EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála idir Ceanada agus an tAontas Eorpach

Comhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála idir Ceanada agus an tAontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2017/37 maidir le síniú an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus an tAontas Eorpach (AE) agus na Ballstáit

Cinneadh (EU) 2017/38 — an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus an tAontas Eorpach agus Ballstáit a chur i bhfeidhm go sealadach

Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada agus an tAontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Cumhdaítear faoi na cinntí an comhaontú saorthrádála idir Ceanada agus tAontas Eorpach (AE) agus Ballstáit (CETA) a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach.
  • Tá an comhaontú ceaptha chun tacú le fás agus le poist trí fheabhas a chur ar rochtain ar an margadh le haghaidh earraí, seirbhísí agus infheistíochtaí. Dóibh siúd atá páirteach i gcúrsaí gnó, leagtar amach ann rialacha sonracha maidir le trádáil. D’fhéadfadh sépraghsanna a choinneáil íseal agus rogha níos leithne táirgí cáilíochta a sholáthar do thomhaltóirí, agus ag an am céanna seasamh le caighdeáin agus rialacha maidir le sábháilteacht bia agus táirgí, cosaint táirgí, sláinte, comhshaol, caighdeáin shóisialta agus saothair, etc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tosaítear an comhaontú le réamhrá ina leagtar amach na cúiseanna agus na haidhmeanna atá leis an gcomhaontú agus tiomantais na bpáirtithe do na haidhmeanna sin. Tá 30 caibidil, 3 phrótacal agus os cionn 1000 leathanach d’iarscríbhinní ina dhiaidh sin.

Caibidil 1: Sainmhínithe agus raon feidhme

Sa chaibidil seo mínítear na téarmaí a úsáidtear sa chomhaontú chun go mbeidh comhthuiscint ag páirtithe Cheanada agus na hEorpa ar an teanga a úsáidtear sa chomhaontú.

Caibidil 2: An chaoi a caitear leis an margadh ar leibhéal náisiúnta agus rochtain ar an margadh le haghaidh earraí

  • Le CETA bainfear ar shiúil formhór na ndleachtanna, na gcánacha nó na dtáillí iompórtála eile ar earraí a thrádáiltear idir AE agus Ceanada nuair a thiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm, nó de réir a chéile. Aontaíonn na páirtithe go gcaithfidh siad leis na hearraí a iompórtálann siad óna chéile ar bhealach atá chomh fabhrach céanna leis na hearraí a tháirgtear ina gcríoch baile.
  • Leagtar amach ann freisin srianta agus rialuithe áirithe a chuirfear i bhfeidhm nó a choinneofar i bhfeidhm le CETA, amhail cearta an dá thaobhmar bhaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) a chosaint nó tionscnamh na n–earraí a iompórtálann siad a chinntiú.

Caibidil 3: Leigheasanna trádála

  • Dearbhóidh na páirtithe a gcearta agus a dtiomantais faoi rialacha EDT. Féadfaidh baill EDT dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha na gcleachtas éagórach trádála ar a dtionscal intíre má, mar shampla, “dhumpálann” ballstát eile earraí ar a margadh faoi bhun chostas a dtáirgthe, nó má fhóirdheonaíonn siad táirgeadh na n–earraí sin.
  • Cuimsítear an méid seo a leanas sa chaibidil chomh maith:
    • rialacha maidir le trédhearcacht lena n–áirítear
      • imscrúduithe ar chásanna féideartha maidir le cleachtais éagothroma trádála,
      • bearta a glacadh chun dul i ngleic leo;
    • sásraí le haghaidh comhairliúcháin agus comhroinnt faisnéise chun cleachtais dá leithéid a chosc.

Caibidil 4: Bacainní teicniúla ar thrádáil

  • Gabhann na páirtithe orthu féin oibriú níos mó lena chéile ar rialacháin theicniúla maidir le táirgí a thástáil agus a dheimhniú. Is é an aidhm go mbeidh rialtóirí ábalta an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • taithí agus faisnéis a chomhroinnt;
    • réimsí a shainaithint ina bhféadfadh siad comhoibriú níos mó lena chéile.
  • Tá comhar eatarthu deonach. Ní chuirtear iallach ar cheachtar taobh a gcaighdeáin a ísliú.

