Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rannchuidiú an oideachais d’fhorbairt shocheacnamaíoch agus cuimsitheacht

Rannchuidiú an oideachais d’fhorbairt shocheacnamaíoch agus cuimsitheacht

 

ACHOIMRE AR:

Rún ón gComhairle maidir le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsitheacht a chur chun cinn in AE trí oideachas

CAD IS AIDHM LEIS AN RÚN?

Is é atá sa rún rannchuidiú Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint don Seimeastar Eorpach 2016.

Tá sé mar aidhm leis an rún na dúshláin agus na bealaí a shainaithint inar féidir ról an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú chun téarnamh geilleagrach inbhuanaithe a bhaint amach agus chun éagothroime a laghdú in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Dúshláin

Tugtar ar aird sa rún go bhfuil roinnt dúshlán in AE faoi láthair, lena n-áirítear an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais atá fós ag dul ar aghaidh, géarchéim teifeach thar cuimse, dífhostaíocht ard i measc na n-óg agus radacú agus sceimhlitheoireacht mhéadaithe.

Sa chomhthéacs sin, tá ról bunúsach ag an oideachas agus oiliúint ní amháin ó thaobh rathúnas eacnamaíoch a chur chun cinn ach freisin ó thaobh cuimsiú, ómós don éagsúlacht, saoránacht ghníomhach agus bunluachanna AE a chur chun cinn.

Scileanna, inniúlachtaí agus eolas le haghaidh dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta

D’fhonn téarnamh geilleagrach inbhuanaithe a bhaint amach le breis post agus poist níos fearr, éagothroime a laghdú agus cuimsiú, saoránacht agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, tá athchóirithe tábhachtacha i gcórais oideachais agus oiliúna AE riachtanach. Ina measc sin tá siad seo a leanas:

  • dul i gcion ar an bpobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste ón taobh oideachais agus sóisialta chun cur ar chumas gach duine óig dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid oideachais agus a gcumas iomlán a fhorbairt is cuma cén cúlra as a dtagann siad agus a gcuimsiú, a scileanna sóisialta agus a smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn;
  • infheistíocht imleor san oideachas a chinntiú ar gach leibhéal d’fhonn bearnaí i scileanna a shainaithint agus dul i ngleic leo agus a tionchar fuascailte a fheabhsú, ag baint leas iomlán as uirlisí airgeadais ar leibhéal AE;
  • feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint tosaigh agus leantach do mhúinteoirí;
  • piarfhoghlaim agus comhroinnt dea-chleachtais a spreagadh;
  • monatóireacht ar dhul chun cinn i dtreo chuspóirí agus thosaíochtaí ET 2020 atá comhaontaithe i gcoiteann.

Gníomhartha

Chun na cuspóirí thuas a bhaint amach, spreagtar an Coimisiún Eorpach, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • leanúint de chur chun cinn ghnóthú na spriocanna socheacnamaíoch agus sibhialta in oideachas agus oiliúint trí chlár oibre Erasmus+ 2017 agus ionstraimí airgeadais eile AE;
  • an tábhacht atá le hoideachas agus oiliúint i dtionscnaimh AE tar éis 2020 maidir le fás, poist agus inbhuanaitheacht a athdheimhniú;
  • an clár nua scileanna don Eoraip a mholadh agus a chur chun feidhme;
  • tacú le tíortha AE chun saoránacht ghníomhach agus luachanna bunúsacha a chur chun cinn mar ghníomh leantach do Dhearbhú Pháras, mar aon le Comhairle na hEorpa.

Maoiniú AE

D’fhonn gníomhaíochtaí den sórt sin a mhaoiniú, cuirfear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta AE, Ráthaíocht d’Aos Óg na hEorpa, Ciste AE um Infheistíocht Straitéiseach agus an Clár Erasmus+ i ngníomh.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, an 24 Feabhra 2016 maidir le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsitheacht a chur chun cinn in AE trí oideachas: rannchuidiú an oideachais agus na hoiliúna don Seimeastar Eorpach 2016 (IO C 105, 19.3.2016, lgh.1-4)

Nuashonraithe 25.07.2016

Top