Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara idir AE agus Maracó

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

An Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara idir AE agus Maracó

 

ACHOIMRE AR:

An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir AE agus Maracó

Cinneadh 2000/204/CE, CECG — maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir AE agus Maracó

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

  • bonn iomchuí a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil idir an tAontas Eorpach agus Maracó, lena n–éascaítear forbairt dlúthchaidrimh i ngach réimse a mheasann siad is iomchuí d’idirphlé dá leithéid;
  • na coinníollacha a bhunú maidir le léirscaoileadh de réir a chéile na trádála earraí, seirbhísí agus caipitil;
  • trádáil agus leathnú ar chaidreamh eacnamaíoch agus sóisialta cairdiúil a chur chun cinn, go sonrach trí idirphlé agus trí chomhar, chun forbairt agus rathúnas Mharacó agus a mhuintir a chothú;
  • comhtháthú thíortha na Magraibe a spreagadh trí thrádáil agus trí chomhar a chur chun cinn idir Maracó agus tíortha eile de chuid an réigiúin;
  • comhar eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus airgeadais a chur chun cinn.

Tugtar an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear 8 gceannteideal sa chomhaontú.

  • 1.
    Idirphlé polaitiúil

    Tá idirphlé polaitiúil agus comhar idir na páirtithe le forbairt tuilleadh, go háirithe maidir le:

    • feabhas a chur ar an gcaidreamh trí thuiscint fhrithpháirteach níos fearr a fhorbairt agus trí chomhordú rialta maidir le ceisteanna idirnáisiúnta comhleasa;
    • a chur ar chumas gach páirtí seasamh agus leasanna an pháirtí eile a bhreithniú;
    • cur le slándáil agus cobhsaíocht a chomhdhlúthú i Réigiún na Meánmhara agus sa Mhagraib go háirithe;
    • cuidiú a thabhairt le tionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt.
  • 2.
    Saorghluaiseacht earraí
    • Tá na páirtithe tiomanta do limistéar saorthrádála a bhunú de réir a chéile thar thréimhse a mhairfidh 12 bhliain ar a mhéad.
    • Leagtar amach leis an gcomhaontú próiseas chun taraifí custaim agus cuótaí ar earraí ó AE agus ó Mharacó araon a laghdú nó a bhaint.
  • 3.
    Bunú agus seirbhísí
    • Athdhearbhaíonn na páirtithe a n–oibleagáidí faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, go háirithe an oibleagáid maidir le cóir chómhalartach an náisiúin bharrfhabhair a thabhairt, i.e. a dtéarmaí trádála is fabhraí, sna hearnálacha seirbhíse atá cumhdaithe san oibleagáid sin, a thairg dá chéile.
    • Aontaíonn na páirtithe raon feidhme an chomhaontaithe a leathnú chun ceart cuideachtaí ó pháirtí amháin chun iad féin a bhunú ar chríoch an pháirtí eile agus léirscaoileadh soláthair seirbhísí ag comhlachtaí páirtí amháin do thomhaltóirí seirbhísí sa pháirtí eile.
  • 4.
    Íocaíochtaí, caipiteal, iomaíocht agus forálacha eacnamaíocha eile
    • Ní mór íocaíochtaí reatha le haghaidh idirbhearta reatha a dhéanamh in airgeadra inmhalartaithe go héasca.
    • Is féidir le caipiteal a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha i Maracó i gcuideachtaí a bunaíodh i gcomhréir leis na dlíthe reatha gluaiseacht faoi shaoirse agus féadfar brabús ar bith ó na hinfheistíochtaí sin a thabhófaí a leachtú agus a aistriú amach as an tír arís.
    • Trí chomhairliúchán tá sé mar aidhm ag na páirtithe léirscaoileadh iomlán, nuair a bheidh an t–am ceart ann, ghluaiseacht an chaipitil idir AE agus Maracó a éascú.
    • Tá an dá thaobh faoi cheangal rialacha iomaíochta, bunaithe ar dhlí AE, a bhaineann le gníomhaíochtaí lena bhféadfaí dul i gcion ar thrádáil idir an 2 pháirtí.
  • 5.
    Comhar eacnamaíoch

    Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú tacú le hiarrachtaí Mharacó é féin maidir le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta a bhaint amach.

    • Áirítear ar na modhanna comhair:
      • idirphlé eacnamaíoch rialta ina gcumhdaítear gnéithe uile an bheartais mhaicreacnamaíoch;
      • cumarsáid agus malartuithe faisnéise;
      • comhairle, úsáid as seirbhísí saineolaithe agus oiliúint;
      • comhfhiontair;
      • cúnamh le cúrsaí teicniúla, riaracháin agus rialála.
    • Cumhdaítear ann réimse leathan réimsí beartais, lena n–áirítear:
      • oideachas agus oiliúint;
      • an comhshaol;
      • comhar réigiúnach;
      • comhar eolaíoch, theicniúil agus teicneolaíoch;
      • seirbhísí airgeadais;
      • iompar.
  • 6.
    Comhar i gcúrsaí sóisialta agus cultúrtha
    • Ní mór do náisiúnaigh Mharacó atá ag obair go dleathach i dtír AE a bheith saor ó aon chineál idirdhealaithe i gcomparáid le náisiúnaigh na tíre lena mbaineann. Ní mór caitheamh mar an gcéanna le náisiúnaigh AE atá ag obair i Maracó.
    • Rachaidh na páirtithe i mbun idirphlé rialta maidir le hábhar sóisialta ar bith is spéis leo.
    • Tabharfaidh na páirtithe faoi chomhar cultúrtha leanúnach chun borradh a chur faoi eolas agus tuiscint fhrithpháirteach.
  • 7.
    Comhar airgeadais

