Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An córas eorpach um fhaireachas ar theorainneacha (Eurosur)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Garda Teorann agus Cósta Eorpach' for an updated information about the subject.

An córas eorpach um fhaireachas ar theorainneacha (Eurosur)

Chruthaigh an tAontas Eorpach (AE) an córas eorpach um fhaireachas ar theorainneacha (Eurosur) chun bainistiú teorainneacha comhtháite a fheabhsú agus chun coireacht thrasteorann agus inimirce neamhdhleathach a chosc.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an córas Eorpach um fhaireachas ar theorainneacha (Eurosur).

ACHOIMRE

I mí Dheireadh Fómhair 2013, ghlac an AE le rialachán lena mbunaítear an córas eorpach um fhaireachas ar theorainneacha (Eurosur).

Córas ilchuspóireach

Is córas ilchuspóireach é Eurosur a bhfuil mar aidhm aige inimirce neamhdhleathach agus coireacht thrasteorann ag teorainneacha seachtracha a chosc. Chomh maith leis sin, cuirfidh an córas le saolta na n-imirceach atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach a chosaint agus a shábháil.

Soláthraítear meicníocht faoin chóras a chuireann ar chumas gníomhaireachtaí um fhaireachas ar theorainneacha faisnéis a mhalartú go tapa agus obair a dhéanamh as lámha a chéile. Trí bhíthin ionad comhordaithe idirnáisiúnta, ní mór d’údaráis náisiúnta na mBallstát AE uile, údaráis atá freagrach as faireachas a dhéanamh ar theorainneacha (m.sh. gardaí teorainneacha, na póilíní, an garda cósta, an cabhlach, srl.), a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí na mBallstát AE agus gníomhaireacht teorainn an AE (Frontex).

Freagairtí níos tapa buíochas le faisnéis níos fearr

Leanann Eurosur cur chuige atá bunaithe ar fhaisnéis, a chuireann ar chumas gníomhaireachtaí náisiúnta agus AE tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil ag tarlú ag teorainneacha seachtracha agus freagairt níos tapa do na bealaí agus modhanna nua as a mbaineann líonraí coiriúla leas.

Cumas mearfhreagartha

Cuireann Eurosur ar chumas na mBallstát AE freagairt níos tapa, ní amháin do theagmhais aonair, ach do chásanna criticiúla chomh maith a tharlaíonn ag teorainneacha seachtracha an AE. Chuige sin, rinneadh teorainneacha seachtracha talún agus muirí a roinnt i “gcodanna teorann”, codanna a ndearnadh “leibhéal tionchair” íseal, meánach nó ard a shannadh dóibh. Cuireann sé seo ar chumas gníomhaireachtaí áiteanna fabhtacha ag na teorainneacha seachtracha a aithint agus ceadaíonn sé freagairt chaighdeánaithe ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE, más gá.

Cearta bunúsacha

Ní mór meas iomlán a bheith ag Ballstáit AE a shínigh Comhaontú Schengen agus ag Frontex ar chearta bunúsacha, go háirithe an prionsabal non-refoulement (a chuireann cosc ar íospartach géarleanúna a sheoladh ar ais chuig géarleantóir) agus cosaint sonraí pearsanta.

Teacht i bhfeidhm

Ó mhí na Nollag 2013 i leith, bhí Eurosur i bhfeidhm sna 19 mBallstát AE a shínigh an Comhaontú Schengen a bhfuil teorainneacha seachtracha deisceartacha agus oirthearacha acu. Tháinig an 11 tír Schengen eile le Eurosur an 1 Nollaig 2014.

Chinn an Danmhairg, Éire, agus an Ríocht Aontaithe (1) gan glacadh leis an rialachán seo. Thángthas ar chomhaontú, áfach, go bhféadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe (1) comhoibriú le Eurosur trí bhíthin líonraí réigiúnacha. Chinn an Danmhairg ó shin i leith páirt a ghlacadh ann.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013

26.11.2013

-

IO L 295, 6.11.2013

Nuashonraithe 22.04.2014



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top