Caibidil 5: Gníomhaíocht comhaontaithe maidir lesaincheisteanna sláinte sláintíochta agus plandaí (SPS)

  • Tá Comhaontú Tréidliachta i bhfeidhm ag AE agus Ceanada ó 1998 i leith. Tá feidhm aige sin maidir le hainmhithe agus táirgí ar bith ina bhfuil comhpháirteanna de bhunadh ainmhíoch. Faoi CETA, cuirtear an chaibidil SFS in ionad an Chomhaontaithe Tréidliachta, ach leantar den obair a rinneadh faoin gcomhaontú sin.
  • Ní chruthófar bacainní gan údar ar thrádáil leis na bearta a dhéanfaidh ceachtar páirtí chun sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe agus plandaí a chinntiú, ach seachas sin éascófar an trádáil.

Caibidil 6: Custaim agus éascú trádála

Tá an chaibidil seo ceaptha chun nósanna imeachta custam a chuíchóiriú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí. Cinntítear léi:

  • trédhearcacht – e.g. ceanglais maidir le custaim a chur ar fáil don phobal, agus faisnéis a chur ar fáil ar líne;
  • nósanna imeachta cuíchóirithe, bunaithe ar riosca – e.g. bainistíocht riosca agus próiseáil réamhtheachta seachas an ceangal go ndéanfar scrúdú ar gach lastas a thairgtear lena iontráil;
  • cinnteacht agus intuarthacht – e.g. próisis thrédhearcacha, éifeachtacha achomharc, réamhrialú iontaofa maidir le rangú de réir taraife.

Caibidil 7: Fóirdheontais

  • Ní mór do na páirtithe
    • a chur in iúl dá chéile má fhóirdheonaíonn siad táirgeadh earraí;
    • tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir le fóirdheontais ar bith a thugann siad do chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí, má iarrann an taobh eile faisnéis dá leithéid.
  • Cuireadh sásra ar bun chomh maith trínar féidir leis na páirtithe dul i gcomhairle lena chéile maidir le fóirdheontais a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar thrádáil eatarthu, agus réitigh a fháil má bhfaightear go bhfuil amhlaidh á dhéanamh ag fóirdheontas. Aontaíonn na páirtithe gan easpórtálacha de tháirgí talmhaíochta chuig margaí a chéile a fhóirdheonú.

Caibidil 8: Infheistíocht

  • Sa chaibidil seo leagtar amach bearta atá ceaptha chun infheistíocht a oscailt idir na páirtithe agus infheisteoirí a chosaint agus a chinntiú go gcaithfidh rialtais go cóir leo.
  • Maidir leis:
    • faightear réidh le bacainní ar infheistíocht eachtrach, amhail uasteorainneacha ar chothromas eachtrach nó ceanglais feidhmíochta;
    • féadfaidh infheisteoirí AE a gcaipiteal i gCeanada a aistriú ar ais chuig AE, agus a mhalairt;
    • cuirtear rialacha trédhearcacha, cobhsaí agus intuartha lena rialaítear infheistíocht i bhfeidhm;
    • cinntítear léi go gcaithfidh rialtais go cóir le hinfheisteoirí eachtracha;
    • cuirtear ar bun Córas nua Cúirte Infheistíochta chun go mbeidh infheisteoirí ábalta díospóidí le rialtais a réiteach go gasta agus go cóir;
    • dearbhaítear an ceart chun rialú ag gach leibhéal rialtais.

Caibidil 9: Trádáil trasteorann i seirbhísí

  • Sa chaibidil seo déantar níos éasca é do dhaoine aonair agus do chuideachtaí seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí as Ceanada, agus a mhalairt. Clúdaítear ann an méid a leanas ann:
    • seirbhísí amhail seirbhísí dlíthiúla, seirbhísí cuntasaíochta, iompair agus teileachumarsáide;
    • seirbhísí amhail turasóireacht, i gcás go gcaithfidh tomhaltóir as Ceanada bogadh go fisiceach ó Cheanada go AE chun an tseirbhís a úsáid, agus a mhalairt.
  • Gabhann na páirtithe orthu féin rochtain chóir, chothrom ar mhargaí seirbhísí a chéile a chinntiú.
  • In earnálacha seirbhíse áirithe, rinne na páirtithe eisceachtaí toisc, mar shampla, go bhfuil na seirbhísí lena mbaineann — seirbhísí closamhairc, seirbhísí áirithe eitlíochta — íogair. Seasann an comhaontú go hiomlán le cumas na rialtas seirbhís a rialáil agus a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail.

Caibidil 10: Iontráil agus fanacht sealadach oibrithe laistigh de theorainneacha na tíre eile nó an bhloic thrádála

Sa chaibidil seo soláthraítear cinnteacht dhlíthiúil d’oibrithe oilte a iontrálann AE nó Ceanada ar bhonn sealadach chun gnó a dhéanamh. Sonraítear inti:

  • na cineálacha gairmithe atá cumhdaithe, agus na hearnálacha inar féidir leo oibriú;
  • íosfad a bhfanachta;
  • caithfear go cothrom le gairmithe AE i gCeanada agus a mhalairt.

