Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Copernicus (2014-2020): faire agus faireachán ar an bpláinéad

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár spáis AE (2021–2027) — Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis' for an updated information about the subject.

Clár Copernicus (2014-2020): faire agus faireachán ar an bpláinéad

Bunaítear clár Copernicus leis an dlí seo ón Aontas Eorpach (AE). Clár sibhialta faoi cheannas an úsáideora is ea Copernicus a chuirfidh leis na cláir a bhí i bhfeidhm roimhe seo, Clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne, GMES (Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil), agus a chuirfidh freisin leis na hacmhainní náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh.911/2010.

ACHOIMRE

Clár AE atá in Copernicus a bhfuil mar aidhm leis Seirbhísí Faisnéise Eorpacha a fhorbairt bunaithe ar Fhaire na Cruinne ó shatailítí agus ar anailís ar shonraí in situ (neamh-spáis). Is é an Coimisiún Eorpach atá i gceannas ar an tionscnamh i gcomhpháirtíocht le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) agus leis an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA).

Agus tionscal Eorpach spáis agus seirbhísí iomaíocha á fhorbairt, tá sé mar aidhm le Copernicus córais nuálacha agus seirbhísí nuálacha de chuid fhaire na Cruinne a chothú agus rochtain neamhspleách Eorpach ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus ar na príomhtheicneolaíochtaí i dtaca le faire agus bailiú geofaisnéise a áirithiú. Cuirfear na seirbhísí faisnéise arna soláthar ar fáil gan srian agus ar bhealach oscailte do na húsáideoirí ar fad.

Cuimsítear 3 eilimint le Copernicus:

1.

Eilimint seirbhíse : faoi chóras Copernicus, soláthraítear sonraí caighdeánaithe agus faisnéis chaighdeánaithe dá úsáideoirí ar bhonn fadtéarmach agus inbhuanaithe trí réimse seirbhísí, arna gcur ar fáil ag cuideachtaí nó ag aonáin phoiblí, agus arna gcistiú ag an gCoimisiún. Féadfaidh úsáideoirí deiridh leas a bhaint as an bhfaisnéis i raon leathan feidhmeanna i réimsí éagsúla amhail forbairt inbhuanaithe agus cosaint an dúlra, pleanáil réigiúnach agus áitiúil, talmhaíocht, foraoiseacht, iascach, sláinte, cosaint shibhialta, bonneagar, iompar, agus turasóireacht

2.

Eilimint spáis : áirítear leis sin breathnóireachtaí inbhuanaithe ón spás le haghaidh na n-eilimintí seirbhíse. Is é Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) a dhéanann comhordú ar an eilimint seo agus a oibríonn misin thiomnaithe. Beidh misin thiomnaithe á n-oibriú freisin ag an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMETSAT).

3.

Eilimintin situ : Bailíonn Copernicus faisnéis ó chórais in situ amhail stáisiúin ar an talamh a sholáthraíonn sonraí arna mbailiú le líon mór gabhdóirí ar an talamh, san fharraige nó san aer. Is ó eagraíochtaí Eorpacha agus neamh-Eorpacha agus ó thíortha an AE a fhaightear na sonraí sin.

Úsáideoirí

Is iad lucht déanta beartas agus údaráis phoiblí na bunúsáideoirí, agus úsáideann siad na sonraí mar bhonn chun beartais agus reachtaíocht a fhorbairt, mar shampla i réimse an chomhshaoil nó le haghaidh na cosanta sibhialta i gcás tubaiste nádúrtha nó géarchéim dhaonnúil. I measc na n-úsáideoirí eile, áirítear úsáideoirí tráchtála agus príobháideacha, earnálacha an oideachais agus an taighde, agus eagraíochtaí neamhbhrabúis.

Úsáid sonraí Copernicus

Cuirtear sonraí agus faisnéis Copernicus ar fáil ar bhonn oscailte, iomlán agus gan táille, faoi réir coinníollacha agus teorainneacha áirithe. Déantar é sin chun a n-úsáid agus a gcomhroinnt a chur cinn, mar aon le borradh a chur faoi mhargaí Eorpacha um fhaire na Cruinne, go háirithe forbairt seirbhísí agus táirgí breisluacha. D’fhéadfaí nach mbeadh seirbhísí iartheachtacha dá leithéid ar fáil saor in aisce, ag brath ar mhúnla gnó an tsoláthraí.

Buiséad agus clár oibre

Tá buiséad EUR 4.3 billiún (i bpraghsanna reatha) ar fáil chun na 3 eilimint a fhorbairt sa tréimhse 2014-2020.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014

1.1.2014

31.12.2017

IO L 122, an 24.4.2014.

Nuashonraithe 28.07.2014

Top