Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córais le haghaidh inrianaitheacht tobac agus gnéithe slándála

Córais le haghaidh inrianaitheacht tobac agus gnéithe slándála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le bunú agus oibriú córas inrianaitheachta do tháirgí tobac

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 maidir le príomhghnéithe de chonarthaí stórála sonraí atá le tabhairt i gcrích mar cuid de chóras inrianaitheachta do tháirgí tobac

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 na caighdeáin theicniúla maidir le bunú agus oibriú an chórais inrianaitheachta dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2014/40/AE.
  • Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 na príomhghnéithe atá le háireamh i gconarthaí stórála sonraí nach mór a thabhairt i gcrích idir monaróir/allmhaireoir táirgí tobac agus soláthraithe stór príomhúil, dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Threoir 2014/40/AE.
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576 leagtar síos caighdeáin theicniúla maidir leis na gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm maidir le haonad-phaicéid táirgí tobac a chuirtear ar mhargadh an Aontais, dá bhforáiltear dó in Airteagal 16 de Threoir 2014/40/AE.

Eascraíonn gach ceann acu ó Threoir 2014/40/AE, a leagann amach rialacha an Aontais maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara — féach achoimre.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574

  • Éilítear le Treoir 2014/40/AE go marcálfar aonad-phaicéid táirgí tobac le haitheantóir uathúil (AU) d’fhonn a ngluaiseachtaí tríd an slabhra soláthair a thaifeadadh.
  • Leagtar amach sa rialachán cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an AU:
    • ní mór do gach tír AE eisitheoir aitheantais neamhspleách a cheapadh a bheidh freagrach as aitheantóirí uathúla a ghiniúint agus a eisiúint;
    • Ní mór aitheantóirí uathúla a ghineann eisitheoirí ID a úsáid chun aonad-phaicéid táirgí tobac a mharcáil;
    • Tá aitheantóirí uathúla bailí ar feadh 6 mhí ón dáta a fuair an chuideachta ordaithe iad;
    • ní mór do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí a chinntiú go bhfíoraítear na haitheantóirí uathúla a chuirtear i bhfeidhm i dtéarmaí a bhfeidhmiú ceart agus a n-inléiteachta.
  • Leagtar amach leis comhpháirteanna agus tréithe ginearálta an chórais stór chun sonraí a stóráil maidir le gluaiseachtaí táirgí tobac agus idirbhearta gaolmhara.
  • Leagtar amach leis rialacha maidir le taifead agus tarchur gluaiseachtaí táirgí agus faisnéis idirbheartaíochta.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573

  • Chun inrianaitheacht éifeachtach agus chomhlíontach táirgí tobac a chinntiú, ní mór na príomhsheirbhísí a leanas a áireamh i gconarthaí stórála sonraí a chuirtear i gcrích idir monaróirí agus allmhaireoirí táirgí tobac agus soláthraithe na bpríomhstór:
    • bunú agus oibriú príomhstóir (chun na sonraí a stóráil) de réir an Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2018/574;
    • a bheith rannpháirteach i mbunú agus oibriú an dara stóir (chun cóip de na sonraí a stóráil) agus ródaire an chórais.
    • foráil, arna iarraidh sin do sheirbhísí coimhdeacha teicniúla eile bainteach le hoibriú an phríomhstóir agus a chuireann ar chumas an chórais feidhmiú i gceart.
  • Caithfidh sonraíochtaí a bheith sa chonradh a bhaineann le hinoibritheacht, infhaighteacht, feidhmíocht agus neamhspleáchas airgeadais agus eagraíochtúil na seirbhísí a chomhlíonann na híoscheanglais mar atá leagtha amach sna rialacháin tarmligthe agus sna rialacháin chur chun feidhme.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/576

  • Ceanglaítear le Treoir 2014/40/AE go mbíonn gné slándála crioscaíldíonach ar gach aonad-phaicéad de tháirgí tobac a chuirtear ar an margadh, comhdhéanta d’eilimintí infheicthe agus dofheicthe, chun cabhrú le seiceáil an bhfuil táirgí tobac barántúil.
  • Ní mór do thíortha AE a cheangal go mbeidh gnéithe slándála comhdhéanta de chúig chineál gnéithe fíordheimhnithe ar a laghad, agus orthu sin tá an méid a leanas ar a laghad:
    • tá ceann neamhcheilte;
    • tá ceann leathcheilte;
    • tá ceann ceilte.
  • Ní mór do thríú páirtí neamhspleách ceann amháin ar a laghad de na heilimintí fíordheimhnithe a sholáthar a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos sa chinneadh cur chun feidhme.
  • Ní mór do thíortha AE a cheangal go gcuirfear gnéithe slándála i bhfeidhm ar aonad-phaicéid táirgí tobac ag úsáid aon cheann de na modhanna a leanas:
    • greamú;
    • priontáil;
    • meascán de ghreamú agus priontáil.
  • Caithfidh tíortha AE a bheith in ann anailís a dhéanamh ar gach teaglaim d’eilimintí fíordheimhnithe údaraithe lena chinntiú go bhfuil an táirge barántúil.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG NA RIALACHÁIN AGUS AG AN GCINNEADH?

  • Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 i bhfeidhm ón 6 Bealtaine 2018.
  • Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 i bhfeidhm ón 6 Bealtaine 2018.
  • Tá Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/576 i bhfeidhm ón 18 Nollaig 2017.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/574 an 15 Nollaig 2017 maidir le caighdeáin theicniúla chun córas inrianaitheachta do tháirgí tobac a bhunú agus a oibriú (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 7-55)

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/574 sa bhunthéacs. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/573 ón gCoimisiúin an 15 Nollaig 2017 maidir le príomhghnéithe de chonarthaí stórála sonraí atá le tabhairt i gcrích mar chuid de chóras inrianaitheachta do tháirgí tobac (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 1-6)

Cinneadh Chun Feidhme (AE) 2018/576 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2017 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le gnéithe slándála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac (IO L 96, 16.4.2018, lgh. 57-63)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 1-38)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.08.2020

Top