Caibidil 11: Aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí gairmiúla

Sa chaibidil seo cruthaítear socruithe trínar féidir le Ceanada cáilíochtaí gairmiúla a baineadh amach in AE a aithint, agus a mhalairt. Déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:

  • féadfaidh gairmithe ar dhá thaobh an Atlantaigh cleachtadh i gcríoch a chéile;
  • fágtar é faoi na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí gairmiúla in AE nó i gCeanada togra maidir le haitheantas frithpháirteach gur féidir a chomhtháthú in CETA a idirbheartú.

Caibidil 12: Rialachán intíre

  • Lena chinntiú nach bhfeidhmíonn rialacháin intíre i gceachtar críoch mar bhacainn éagórach ar thrádáil, ba cheart go mbeidh gach rialachán a ghlacfar ar fáil don phobal, éasca a thuiscint agus réasúnta.
  • I roinnt cásanna, féadfaidh na húdaráis in AE nó i gCeanada ceadúnas a dheonú do chuideachta nó do dhuine aonair chun seirbhís a sholáthar nó chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch faoi leith. I roinnt cásanna, féadfaidh siad ceanglais i ndáil le cáilíocht a fhorchur.
  • Tá eisceachtaí ann maidir le roinnt réimsí rialacháin, amhail dáileadh uisce agus seirbhísí poiblí eile.

Caibidil 13: Seirbhísí airgeadais

  • Leis an gcaibidil seo cuirtear ar chumas institiúidí airgeadais agus infheisteoirí in AE agus i gCeanada leas a bhaint as rochtain chóir, chothrom ar mhargaí a chéile. Tá coinníollacha áirithe i bhfeidhm, agus comhlíonann na rialacha go hiomlán le caighdeáin stuamachta agus rialála atá i bhfeidhm in AE agus i gCeanada. Lena chois sin, ní féidir le gnólachtaí airgeadais ach a seirbhísí féin a thairiscint don pháirtí eile i líon teoranta earnálacha, amhail seirbhísí áirithe árachais agus baincéireachta.
  • Cuideoidh Coiste Seirbhís Airgeadais leis na páirtithe an earnáil a mhaoirsiú agus a rialáil. Tá cead acu slándáil agus sláine a gcóras airgeadais faoi seach a chosaint. Níl réimsí amhail pinsin agus slándáil shóisialta san áireamh.

Caibidil 14: Seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta

Sa chaibidil seo:

  • leagtar amach rialacha maidir leis an margadh iompair mhuirí idir na páirtithe;
  • cuimsítear bearta chun rochtain chóir chothrom ar chalafoirt agus ar sheirbhísí calafoirt le haghaidh longa tráchtála a chinntiú.
  • soláthraítear sainmhínithe ionas go mbeidh tiomantais na bpáirtithe soiléir.

Caibidil 15: Teileachumarsáid

Gabhann na páirtithe orthu féin rochtain chóir agus chothrom ar líonraí agus ar sheirbhísí teileachumarsáide poiblí a thabhairt do ghnólachtaí a chéile. Dearbhaítear sna rialacha cearta custaiméirí chun:

  • a n–uimhir a choinneáil nuair a athraíonn siad soláthraithe;
  • seirbhísí teileachumarsáide a fháil i gceantair iargúlta.

Caibidil 16: Tráchtáil leictreonach

  • Sa chaibidil seo cumhdaítear gnó ar bith a dhéantar go leictreonach (e.g. siopadóireacht ar líne).
  • Áirítear inti rialacha lena chinntiú go ndéanfar faisnéis phearsanta ar an idirlíon a chosaint agus nach mbeidh dleachtanna custaim san áireamh i seirbhísí ar líne;
  • Geallann na páirtithe oibriú le chéile ar cheisteanna a bhaineann le r-thráchtáil, mar shampla dul i ngleic le turscar.

Caibidil 17: Beartas iomaíochta

Aontaíonn na páirtithe

  • cleachtais lena saobhtar iomaíocht agus trádáil (cairtéil, mí-úsáid as ceannasacht sa mhargadh nó cumaisc frithiomaíochta) a chosc agus pionós a ghearradh ina leith;
  • rialacha a urramú lena chinntiú go bhfeidhmíonn siad go cóir agus go trédhearcach agus a ndlíthe iomaíochta á gcur i bhfeidhm acu agus imscrúduithe á ndéanamh acu ar chuideachtaí a d’fhéadfadh na rialacha a shárú;
  • an tábhacht a bhaineann le comhar idir a n–údaráis iomaíochta faoi seach a aithint.

