Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir AE agus Meicsiceo

Comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir AE agus Meicsiceo

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú le haghaidh Comhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo

Cinneadh 2005/766/CE — Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh Comhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an gcomhaontú na rialacha foirmiúla maidir le comhar idir an Comhphobal Eorpach, an tAontas Eorpach (AE) anois, agus Meicsiceo, arb é is aidhm leis gníomhaíochtaí i réimsí na heolaíochta agus na teicneolaíochta leasa choitinn a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.

Lena cinneadh, d’fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar shraith prionsabal:

  • comhshochar;
  • deiseanna cómhalartacha;
  • malartú tráthúil faisnéise;
  • cosaint éifeachtach maoine intleachtúla agus comhroinnt chothrom ceart maoine intleachtúla.

Réimsí maidir le comhar

Ní mór gníomhaíochtaí comhoibritheacha a dhíriú i dtreo dhul chun cinn na heolaíochta, iomaíochas tionsclaíoch agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, go háirithe sna réimsí seo a leanas:

  • taighde ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, lena n áirítear faire na cruinne;
  • taighde bithleighis agus sláinte;
  • talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaigh;
  • teicneolaíochtaí tionsclaíocha agus déantúsaíochta;
  • taighde ar leictreonaic, ábhair agus méadreolaíocht;
  • fuinneamh neamh-núicléach;
  • iompar;
  • teicneolaíochtaí na sochaí faisnéise;
  • taighde ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta;
  • biteicneolaíocht;
  • taighde aerloingseoireachta agus spáis agus taighde feidhmeach; agus
  • beartas eolaíochta agus teicneolaíochta.

Gníomhaíochtaí

Féadfaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí comhoibritheacha:

  • líonraí agus comhaontais institiúideacha fhadtéarmacha a bhunú idir ionaid taighde agus institiúidí taighde agus teicneolaíochta agus cur chun feidhme comhpháirteach tionscadal leasa choitinn;
  • tionscadail maidir le taighde, forbairt teicneolaíochta agus taisealbhadh a chur chun feidhme idir ionaid taighde agus ghnó i Meicsiceo agus san Eoraip, lena n áirítear cuideachtaí bunaithe ar an teicneolaíocht;
  • rannpháirtíocht institiúidí taighde Mheicsiceo i dtionscadail maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh faoin gcreatchlár reatha le haghaidh taighde agus nuálaíochta agus rannpháirtíocht dheilíneach institiúidí taighde bunaithe in AE i dtionscadail de chuid Mheicsiceo;
  • cuairteanna agus malartuithe eolaithe, cinnteoirí agus saineolaithe teicniúla taighde, forbartha teicneolaíche agus taisealbhaidh, lena n áirítear oiliúint eolaíoch trí thaighde;
  • comheagrú seimineár, comhdhálacha, ceardlann agus siompóisiam eolaíochta, agus rannpháirtíocht saineolaithe sna gníomhaíochtaí sin;
  • malartú agus comhroinnt trealaimh agus ábhar, lena n áirítear úsáid chomhroinnte agus/nó iasachtaí as bonneagar agus trealamh saotharlainne;
  • malartú faisnéise maidir le nósanna imeachta, dlíthe, rialacháin agus cláir a bhaineann le comhar faoin gcomhaontú seo, lena n áirítear malartú taithí agus staidéir ar an dea-chleachtas i mbeartas na heolaíochta agus na teicneolaíochta.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 13 Meitheamh 2005 ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana, agus féadfar é a athnuachan go tostach i ndiaidh measúnú iomlán, bunaithe ar na torthaí, le linn bhliain leathdheireanach gach tréimhse 5 bliana as a chéile. Rinneadh é a athnuachan go tostach an uair dheireanach in 2020 le haghaidh tréimhse bhreise 5 bliana.

CÚLRA

Tá an comhaontú ina chuid de chaidreamh déthaobhach níos leithne idir AE agus Meicsiceo arna rialú leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar (ar a dtugtar an comhaontú domhanda).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chomhar taighde agus nuálaíochta (T&N) le Meicsiceo, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú le haghaidh Comhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (IO L 290, 4.11.2005, lgh. 17-24).

Cinneadh 2005/766/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 lena dtugtar i gcrích an Comhaontú le haghaidh Comhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (IO L 290, 4.11.2005, lch. 16).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo den pháirt eile (IO L 276, 28.10.2000, lgh. 45-80).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gComhaontú seo a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.02.2022

Top