EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú um chomhpháirtíocht Ghána-AE

Comhaontú um chomhpháirtíocht Ghána-AE

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú eatramhach um Chomhpháirtíocht Eacnamaíochta idir Gána agus an tAontas Eorpach agus tíortha AE

Cinneadh (EU) 2016/1850 ón gComhairle—an Comhaontú eatramhach um Chomhpháirtíocht Eacnamaíochta idir Gána agus an tAontas Eorpach agus tíortha AE a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Áirítear leis na cuspóirí seo a leanas:

  • rochtain fhabhrach leanúnach ar mhargadh AE a thabhairt do Ghána faoi chomhaontú déthaobhach atá comhoiriúnach le rialacha EDT (an Eagraíocht Dhomhanda Trádála);
  • socrú fadtéarmach chun borradh a chur faoi thrádáil agus infheistíocht a sholáthar idir Gána agus a chomhpháirtí trádála aonair is mó, AE, agus dá réir sin cur le forbairt eacnamaíoch Ghána.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tosaíonn an comhaontú le réamhrá ina leagtar amach na cúiseanna agus na haidhmeanna is bonn leis. Tagann 7 dteideal ina dhiaidh sin:

  • Teideal 1:

    Cuspóirí:

    • Rochtain níos fearr a thabhairt do Ghána ar an margadh ná mar atá ceadaithe ag Scéim Ghinearálta AE um Fhabhair.
    • Míshocracht a sheachaint tar éis do Chomhaontú Cotonou dul in éag.
    • Cuidiú le cuspóirí ginearálta Ghána a bhaint amach leis an mbochtaineacht a laghdú agus le comhtháthú réigiúnach, comhar eacnamaíoch agus dea-rialachas a chur chun cinn san Afraic Thiar.
    • Rannpháirtíocht Ghána sa gheilleagar domhanda a chur chun cinn.
    • Naisc AE-Ghána a neartú atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhleas.
    • Teacht ar chomhaontú a bheidh ar comhréir le rialacha EDT
  • Teideal 2:

    Comhpháirtíocht um fhorbairt:

    • Geallann na páirtithe sa chomhaontú don mhéid seo a leanas:
      • comhar airgeadais agus neamhairgeadais;
      • comhar chun na tairbhí do Ghána a uasmhéadú;
      • an timpeallacht ghnó a dhéanamh chomh fabhrach agus is féidir;
      • tacaíocht a thabhairt do Ghána i gcur chun feidhme rialacha a bhaineann le trádáil;
      • oibriú chun Gána a dhéanamh iomaíoch sna réimse atá cumhdaithe faoin gcomhaontú.
    • Aithníonn an dá thaobh go bhféadfadh dleachtanna custaim níos ísle tionchar suaite a bheith acu agus comhaontaíonn siad go gcomhoibreoidh siad chun aon éifeacht dhiúltach a mhaolú.
  • Teideal 3:

    Córas trádála le haghaidh earraí

    Tá an teideal seo roinnte ina 4 chaibidil:

    • Caibidil 1:

      Dleachtanna custaim* & bearta neamhtharaife

      Aontaíonn na páirtithe:

      • go mbeidh táillí agus muirir eile a eascraíonn as oibleagáidí dlíthiúla roimh dháta shíniú an chomhaontaithe i bhfeidhm ar feadh deich mbliana eile, agus d’fhéadfaí é sin a shíneadh;
      • nach mbeidh dleachtanna custaim ar bith ar allmhairí isteach in AE de tháirgí a thionscnóidh i nGána ach amháin ar airm agus armlón, a luaithe is a thiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm;
      • le haghaidh cineálacha áirithe earraí, coimeádfar dleachtanna custaim ar onnmhairí AE go Gána, nó díothófar iad thar 15 bliana; agus
      • déanfar rialacha tionscnaimh a idirbheartú.
    • Caibidil 2:

      Bearta cosanta trádála

    • Caibidil 3:

      Custaim agus éascú trádála

      Aontaíonn na páirtithe:

      • faisnéis a chomhroinnt maidir le reachtaíocht agus nósanna imeachta um chustam;
      • oibriú le chéile ar nósanna imeachta um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras;
      • comhar chun nósanna imeachta trádála a uathoibriú;
      • cur chuige coiteann a ghlacadh maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear EDT, an Chomhairle um Chomhar Custaim, na Náisiúin Aontaithe agus UNCTAD, Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt;
      • comhar a chur chun cinn idir na gníomhaireachtaí gaolmhara go léir;
      • rialacha um luacháil chustaim a leagan síos maidir le trádáil chómhalartach faoi rialacha GATT.
    • Caibidil 4:

