Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ag dul i ngleic leis na hiarmhairtí a bhaineann le ceart vótála a bhaint de shaoránaigh an Aontais, saoránaigh a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu

Ag dul i ngleic leis na hiarmhairtí a bhaineann le ceart vótála a bhaint de shaoránaigh an Aontais, saoránaigh a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu

Sa teachtaireacht seo, téann an Coimisiún Eorpach i ngleic le staid na saoránaigh Eorpacha a chailleann a gceart vótála maidir le toghcháin náisiúnta ina dtír dhúchais féin toisc go gcaitheann siad tréimhse ama áirithe ina gcónaí i mBallstát eile.

ACT

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Ag dul i ngleic leis na hiarmhairtí a bhaineann le ceart vótála a bhaint de shaoránaigh an Aontais, saoránaigh a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu (COM(2014) 33 final an 29.1.2014).

ACHOIMRE

Cailleann saoránaigh an Aontais Eorpaigh ar as Ballstáit áirithe iad a gceart vótála ( “baintear a gceart vótála” díobh) maidir le toghcháin náisiúnta ina dtír dhúchais féin nuair a chaitheann siad tréimhse ama áirithe ina gcónaí thar lear, lena n-áirítear i dtír eile den AE. Mar thoradh, ní féidir leo vóta a chaitheamh i dtoghcháin náisiúnta, cibé ina dtír féin nó ina dtír chónaithe.

Is féidir le saoránaighcúig Bhallstát (an Chipir, an Danmhairg, Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe (1)) a gceart vótála a chailleadh má chaitheann siad tréimhse ama áirithe ina gcónaí thar lear. Forchuirtear coinníollacha áirithe in dhá thír eile (an Ostair agus an Ghearmáin) maidir le ceart vótála a chothú i ndáil le toghcháin náisiúnta.

Nuair a bhaintear an ceart vótála de shaoránaigh, féadfar teorainn a chur leis na cearta bunúsacha a bhaineann le saoránacht an Aontais, amhail an ceart chun aistriú agus chun dul chun cónaí gan srianadh i mBallstáit eile den AE. Thairis sin, bíonn easnamh i gcearta polaitiúla na saoránach Eorpach lena mbaineann, easnamh nach bhfuil i gcomhréir leis na hiarrachtaí a dhéantar chun rannpháirteachas na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn.

Sa chéad chás de, molann an Coimisiún Eorpach réitigh ghearrthéarmacha ar an staid seo. Ba cheart go gcuirfí ar chumas náisiúnach de Bhallstáit AE, a bhfuil cónaí orthu i dtír eile den AE, a gceart vótála a choinneáil dá dtaispeánfaidís suim leanúnach i saol polaitiúil a dtíre féin. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh, mar shampla, trí iarratas a dhéanamh ar a n-ainmneacha a choimeád ar an rolla toghthóirí. D’fhéadfaí iarratais dá leithéid a athnuachan ag eatraimh chuí agus ba cheart go bhféadfaí iad a chur isteach trí mheán leictreonach.

Os a choinne sin, molann an Coimisiún Eorpach machnamh fadtéarmachsa tír aíochta a dhéanamh ar an chaoi ar féidir an t-easnamh a réiteach a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach AE a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, agus an díospóireacht reatha maidir le ceart vótála a bhaintsa tír aíochta á cur san áireamh chomh maith.

Nuashonraithe 18.06.2014



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top