EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dálaí oibre cuibhiúla a chur i bhfeidhm d’oibrithe tí

Dálaí oibre cuibhiúla a chur i bhfeidhm d’oibrithe tí

Leagtar síos i gCoinbhinsiún Uimh. 186 maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí, de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), íoschaighdeáin dhomhanda chun srian a chur le mí-úsáid agus le dúshaothrú oibrithe tí. Tá sínitheoirí de dhíth chun dálaí oibre córa cuibhiúla a áirithiú do na hoibrithe sin.

ACHT

Cinneadh 2014/51/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 lena n-údaraítear Ballstáit, ar mhaithe le leasanna an Aontais Eorpaigh, chun an Coinbhinsiún maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí, de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, a dhaingniú (Coinbhinsiún Uimh. 189).

ACHOIMRE

Tháinig an tAontas Eorpach (AE) ar chomhaontú i dtús na bliana 2014 maidir le cinneadh a thug cead do Bhallstáit AE an Coinbhinsiún EIS 2011 maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí (Coinbhinsiún Uimh. 189) a dhaingniú. B’éigean an cinneadh seo a dhéanamh toisc go dtagann codanna de faoi inniúlacht AE. Ní féidir leis an AE féin Coinbhinsiún EIS a dhaingniú, toisc gurb iad na Ballstáit a ghlacann páirt ann.

Sainmhíniú

Is oibrí tí ann ná duine ar bith a théann i mbun oibre tí (obair a dhéantar i dteaghlach nó i dteaghlaigh nó le haghaidh teaghlaigh nó teaghlach) mar chuid de chaidreamh fostaíochta.

Príomhfhorálacha

Faoin choinbhinsiún, ní mór do na Ballstáit dhaingnithe:

  • aois íosta don obair tí agus bearta cosanta d’oibrithe faoi bhun 18 mbliana d’aois a leagadh amach;
  • mí-úsáid agus foréigean a chosc;
  • téarmaí córa agus dálaí cuibhiúla oibre a áirithiú;
  • a áirithiú go gcuirtear oibrithe áirithe ar an eolas faoi théarmaí agus faoi mhionsonraí a bpoist;
  • earcaíocht eachtrach a rialú agus saoirse gluaiseachta a áirithiú;
  • cóir chomhionann a ordú idir oibrithe tí agus oibrithe eile maidir le cúiteamh agus le sochair, mar shampla i gcás máithreachais; agus
  • meicníocht shainiúil um ghearáin a fhorbairt.

Cuir chuige chomhchosúla EIS agus AE

Téitear i ngleic cheana féin i ndlí AE le cuid de na gnéithe a chuimsítear i gCoinbhinsiún EIS. Baineann an cur chuige céanna leis an Choinbhinsiún is a bhaineann leis an reachtaíocht seo. Baineann cosaint níos mó le dlí AE maidir le saincheisteanna áirithe ach tá an coinbhinsiún níos cruinne ná dlí AE maidir le cosaint reachtaíochta a thabhairt d’oibrithe tí agus maidir le gnéithe áirithe eile na hoibre tí.

Cúlra

I mí an Mheithimh 2012, thug an Coimisiún spreagadh do na Ballstáit sa straitéis AE chun gáinneáil ar dhaoine a dhíothú chun na hionstraimí, na comhaontuithe agus na hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha go léir a dhaingniú a chabhróidh le dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine ar bhealach níos éifeachtaí, níos comhordaithe agus níos comhtháite, lena n-áirítear Coinbhinsiún na nOibrithe Tí.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2014/51/AE ón gComhairle

31.1.2014

-

IO L 32, 1.2.2014.

ACHTANNA GAOLMHARA

C189 - Coinbhinsiún na nOibrithe Tí, 2011 (Uimh. 189): An Coinbhinsiún maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí

Nuashonrú is déanaí: 07.07.2014

Top