Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim i gcórais sláinte poiblí AE

Sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim i gcórais sláinte poiblí AE

Tá freagracht ar an Aontas Eorpach (AE) as ardleibhéal shláinte an duine a chinntiú ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí. Táthar ag súil go gcuideoidh sé leis na húdaráis náisiúnta, atá freagrach as eagrú agus seachadadh seirbhísí sláinte agus cúram leighis, a n-iarrachtaí an tsláinte phoiblí a chosaint a chomhordú.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle maidir le sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim, lena n-áirítear cosc agus rialú ionfhabhtuithe a bhaineann leis an gcúram sláinte agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (2014/C 438/05) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 438 an 6.12.2014, lgh. 7-11)

ACHOIMRE

Tá freagracht ar an Aontas Eorpach (AE) as ardleibhéal shláinte an duine a chinntiú ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí. Táthar ag súil go gcuideoidh sé leis na húdaráis náisiúnta, atá freagrach as eagrú agus seachadadh seirbhísí sláinte agus cúram leighis, a n-iarrachtaí an tsláinte phoiblí a chosaint a chomhordú.

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ?

Iarrtar iontu ar údaráis náisiúnta thíortha AE:

  • Moladh 2009/151/01 ón gComhairle maidir le sábháilteacht othar agus ionfhabhtuithe a bhaineann leis an gcúram sláinte a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm go hiomlán;
  • treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais maidir le sábháilteacht othar a chur i bhfeidhm;
  • oideachas agus oiliúint baill foirne cúram sláinte ar shábháilteacht othar ar ionfhabhtuithe a bhaineann leis an gcúram sláinte a chur chun cinn;
  • eagraíochtaí leighis a spreagadh chun cultúr sábháilteachta othar a chur chun cinn;
  • bearta a fhorbairt chun tuairisciú saor ó mhilleán ag gairmithe sláinte nó othair a fhorbairt;
  • rannpháirtíocht agus cumhachtú othar, teaghlach agus cúramóirí neamhfhoirmiúla a spreagadh;
  • bearta maidir le cosc agus rialú ionfhabhtuithe a neartú;
  • treoirlínte gairmiúla maidir le húsáid stuama antaibheathach a fhorbairt;
  • aird faoi leith a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (sa chás go mbíonn frithsheasmhacht bailithe ag miocrorgánaigh is cúis le hionfhabhtuithe de bharr ró-úsáid antaibheathach).

Ba chóir d’údaráis náisiúnta agus don Choimisiún le chéile, an méid seo a leanas, i measc nithe eile, a dhéanamh:

  • bailiú faisnéise faoi dhroch-fhrithghníomhuithe sláinte a chur chun cinn,
  • treoir AE maidir le rannpháirtíocht othar agus saoránach (e.g. faisnéis maidir le cearta othar, caighdeáin sábháilteachta, nósanna imeachta gearán agus cúiteamh atá ar fáil) a fhorbairt;
  • taighde maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a neartú agus a chomhordú, lena n-áirítear comhoibriú idir earnáil shláinte an duine agus an earnáil sláinte ainmhithe;
  • bearta le haghaidh comhoibriú inbhuanaithe AE maidir le sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim a thabhairt chun críche faoi mhí na Nollag 2016.

Lena chois sin, tugtar an dóigh a bhfuil na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún ag tabhairt aghaidh ar shábháilteacht othar chun suntais i bpacáiste um shábháilteacht othar. Tagann ionchur sna beartais éagsúla ón ngrúpa oibre ar shábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim fosta.

CÚLRA

Tarlaíonn cineál éigin droch-frithghníomhaithe do thart ar 3.2 milliún othar in AE gach bliain agus cóir leighis á cur orthu. Is féidir leo sin teacht as ionfhabhtuithe cúram sláinte, earráidí leighis nó máinliachta, cliseadh gléasanna leighis nó fáthmheas mícheart. Tá sé measta go bhféadfaí 20 % go 30 % díobh sin a chosc.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach sábháilteacht othar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Nuashonraithe 06.08.2015

Top