Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis drugaí AE

Straitéis drugaí AE

 

ACHOIMRE AR:

Straitéis drugaí AE (2013-2020)

CAD A DHÉANTAR SA STRAITÉIS?

  • Soláthraítear inti an creat polaitiúil agus na tosaíochtaí maidir le gníomh AE i réimse na mbeartas drugaí ar feadh na tréimhse 2013-2020.
  • Trí bhíthin cur chuige comhtháite, cothrom agus fianaise-bhunaithe, féachtar inti le rannchuidiú:
    • leis an éileamh ar dhrugaí a laghdú;
    • soláthar drugaí aindleathacha a laghdú;
    • na rioscaí sláinte agus sóisialta agus an dochar a dhéanann drugaí a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an straitéis cruthaithe timpeall ar dhá réimse beartais:

  • laghdú ar an éileamh ar dhrugaí,
  • laghdú ar an soláthar drugaí.

Tá an straitéis tógtha timpeall ar thrí théama thrasnaí freisin:

  • comhordú,
  • comhar idirnáisiúnta agus faisnéis,
  • taighde, monatóireacht agus meastóireacht.

Cuirtear dúshláin nua agus athraitheach san áireamh sa straitéis, lena n-áirítear:

  • substaintí nua sícighníomhacha atá ag teacht chun cinn agus ag scaipeadh (substaintí a spreagann nó a íslíonn an lárchóras néaróg);
  • an treocht mhéadaithe a bhaineann le bheith ag tógáil drugaí i gcomhcheangal, le halcól agus cógais ar oideas;
  • teagmhais leanúnacha arda de ghalair fuil-iompartha, go háirithe heipitíteas C, i measc úsáideoirí drugaí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hionfhabhtuithe VEID;
  • líon ard leanúnach de bhásanna atá bainteach le drugaí laistigh den Aontas Eorpach;
  • bealaí gáinneála drugaí a athrú agus coireacht eagraithe trasteorann; agus
  • teicneolaíochtaí nua cumarsáide á n-úsáid chun drugaí aindleathacha agus substaintí nua sícighníomhacha a sholáthar.

D’fhonn freastal ar na héilimh sin, tá sé mar aidhm leis an straitéis éileamh agus soláthar drugaí a laghdú trí bhíthin:

  • feabhas ar bhearta chun an t-éileamh ar dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear i bpríosúin;
  • infhaighteacht agus éifeachtacht na gclár coiscthe a fheabhsú;
  • infheistíocht a dhéanamh i mbearta éifeachtacha laghdaithe riosca agus dochair;
  • cóireáil drugaí a leathnú amach, lena n-áirítear d’úsáideoirí neamh-ópóideach, mar aon le samhlacha comhtháite de chúram meabhairshláinte agus fisiceach;
  • comhar agus comhordú a neartú idir tíortha AE agus údaráis um fhorghníomhú an dlí agus bhreithiúnacha d’fhonn táirgeadh, smuigleáil, gáinneáil, dáileadh agus díol drugaí aindleathacha a laghdú;
  • freagairt go héifeachtach ar threochtaí atá ag athrú, le haird speisialta ar theicneolaíochtaí nua cumarsáide a bhfuil ról suntasach acu ó thaobh soláthar drugaí a éascú;
  • creat reachtaíochta AE a neartú ar bhealach spriocdhírithe ionas go gceapfar beartais níos éifeachtaí;
  • rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar an bhfeiniméan drugaí agus ar thionchar idirghabhálacha d’fhonn beartais agus gníomhaíochtaí a fhorbairt tuilleadh.

Ina theannta sin, leagtar síos sa straitéis tosaíochtaí maidir le comhordú, comhar idirnáisiúnta, faisnéis, taighde, monatóireacht agus meastóireacht.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA STRAITÉISE?

Cumhdaítear an tréimhse 2013-2020 sa straitéis. Tugann Plean Gníomhaíochta AE le haghaidh drugaí 2013–2016 an straitéis chun feidhme.

an Coimisiún Eorpach i mbun measúnaithe faoi láthair ar straitéis agus ar Phlean Gníomhaíochta drugaí AE. Is féidir plean oibre den mheasúnú a fheiceáil ar líne. Táthar ag súil go gcuirfear na torthaí san áireamh i bplean gníomhaíochta drugaí AE 2017–2020 amach anseo.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Straitéis drugaí AE (2013-2020) (IO C 402, 29.12.2012, lgh. 1-10)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Plean Gníomhaíochta AE maidir le drugaí (2013–2016) (IO C 351, 30.11.2013, lgh. 1-23)

Nuashonraithe 25.07.2016

Top