EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saothrú inbhuanaithe éisc sa Mheánmhuir

Saothrú inbhuanaithe éisc sa Mheánmhuir

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 — bearta bainistíochta maidir le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis le cur chuige réamhchúramach a chur i bhfeidhm maidir le beo-acmhainní na mara (iasc agus sliogiasc) agus maidir le héiceachórais mhuirí agus soláthar a dhéanamh dá saothrú inbhuanaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Mar gheall ar shaintréithe bitheolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha iascach na Meánmhara ní mór don Aontas Eorpach creat bainistíochta iascaigh faoi leith a chur i bhfeidhm. Clúdaítear ann iascaireacht a dhéanann soithí AE pé acu in uiscí AE nó in uiscí idirnáisiúnta, iascaireacht a dhéanann soithí neamh–AE i limistéir iascaireachta AE nó iascaireacht a dhéanann saoránaigh AE sa Mheánmhuir.

Tá prionsabail agus rialacha i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a bhaineann le caomhnú agus bainistíocht bheo-acmhainní na mórmhara*, agus is ionann Coinbhinsiún Barcelona agus prótacal a bhaineann le limistéir faoi chosaint speisialta agus leis an éagsúlacht bhitheolaíocht sa Mheánmhuir.

Gnáthóga a chosaint

Chun gnáthóga a chosaint (lena n–áirítear gach láithreán Natura 2000), agus roinnt eisceachtaí lena n–áirítear soithí níos lú, tá cosc orthu seo a leanas i bhformhór na gcásanna:

  • tráil*, dreidirí*, peaslíonta saighní*, saighní báid*, saighní cládaigh* nó líonta comhchosúla os cionn grinnill féir mhara;
  • tráil, dreidirí, saighní cládaigh nó líonta comhchosúla os cionn gnáthóga coiréil agus grinnill mhéarla (algaí coiréilín a fhásann go scaoilte ar ghrinneall na farraige).

Limistéir faoi chosaint

Leis an rialachán tugtar cosaint do limistéir chósta ar iascaireacht, lena mbaineann leibhéil éagsúla srianta ag brath ar an gcineál trealaimh, trí chosc nó srian a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta feadh na línte seo a leanas:

  • bíonn cosc ar threalamh tarraingthe* go ginearálta laistigh de 3 mhuirmhíle ón gcósta;
  • tá dreidirí údaraithe laistigh de 3 mhuirmhíle beag beann ar an doimhneacht ar an gcoinníoll nach mbeidh gabháil speicis seachas sliogéisc níos mó na 10% den iomlán;
  • bíonn cosc ar thráil go ginearálta laistigh de 1.5 muirmhíle ón gcósta;
  • bíonn cosc ar dhreidirí báid nó ar dhreidirí hiodrálacha go ginearálta laistigh de 0.3 muirmhíle ón gcósta;
  • tá cosc ar peaslíonta saighní laistigh de 300 méadar ón gcósta;
  • tá cosc ar dhreidirí le haghaidh iascaireacht spúinse laistigh de 0.5 muirmhíle ón gcósta;
  • líonta tarraingthe, líonta timpeallaithe, peaslíonta saighní, dreidirí báid, dreidirí meicnithe, eangacha geolbhaigh*, traimilí* agus tá cosc ar eangacha geolbhaigh agus traimilí in éineacht le haghaidh iascaigh áineasa, mar aon le húsáid spiléar grinnill le haghaidh speicis mhórimirceacha.

Bainistíocht iascaigh

Tá pleananna le glacadh ag na tíortha AE lena mbaineann l d’iascach Meánmhara faoi leith, lena n–áirítear:

  • bearta bainistíochta maidir le hiarrachtaí iascaireachta;
  • bearta teicniúla sonracha, lena n–áirítear díolúintí sealadacha;
  • córais faireachais ar shoithí;
  • srianta sealadacha nó buana ar limistéir atá forchoimeádta le haghaidh trealamh nó soithí ar leith;
  • ceadanna iascaireachta speisialta a eisiúint.

Bearta rialaithe

Cuimsítear sa rialachán bearta rialaithe maidir leis an méid seo a leanas:

  • gabháil spriocspeiceas;
  • trasloingsiú*;
  • calafoirt ainmnithe;
  • faireachas ar ghabhálacha;
  • limistéar bainistíochta 25 muirmhíle thart ar Mhálta.