Caibidil 18: Cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit, monaplachtaí agus fiontair dá ndeonaítear cearta nó pribhléidí speisialta

  • Aontaíonn na páirtithe gan idirghabháil a dhéanamh in iomaíocht le haghaidh cuideachtaí príobháideacha nó saobhadh féideartha a dhéanamh uirthi. Cinnteoidh an dá thaobh nach ndéanfaí na fiontair faoi úinéireacht an stáit, na monaplachtaí, agus na fiontair dá ndeonaítear cearta speisialta idirdhealú i gcoinne earraí, seirbhísí, nó infheistíochtaí ón bpáirtí eile.
  • Leis sin cinnteofar nach mbeidh tionchar diúltach ar iomaíocht idir cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit. Cinntítear leis na rialacha go bhfuil saoirse iomlán rogha ag an dá pháirtí maidir leis an dóigh a soláthraíonn siad a seirbhísí dá saoránaigh.

Caibidil 19: Soláthar rialtais

Sa chaibidil seo sainítear na réimsí inar féidir le gnólachtaí AE agus Cheanada earraí agus seirbhísí a sholáthar do rialtais a chéile, ar gach leibhéal rialtais, náisiúnta, réigiúnach agus cúigeach, agus áitiúil. Chun go dtarlóidh sé sin, ní mór do ghnólachtaí rialacha sonraithe a chomhlíonadh maidir le:

  • luach na n–earraí, na seirbhísí, nó an conartha lena mbaineann
  • cé hé an custaiméir
  • na hearraí agus na seirbhísí a cheadaítear (san aguisín).

Caibidil 20: Maoin intleachtúil

Sa chaibidil seo:

  • baintear leas as na dlíthe idirnáisiúnta um maoin intleachtúil (MI) atá ann cheana chun rialacháin agus caighdeáin a fhorbairt a bheidh comhsheasmhach idir na páirtithe;
  • leagtar amach nósanna imeachta chun cosaint i gcoinne sáruithe MI;
  • sainítear réimsí inar féidir leis an dá pháirtí tuilleadh comhoibrithe a dhéanamh.

Caibidil 21: Comhar rialála

  • Sa chaibidil seo:
    • baintear leas as comhaontú atá ann cheana idir na páirtithe maidir le comhar rialála,
    • spreagtar rialtóirí eispéiris agus faisnéis a mhalartú, agus réimsí a shainaithint ina bhféadfadh siad comhoibriú lena chéile.
  • Tá an comhar ar fad deonach agus coimeádann rialtóirí in AE agus i gCeanada a gcumhachtaí faoi seach chun reachtaíocht a ghlacadh.

Caibidil 22: Trádáil agus forbairt inbhuanaithe

Sa chaibidil seo déanann na páirtithe an méid seo a leanas:

  • aithníonn siad go bhfuil an fás eacnamaíoch, forbairt shóisialta agus cosaint an chomhshaoil idirnasctha;
  • aontaíonn siad go dtacaíonn an fás eacnamaíoch lena spriocanna sóisialta agus comhshaoil;
  • cruthaíonn siad Comhchoiste maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe;
  • gabhann siad orthu féin fóraim le grúpaí leasmhara a chur chun cinn.

Caibidil 23: Trádáil agus saothar

  • Gabhann na páirtithe orthu féin na caighdeáin saothair arna leagan amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a urramú, agus coinbhinsiúin bhunaidh EIS a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
  • Sa chaibidil seo:
    • déantar ceart gach taoibh chun cúrsaí saothair a rialáil a chosaint;
    • cuirtear cosc ar cheachtar taobh ó neamhaird a dhéanamh de na caighdeáin saothair nó iad a ísliú chun borradh a chur faoi thrádáil;
    • cinntítear go bhfuil eagraíochtaí neamhrialtasacha páirteach sna rialacha sa chaibidil seo a chur chun feidhme;
    • cuirtear comhar le EIS chun cinn;
    • bunaítear sásra lena chinntiú go gcuirfidh an dá thaobh forálacha na caibidle seo i bhfeidhm (sásra forfheidhmiúcháin).