    Chomh maith leis na réimsí atá cumhdaithe, áireofar leis an gcomhar:

    • athchóirithe a éascú a dhírítear ar an ngeilleagar a nuachóiriú;
    • bonneagar eacnamaíoch a nuashonrú, infheistíocht phríobháideach agus gníomhaíochtaí cruthaithe fostaíochta a chur chun cinn;
    • na héifeachtaí a bheidh ag limistéar saorthrádála a thabhairt isteach de réir a chéile ar gheilleagar Mharacó, go háirithe i gcás go mbaineann sé le nuashonrú agus athstruchtúrú tionscail;
    • bearta tionlacain maidir le beartais a chuirtear chun feidhme sna hearnálacha sóisialta.
  • 8.
    Forálacha institiúideacha agus ginearálta

    Coiste Comhlachais, arna bhunú leis an gcomhaontú, freagrach as an gcomhaontú a chur chun feidhme. Tagann an Coiste le chéile ar na leibhéil oifigiúla agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe AE agus Mharacó.

    Tagann Comhairle Comhlachais le chéile ar an leibhéal aireachta. Is é a príomhról scrúdú a dhéanamh ar mhórcheisteanna ar bith a thiocfadh chun cinn faoi chuimsiú an chomhaontaithe agus ar cheisteanna déthaobhacha nó idirnáisiúnta comhleasa ar bith eile

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Márta 2000.

CÚLRA

  • Tá an comhaontú bunaithe ar an gcomhpháirtíocht Eora-Mheánmhara a bunaíodh idir AE agus tíortha na Meánmhara Theas.
  • Tá an chomhpháirtíocht Eora-Mheánmhara ina cuid de bheartas comharsanachta AE.
  • Seoladh idirbheartaíocht le haghaidh Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir AE agus Maracó an 1 Márta 2013.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2000/204/CE, CECG ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Maracó, den pháirt eile (IO L 70, 18.3.2000, lch. 1)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2000/204/CE, CECG a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mharacó, den pháirt eile — Prótacal 1 maidir leis na socruithe a bhaineann le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh Mharacó isteach sa Chomhphobal — Prótacal 2 maidir le socruithe a bhaineann le hallmhairiú táirgí iascaigh de thionscnamh Mharacó isteach sa Chomhphobal — Prótacal 3 maidir leis na socruithe a bhaineann le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh an Chomhphobail isteach i Maracó — Prótacal 4 maidir leis an sainmhíniú ar tháirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin — Prótacal 5 maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim idir na húdaráis riaracháin — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe Comhpháirteacha — Socruithe i bhfoirm Malartú Litreacha — Dearbhú ón gComhphobal — Dearbhuithe ó Mharacó (IO L 70, 18.3.2000, lgh. 2-204)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin — Tuarascálacha aonair agus bileoga eolais maidir le cur chun feidhme Comhaontuithe Saorthrádála AE — A ghabhann leis an doiciméad — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Cur chun Feidhme na gComhaontuithe Saorthrádála 1 Eanáir 2017-31 Nollaig 2017 (SWD(2018) 454 críochnaitheach, 31.10.2018)

Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 27-43)

Cinneadh 2012/497/AE ón gComhairle an 8 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mharacó maidir le bearta cómhalartacha léirscaoilte i ndáil le táirgí talmhaíochta, táirgí talmhaíochta próiseáilte, éisc agus táirgí iascaigh, ionadú Phrótacail 1, 2 agus 3 agus a nIarscríbhinní agus leasuithe ar an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mharacó, den pháirt eile (IO L 241, 7.9.2012, lgh. 2-3)

Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mharacó maidir le bearta cómhalartacha léirscaoilte i ndáil le táirgí talmhaíochta, táirgí talmhaíochta próiseáilte, éisc agus táirgí iascaigh, ionadú Phrótacail 1, 2 agus 3 agus a nIarscríbhinní agus leasuithe ar an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mharacó, den pháirt eile (IO L 241, 7.9.2012, lgh. 4-47)

Cinneadh 2011/392/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2011 maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mharacó lena mbunaítear sásra um réiteach díospóidí (IO L 176, 5.7.2011, lch. 1)

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mharacó lena mbunaítear sásra um réiteach díospóidí (IO L 176, 5.7.2011, lgh. 2-15)

Prótacal leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh — Dearbhuithe (IO L 242, 19.9.2005, lgh. 2-35)

Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mharacó maidir le bearta cómhalartacha léirscaoilte agus ionadú na bprótacal talmhaíochta a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus Maracó— Prótacal 1 maidir le socruithe a bhaineann le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh Mharacó isteach sa Chomhphobal — Prótacal 3 maidir leis na socruithe a bhaineann le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh an Chomhphobail isteach i Maracó (IO L 345, 31.12.2003, lgh. 119-149)

Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mharacó maidir le bearta cómhalartacha léirscaoilte i ndáil le leasuithe áirithe ar Iarscríbhinní 2, 3, 4 agus 6 a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mharacó, den pháirt eile (IO L 70, 18.3.2000, lgh. 206-227)

Nuashonraithe 05.06.2019

Top