Leis an rialachán leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle agus aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 1626/94.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 29 Eanáir 2007.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Mórmhuir: an t–aigéan oscailte, nach bhfuil ina cuid den limistéar eacnamaíoch eisiach, den fharraige teorann nó d’uiscí inmheánacha aon stáit (Foinse: Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982).
Tráil: líonta a bhíonn á dtarraingt go gníomhach ag príomhinneall an bháid agus ina bhfuil cabhail i gcruth cóin nó pirimide atá dúnta ag an gcúl, ar féidir é a shíneadh ag an oscailt trí na sciatháin nó ar féidir é a fheistiú ar fhráma docht. Is féidir líonta den sórt sin a tharraingt ar ghrinneall na farraige (trál grinnill) nó i meánuisce (trál peiligeach).
Dreidirí: trealamh a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag príomhinneall an bháid (dreidire tarraingthe) nó a bhíonn á tharraingt ag crann tochrais innealta ó shoitheach ar ancaire (dreidirí meicnithe) chun débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí a ghabháil agus ina bhfuil mála lín nó ciseán miotail suite ar fhráma nó ar shlat dhocht de mhéideanna agus de chruthanna éagsúla agus a bhféadfadh lann scríobtha a bheith ar an gcuid íochtair díobh, agus a bhféadfadh scidí agus cláir tumadóireachta a bheith feistithe orthu.
Peaslíonta saighní: líon timpeallaithe ar bith a dtarraingítear a bhun le chéile trí pheaslíon saighní ag bun an lín, a théann trí shraith fáinní feadh na téide grinnill, trínar féidir an líon a chrapadh agus a dhúnadh. Is féidir peaslíonta saighní a úsáid chun speicis pheiligeacha bheaga, speicis pheiligeacha mhóra nó speicis ghrinnill a ghabháil.
Saighní báid: líonta timpeallaithe agus saighní tarraingthe a oibrítear agus a tharraingítear trí bíthin téad agus crainn tochrais ó bhád atá faoi shiúl nó ar ancaire agus nach bhfuil á tharraingt trí phríomhinneall an bháid, ar a bhfuil dhá sciathán chliathánacha agus bolg lárnach i bhfoirm spúnóige nó mála sa chuid is faide siar agus ar féidir iad a oibriú ón dromchla go dtí an grinneall ag brath ar an sprioc-speiceas.
Saighní cládaigh: líonta timpeallaithe agus saighní tarraingthe a shocraítear ó bhád agus a oibríonn ón gcládach.
Trealamh tarraingthe: trealamh tarraingthe ar bith, seachas doruithe trollála, a tharraingíonn cumhacht innill an tsoithigh iascaireachta nó a tharraingítear trí bhíthin crainn tochrais agus an soitheach iascaireachta ar ancaire nó faoi shiúl go mall, lena n–áirítear i líonta tarraingthe agus dreidirí faoi leith.
Eangacha geolbhaigh: líon ar bith atá déanta as píosa aonair lín a choinnítear go hingearach san uisce le snámháin agus le meáchain a bhíonn feistithe, nó ar féidir iad a fheistiú, ar mhodh ar bith do ghrinneall na farraige agus a choinníoll an trealamh ina áit gar don ghrinneall nó ar snámh sa cholún uisce (saintréithe fisiciúla (teocht, salandacht, an treá solais) agus ceimiceacha (pH, ocsaigin thuaslagtha, salann cothaiteach) sáille ag doimhneachtaí éagsúla le haghaidh pointe geografach sainithe).
Traimilí: líon ar bith atá déanta as dhá phíosa lín nó níos mó a bhíonn crochta le chéile go comhthreomhar ar cheannrópa, a bhíonn feistithe, nó ar féidir é a fheistiú ar mhodh ar bith do ghrinneall na farraige.
Trasloingiú: Aistriú gabhála, ó bhád iascaireachta níos lú de ghnáth go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisce níos mó í ansin lena loingsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta maidir le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lgh. 11-85).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 105-201)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 lena mbunaítear an córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 261, 20.10.1993, lgh. 1-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.05.2020

Top