EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le rialacha tionscnaimh comhchosúla a chur i bhfeidhm

Comhaontú trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le rialacha tionscnaimh comhchosúla a chur i bhfeidhm

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus an Iorua maidir le carnadh tionscnaimh idir an tAontas Eorpach, an Eilvéis, an Iorua agus an Tuirc faoi chuimsiú an chórais ghinearálaithe um fhabhair

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Tá sé mar aidhm leis éifeachtacht an chórais ghinearálaithe um fhabhair a mhéadú agus ar an tslí sin trádáil a éascú le tíortha i mbéal forbartha trína áirithiú go gcuirfidh an tAontas Eorpach (AE) agus an Iorua rialacha tionscnaimh comhchosúla i bhfeidhm maidir le hallmhairí earraí ó AE, ón Eilvéis, ón Iorua agus ón Tuirc.

PRÍOMHPHOINTÍ

An córas ginearálaithe um fhabhair (GSP)

  • Is córas fabhar taraife é an GSP a dheonaítear do thíortha i mbéal forbartha (“tíortha is tairbhí”). I gcás na dtíortha is lú forbairt, baintear an dleacht de bheagnach a n onnmhairí go léir.
  • Tá córais GSP an chosúil ag an Aontas Eorpach agus ag an Iorua (mar aon leis an Eilvéis agus an Tuirc) agus mar sin is féidir iad a nascadh.

Rialacha tionscaimh

  • Chun tairbhe a bhaint as fabhair tharaife, ní mór a thaispeáint go dtionscnaíonn na táirgí ó thír is tairbhí.
  • Ciallaíonn tionscnamh an áit a dtáirgtear nó a monaraítear táirge, ní an áit as a seoltar é.

Carnadh

Cuireann “carnadh” síos ar an gcóras trína gceadaítear táirgí de thionscnamh thír A a phróiseáil tuilleadh nó a chur le táirgí de thionscnamh thír B, amhail is dá mba de thionscnamh thír B iad. Bheadh an táirge a bheadh mar thoradh air sin de thionscnamh thír B. Ní féidir é a chur i bhfeidhm ach idir tíortha a oibríonn le rialacha tionscnaimh comhionanna amháin.

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Iorua

  • Faoi “charnadh sínte” GSP an Aontais Eorpaigh, maidir le hábhair de thionscnamh na hIorua, na hEilvéise nó na Tuirce ar a ndéantar níos mó ná oibríocht íosta i dtír is tairbhí, meastar go bhfuil siad de thionscnamh na tíre is tairbhí sin, agus féadfaidh siad leas a bhaint as fabhair nuair a allmhairítear iad chuig an Aontas Eorpach, an Iorua, an Eilvéis nó an Tuirc.
  • Ceanglaítear leis an gcomhaontú seo go mbeidh rialacha tionscnaimh comhchosúla ag an Aontas Eorpach agus ag an Iorua ina gcumhdaítear na prionsabail seo a leanas:
    • sainmhíniú ar “tháirgí tionscnaimh” a bheidh bunaithe ar na critéir chéanna;
    • rialacha maidir le carnadh réigiúnach* tionscnaimh;
    • rialacha maidir le carnadh a chur i bhfeidhm ar ábhair a thionscnaíonn, de réir bhrí a rialacha tionscnaimh GSP, san Aontas Eorpach, san Eilvéis, san Iorua nó sa Tuirc;
    • rialacha maidir le lamháltas ginearálta ar ábhair neamhthionscnaimh;
    • rialacha maidir le neamhionramháil táirgí ón tír is tairbhí;
    • rialacha maidir le cruthúnas ar ionad tionscnaimh a eisiúint nó a dhéanamh amach;
    • ceanglas maidir le comhar riaracháin leis na húdaráis sna tíortha is tairbhí maidir le cruthúnas ar thionscnamh.
  • Cuirtear an comhaontú seo in ionad comhaontú cómhalartach comhchosúil idir an Comhphobal Eorpach agus gach tír de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa a dheonaigh fabhair tharaife faoin GSP, maidir le hearraí de thionscnamh na hIorua nó na hEilvéise.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2019.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Carnadh réigiúnach. Oibríocht idir tíortha ceann de ghrúpaí réigiúnacha na dtíortha is tairbhí atá aitheanta ag GSP an Aontais Eorpaigh i gcás, maidir le hábhair de thionscnamh tíre amháin den ghrúpa a ndéantar tuilleadh oibre nó próiseála orthu i dtír is tairbhí eile den ghrúpa céanna, go meastar gur de thionscnamh na tíre is tairbhí eile iad. Féadfar carnadh a dhéanamh freisin idir grúpaí carntha I III idir tíortha aonair, arna iarraidh sin agus faoi choinníollacha áirithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIorua maidir le carnadh tionscnaimh idir an Coimisiún Eorpach tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise, Ríocht na hIorua agus Poblacht na Tuirce faoi chuimsiú an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (IO L 24, 28.1.2019, lgh. 3-11).

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIorua maidir le carnadh tionscnaimh idir an idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise, Ríocht na hIorua agus Poblacht na Tuirce faoi chuimsiú am Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (IO L 27, 31.1.2019, lch. 1).

Nuashonraithe 09.11.2021

Top