Dáileadh árachais — rialacha úra ó 2018 i leith
ACHOIMRE AR:
Treoir 2016/97 — rialacha um dháileadh árachais
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Tá sé mar aidhm leis an treoir feabhas a chur ar an dóigh a ndíoltar táirgí árachais ionas go mbainfidh tomhaltóirí agus infheisteoirí miondíola in AE fíorthairbhí astu.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Faoin treoir úr maidir le dáileadh árachais*, bainfidh tomhaltóirí agus infheisteoirí miondíola a mbeidh táirgí árachais nó táirgí infheistíochta bunaithe ar árachas á gceannach acu leas as:
-
níos mó trédhearcachta de dháileoirí árachais i dtaca le praghas agus costas a dtáirgí, ionas go dtuigfidh tomhaltóirí go soiléir cad atá siad ag íoc as;
-
faisnéis níos fearr agus níos sothuigthe, ionas gur féidir le tomhaltóirí cinntí níos eolasaí a dhéanamh, le Doiciméad simplí, caighdeánach Faisnéise faoi Tháirgí Árachais (IPID) le haghaidh táirgí árachais neamhshaoil;
-
sa chás go dtairgtear táirgí árachais i bpacáiste le hearra nó seirbhís eile, mar shampla, nuair a dhíoltar carr úr ar shladmhargadh in éineacht le mótarárachas, beidh an rogha ag tomhaltóirí an príomhearra nó an phríomhsheirbhís a cheannach gan an polasaí árachais;
-
rialacha maidir le trédhearcacht agus iompar gnó ionas nach gceannóidh tomhaltóirí táirgí nach bhfreastalaíonn ar a gcuid riachtanas.
-
Tá feidhm ag na rialacha sin anois chomh maith nuair a cheannaítear táirge díreach ó chuideachta árachais, agus ní go díreach (mar a bhí sé san am a chuaigh thart) nuair a cheannaítear táirgí trí idirghabhálaithe amhail gníomhairí nó bróicéirí.
-
Tá cosaintí níos láidre ann maidir le táirgí árachais saoil lena bhfuil gnéithe infheistíochta a dhíol, amhail conarthaí árachais saoil aonadnasctha. Ní mór do dháileoirí árachais a dhíolann táirgí dá leithéid a chinntiú go bhfuil an táirge oiriúnach i dtaca le staid airgeadais an chustaiméara, cuspóirí infheistíochta agus taithí ar an réimse infheistíochta.
-
Bainfidh dáileoirí árachais leas as iomaíocht chóir bunaithe ar chothrom na féinne agus as creat dlíthiúil feabhsaithe le haghaidh gnó trasteorann.
-
Leis an treoir déantar Treoir 2002/92/CE maidir le hidirghabháil árachais a athmhúnlú agus tiocfaidh sí ina hionad le héifeacht ó 23 Feabhra 2018.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 22 Feabhra 2016. Bhí an treoir le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 23 Feabhra 2018.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMA
Dáileadh árachais: conradh árachais lena n-áirítear déileáil le héilimh i ndiaidh conradh árachais a dhíol, a bheartú é a dhíol, comhairle a thabhairt faoi nó obair eile a dhéanamh air roimh é a chur i gcrích.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir (AE) Uimh. 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lgh. 19-59)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais (IO L 9, 15.1.2003, lgh. 3-10)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/92/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 25.07.2016
Top