EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaireacht AE um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

Gníomhaireacht AE um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) 2019/126 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóir

Mar cheann de ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, is é cuspóir EU-OSHA an méid seo a leanas a sholáthar d’institiúidí agus comhlachtaí AE, tíortha AE, na comhpháirtithe sóisialta agus daoine eile a bhfuil baint acu leis an réimse sábháilteachta agus sláinte ag an obair:

  • faisnéis ábhartha theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch; agus
  • saineolas cáilithe sa réimse d’fhonn an timpeallacht oibre a fheabhsú maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair a chosaint.

Féachtar leis an cuspóir sin a chomhlíonadh trí:

  • eolas a fheabhsú agus a scaipeadh;
  • fianaise agus seirbhísí a sholáthar chun críche ceapadh beartas, conclúidí atá bunaithe ar thaighde san áireamh; agus
  • éascú a dhéanamh ar chomhroinnt eolais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta.

Sainchúraimí

Agus freagrachtaí thíortha AE á n–urramú go hiomlán ag EU-OSHA déanann sé an méid seo a leanas:

  • bailíonn sé agus déanann sé anailís ar fhaisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair i dtíortha AE chun:
    • rioscaí agus an dea-chleachtas a shainaithint, chomh maith le tosaíochtaí agus cláir náisiúnta atá ann cheana féin;
    • an t–ionchur riachtanach a sholáthar do thosaíochtaí agus do chláir AE;
    • an fhaisnéis sin a scaipeadh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí AE, ar thíortha AE, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar pháirtithe eile atá rannpháirteach sa réimse;
  • bailíonn sé agus déanann sé anailís ar fhaisnéis maidir le taighde ar shábháilteacht agus ar shláinte ag an obair agus ar ghníomhaíochtaí taighde gaolmhara eile, agus scaipeann sé na torthaí;
  • déanann sé comhoibriú agus malartú faisnéise agus taithí i measc tíortha AE a chur chun cinn, lena n–áirítear faisnéis ar chláir oiliúna;
  • cuidíonn sé le hathchóirithe agus beartais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;
  • déanann sé faisnéis ábhartha ó thíortha neamh-AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus uathu a bhailiú agus a chur ar fáil;
  • soláthraíonn sé faisnéis ar mhodhanna agus ar uirlisí chun gníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, sainaithníonn sé an dea-chleachtas agus cuireann sé bearta coisctheacha chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar fhadhbanna sonracha micrifhiontar, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide;
  • cuireann sé le forbairt straitéisí agus cláir ghníomhaíochta AE;
  • bunaíonn sé straitéis maidir le caidreamh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • déanann sé gníomhaíochtaí agus feachtais ardaithe feasachta agus cumarsáide.

Eagrú

bord bainistíochta agus bord feidhmiúcháin, stiúrthóir feidhmiúcháin agus líonra ag EU-OSHA, atá lonnaithe in Bilbao, an Spáinn.

An bord bainistíochta

  • Cuimsítear ann:
    • 1 ionadaí ó gach thír AE;
    • 1 ionadaí amháin ó eagraíocht na bhfostóirí do gach thír AE;
    • 1 ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí do gach thír AE;
    • 3 chomhalta a dhéanann ionadaíocht ar son an Choimisiúin;
    • 1 saineolaí neamhspleách arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.
  • Is iad a leanas príomhfheidhmeanna an bhoird:
    • treo straitéiseach EU-OSHA a sholáthar;
    • doiciméad clársceidealaithe EU-OSHA a ghlacadh;
    • buiséad EU-OSHA a ghlacadh;
    • rialacha nós imeachta (lena n–áirítear rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin), rialacha airgeadais, rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus straitéis frithchalaoise a ghlacadh;
    • an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.

An Bord Feidhmiúcháin

Cabhraíonn an bord feidhmiúcháin leis an mbord bainistíochta tríd an méid a leanas a dhéanamh:

  • a chinntí a ullmhú;
  • faireachán a dhéanamh, mar aon leis an mbord bainistíochta, ar aon obair leantach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn as tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe OLAF;
  • comhairle a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin maidir le cinntí an bhoird bhainistíochta a chur chun feidhme, d’fhonn maoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus buiséid a neartú.

Stiúrthóir feidhmiúcháin

Tá an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as:

  • bainistíocht EU-OSHA agus cur chun feidhme thascanna agus bhuiséad EU-OSHA;
  • dréachtdhoiciméad clársceidealaithe a dhréachtú ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis na rialacha airgeadais arna nglacadh ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.

Líonra

Cuimsítear an méid a leanas i líonra EU-OSHA:

  • príomh-chomhpháirteanna na ngréasán faisnéise tríthaobhach náisiúnta, lena n–áirítear eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe;
  • na pointí fócasacha náisiúnta (de ghnáth an t–údarás inniúil um shábháilteacht agus sláinte ag obair i ngach tír AE).

Cláir oibre

Cuirtear an dréachtdhoiciméad clársceidealaithe faoi bhráid an bhoird bainistíochta lena fhaomhadh agus cuirtear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle roimh an 31 Eanáir gach bliain ansin é.

  • Leagtar amach an méid a leanas sa chlár oibre ilbhliantúil:
    • clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n–áirítear cuspóirí;
    • na torthaí agus na táscairí feidhmíochta ionchasacha;
    • clársceidealú acmhainní lena n–áirítear buiséad ilbhliantúil agus baill foirne.
  • Ní mór don chlár oibre bliantúil a bheith i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus go mbeidh sé comhdhéanta de:
    • cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchasacha, lena n–áirítear táscairí feidhmíochta;
    • tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n–áirítear bearta pleanáilte chun éifeachtúlacht a mhéadú;
    • léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht;
    • gníomhartha féideartha le haghaidh caidrimh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
  • Leis an dá chlár ní mór forluí a sheachaint le hobair atá ar siúl ag gníomhaireachtaí eile AE. Comhordaíonn EU-OSHA go dlúth le 2 ghníomhaireacht thrípháirteacha eile: an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop). Oibríonn sé go dlúth chomh maith leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair

Buiséad

Ní mór meastacháin ar ioncam agus caiteachas uile EU-OSHA a ullmhú gach bliain airgeadais agus a thaispeáint i mbuiséad EU-OSHA. Ní mór an buiséad a bheith cothrom ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.

  • Ar an taobh ioncaim cuimsítear an méid a leanas:
    • ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais;
    • ranníocaíochtaí airgeadais deonacha ó thíortha AE;
    • muirir ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhís a sholáthraíonn EU-OSHA;
    • aon ranníocaíocht ó thíortha neamh-AE a bhfuil baint acu le hobair EU-OSHA.
  • Áirítear an méid a leanas ó thaobh an chaiteachais de:
    • luach saothair na foirne;
    • costais riaracháin agus bonneagair;
    • caiteachas oibríochtúil.

Measúnú

Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún a chinntiú go ndéantar meastóireacht chun feidhmíocht EU-OSHA a mheas maidir lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Feabhra 2019.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 58-73)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 74-89)

Rialachán (CE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 90-105)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lgh. 42-68)

Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 chun Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a chur ar bun (IO C 218, 13.9.2003, lgh. 1-4)

Nuashonraithe 27.03.2019

Top