Caibidil 24: Trádáil agus an comhshaol

  • Aontaíonn na páirtithe comhaontuithe idirnáisiúnta comhshaoil a chur i bhfeidhm.
  • Déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:
    • déantar ceart gach taoibh chun rialáil ar chúrsaí an chomhshaoil a chosaint;
    • ceanglaítear ar an dá thaobh a ndlíthe intíre um chomhshaol a fhorfheidhmiú;
    • cuirtear cosc ar cheachtar taobh a ndlíthe a mhaolú chun borradh a chur faoi thrádáil;
    • spreagtar caomhnú agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí agus iascaigh;
    • cinntítear rannpháirtíocht grúpaí neamhrialtasacha.

Caibidil 25: Idirphlé déthaobhacha agus comhar

  • Aontaíonn na páirtithe oibriú níos mó lena chéile ar réimsí amhail eolaíocht agus foraoiseacht.
  • Tá comhaontuithe reatha maidir le hidirphlé ar comhar ar chúrsaí trádála agus eacnamaíocha corpraithe in CETA ionas go mbeidh an bunús céanna le gach gníomhaíocht dá leithéid.

Caibidil 26: Bearta riaracháin agus institiúideacha

Sa chaibidil seo cumhdaítear an dóigh a n–eagraíonn na páirtithe na coistí éagsúla a bhunaítear leis an gcomhaontú chun CETA a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm, agus cineál dlitheanach a gcinntí.

Caibidil 27: Trédhearcacht

Aontaíonn na páirtithe leis an méid seo a leanas:

  • na dlíthe, rialacháin, nósanna imeachta agus rialú riaracháin ar chúrsaí a chumhdaítear faoi CETA a fhoilsiú agus iad sin a chur ar fáil dóibh siúd lena mbaineann;
  • faisnéis a chomhroinnt agus freagairt a thabhairt ar cheisteanna go pras ar bhearta a théann i gcion ar an dóigh a gcuireann siad CETA i bhfeidhm;
  • comhoibriú i gcomhlachtaí idirnáisiúnta chun trédhearcacht a chur chun cinn i dtrádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta.

Caibidil 28: Eisceachtaí

Tá an ceart ag na páirtithe réimsí áirithe a eisiamh, ó chaibidlí sonracha de CETA, nó ón gcomhaontú ar fad, ar chúiseanna éagsúla (e.g. chun sábháilteacht an phobail a chosaint, imghabháil cánach a chosaint, nó aitheantas cultúrtha a chur chun cinn).

Caibidil 29: Réiteach díospóidí;

  • Cuirtear córas ar fáil sa chaibidil seo chun díospóidí a réiteach idir na páirtithe faoin dóigh a gcuireann siad CETA i bhfeidhm nó faoin dóigh a léirmhíníonn siad é. Má thagann difríochtaí chun cinn, ní mór don dá thaobh ar an gcéad dul síos cumarsáid shoiléir agus phras a dhéanamh lena chéile chun iad a réiteach a luaithe is féidir. Ní mór dóibh dul i gcomhairle le saineolaithe ar an gceist chomh maith. Ní féidir leis na hiarrachtaí sin leas a bhaint as an nós imeachta foirmiúil atá leagtha amach sa chaibidil seo ach amháin mura mbeidh toradh ar bith orthu.
  • Leagtar amach inti chomh maith na nósanna imeachta a gcaithfidh an dá thaobh cloí leo chun díospóid fhoirmiúil a réiteach. Tugtar an rogha inti idirghabhálaí neamhspleách a úsáid chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas.

Caibidil 30: Bearta deiridh

Sa chaibidil seo leagtar amach rialacha maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, corprú Ballstát nua AE sa chomhaontú nuair a shíneofar é, agus an comhaontú a leasú nó deireadh a chur leis.

CÉN T-AM A THAGANN NA CINNTÍ AGUS AN COMHAONTÚ I BHFEIDHM?

Tá feidhm ag Cinneadh (AE) 2017/37 agus Cinneadh (AE) 2017/38 ón 28 Deireadh Fómhair 2016.

Ní bheifear ábalta CETA ar chur i bhfeidhm go hiomlán agus go cinnte go dtí go ndaingneoidh gach ballstát den AE an comhaontú de réir a gceanglas bunreachtúil intíre faoi seach.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2017/37 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lgh. 1-2)

Cinneadh (AE) 2017/38 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (IO L 11, 14.1.2017, lgh. 1080-1081)

Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile, (IO L 11, 14.1.2017, lgh. 23-1079)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (IO L 238, 16.9.2017, lgh. 9-1081)

Fógra maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (CCS) idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ceanada, den pháirt eile, a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 89, 1.4.2017, lch. 1)

Nuashonraithe 09.09.2021

Top