      Bacainní teicniúla ar thrádáil & bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta

      • Coimeádann Gána agus AE a gcearta faoi oibleagáidí iltaobhacha amhail: comhaontuithe EDT maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SFS) agus maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí; CODEX Alimentarius; an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.
      • Féadfaidh ceachtar taobh criosanna um stádas sainithe sláintíochta agus fíteashláintíochta a shainaithint faoi chomhaontú EDT SFS (e.g. réigiúin atá saor ó ghalair nó ina bhfuil méideanna ísle de leitheadúlacht lodnaidí nó galar).
      • Cuirfidh gach taobh an taobh eile ar an eolas faoi aon athrú ar cheanglais theicniúla um allmhairiú le haghaidh táirgí lena n-áirítear ainmhithe beo agus plandaí. Cuirfidh siad in iúl don taobh eile chomh maith aon riail nua lena gcuirtear cosc ar earraí áirithe a allmhairiú.
      • Aontaíonn an dá thaobh comhoibriú i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um shocrú caighdeán.
  • Teideal 4:

    Seirbhísí, infheistíocht agus rialacha a bhaineann le trádáil

    Aontaíonn na páirtithe cúnamh a thabhairt le teacht ar chomhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir an Afraic Thiar agus AE sna réimsí seo a leanas:

    • Trádáil i seirbhísí agus i ríomhthráchtáil
    • Infheistíochtaí
    • Iomaíocht
    • Maoin intleachtúil.
  • Teideal 5:

    Seachaint agus socrú díospóidí

    Leis an gcomhaontú cuirtear sásra i bhfeidhm chun

    • aon díospóid trádála a sheachaint;
    • aon díospóid den sórt sin a shocrú trí phainéal achomhairc;
    • a chinntiú go gcloítear le rialú an phainéil.
  • Teideal 6:

    Eisceachtaí ginearálta

    • Clásal eisceachta ginearálta: cinntítear leis nach féidir úsáid a bhaint as an gcomhaontú chun cosc a chur ar cheachtar taobh bearta a dhéanamh chun beatha a chosaint nó chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú, mar shampla.
    • Eisceachtaí slándála: ní mór do na páirtithe a chéile a chur ar an eolas faoi ghníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh siad chun leasanna slándála riachtanacha a chosaint agus síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choimeád, agus faoi chinntí ar bith maidir le stop a chur le tionscnaimh dá leithéid.
    • Cánachas: ní féidir an comhaontú a úsáid, mar shampla, chun údar a thabhairt d’idirdhealú cánach bunaithe ar an áit ina bhfuil daoine ina gcónaí nó ina bhfuil a n-infheistíochtaí acu, ná teorainn a chur ar chearta nó oibleagáidí ceachtar taoibh faoi aon choinbhinsiún cánach.
  • Teideal 7:

    gnéithe institiúideacha, ginearálta agus deiridh an chomhaontaithe

    Áirítear leis anteideal seo gnéithe amhail iad seo a leanas:

    • leanfaidh an 2 thaobh le hidirbheartaíocht a dhéanamh cosúil leis na cinn a úsáideadh chun teacht ar an gcomhaontú seo;
    • cuirfear Coiste an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíochta ar bun chun an comhaontú a bhainistiú;
    • beidh an comhaontú i bhfeidhm go huathoibríoch maidir le haon tír is iarrthóir a luaithe is a ghlacfaidh sí ballraíocht in AE.
    • soláthraítear naisc sa chomhaontú le Comhaontú Cotonou.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Síníodh an comhaontú an 28 Iúil 2016, ar an tuiscint go gcuirfí i gcrích ar dháta níos déanaí é. Cuireadh i bhfeidhm go sealadach é an 15 Nollaig 2016 ach níor tháinig sé i bhfeidhm fós.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dleachtanna custaim: aon dleacht nó muirear de chineál ar bith, lena n-áirítear aon fhoirm forchánach nó formhuirir, a ghearrtar ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí nó a ghearrtar i dtaca le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú eatramhach um Chomhpháirtíocht Eacnamaíochta idir Gána, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Ballstáit den pháirt eile (IO L 287, 21.10.2016, lgh. 3-319)

Cinneadh (AE) 2016/1850 ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir leis an gComhaontú eatramhach um Chomhpháirtíocht Eacnamaíochta idir Gána, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Ballstáit den pháirt eile, a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 287, 21.10.2016, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 15.08.2017

Top