chun cinn na hIniúchóireachta a chosaint.
    • Cuireann an Coimisiún daoine aonair ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí a bhaineann lena sonraí pearsanta a phróiseáil agus lena gcearta trí bhíthin fógra maidir le cosaint sonraí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Nuair is ábhartha, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas astu féin i bhformáid chuí.
  • Iomaíocht
    • Féadfar na cearta agus oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a shrianadh i gcás go gcuirfí cuspóir ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin an Choimisiúin i gcontúirt leo, lena n–áirítear trína uirlisí agus modhanna imscrúdaitheacha a nochtadh, nó i gcás go ndéanfaí dochar do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?

  • Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2018/1927, Cinneadh (AE) 2018/1961, Cinneadh (AE) 2018/1962, Cinneadh (AE) 2018/1996 agus Cinneadh (AE) 2019/154 ón 11 Nollaig 2018.
  • Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2019/165 ón 7 Feabhra 2019.
  • Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2019/236 ón 11 Feabhra 2019.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2018/1927 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún Eorpach i réimse na hiomaíochta i ndáil le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus i ndáil le cearta áirithe a shrianadh (IO L 313, 10.12.2018, lgh. 39-44)

Cinneadh (AE) 2018/1961 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2018 maidir le rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta chun críocha gníomhaíochtaí iniúchtóireachta inmheánaí (IO L 315, 12.12.2018, lgh. 35-40)

Cinneadh (AE) 2018/1962 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i ndáil le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus maidir le cearta áirithe a shrianadh i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 12.12.2018, lgh. 41-46)

Cinneadh (AE) 2018/1996 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta chun críocha imscrúduithe um chosaint trádála agus um beartas trádála (IO L 320, 17.12.2018, lgh. 40-44)

Cinneadh (AE) 2019/154 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srian ar cheart rochtana ábhar sonraí ar a gcomhaid leighis (IO L 27, 31.1.2019, lgh. 33-35)

Cinneadh (AE) 2019/165 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2019maidir le rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta cosanta sonraí ag an gCoimisiún i gcomhthéacs fiosruithe riaracháin, meachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraíochta (IO L 32, 4.2.2019, lgh. 9-13)

Cinneadh (AE) 2019/236 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2019 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus srian ar chuid áirithe dá gcearta i gcomhthéacs phróiseáil a sonraí pearsanta ag an gCoimisiún Eorpach chun críocha shlándáil inmheánach institiúidí an Aontais (IO L 37, 8.2.2019, lgh. 144-149)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Infheidhme maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98)

Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lgh. 40-51)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lgh. 41-52)

Infheidhme i dtíortha AE:

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.04.2019

Top