Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha do thíortha an Aontais Eorpaigh

Mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha do thíortha an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Mholadh (AE) 2015/1184 ón gComhairle — mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha do thíortha AE agus don Aontas Eorpach ina iomláin

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN MÓR-THREOIRLÍNTE NA MBEARTAS EACNAMAÍOCH SEO?

Ag teacht le hAirteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eisíonn an Chomhairle mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch do gheilleagar an Aontais Eorpaigh (AE). Baineann na treoirlínte sin le beartais mhaicreacnamaíocha agus struchtúrtha a bhfuil mar aidhm acu beartais eacnamaíocha na dtíortha AE a chomhordú chun cuspóirí comhchoiteanna a bhaint amach.

Nuair a léitear na treoirlínte seo in éineacht le treoirlínte fostaíochta na dtíortha AE, a fhoilsítear go bliantúil faoi airteagal ar leith (Airteagal 148 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), déantar treoirlínte comhtháite díobh, a bhaineann le straitéis Eoraip 2020 a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Thaispeáin an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch 2008 go bhfuil laigí suntasacha in AE, laigí a rinneadh níos measa de bharr na géarchéime sin. Cuireadh béim freisin ar an ndlúth-idirspleáchas idir geilleagair na dtíortha AE. Féachtar leis an tsraith threoirlínte is déanaí (ó 2015):

  • gníomhartha beartais a bhailíochtú agus a thacú, mar atá leagtha amach sa suirbhé bliantúil fáis 2015 arna chur i láthair ag an gCoimisiún, maidir le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach bunaithe ar na rudaí seo a leanas:
    • infheistíocht,
    • athchóirithe struchtúrtha, agus
    • freagracht fhioscach;
  • an bealach a réiteach don Aontas Eorpach chun fás a bhaint amach, cuspóir na straitéise Eoraip 2020, agus a chur ar a chumas an seans go gcruthófar poist nua a uasmhéadú;
  • cur le cuspóirí an tseimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch a bhaint amach.

Molann an Chomhairle gur cheart do thíortha AE agus, más iomchuí, don Aontas Eorpach ina iomláin, na treoirlínte seo a leanas a chur san áireamh ina mbeartais eacnamaíocha.

  • Treoirlíne 1: infheistíocht a spreagadhtrí :
    • leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil ag cistí AE, lena n-áirítear an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus na Cistí Struchtúrtha chun infheistíocht i bpríomhréimsí fáis a mhaoiniú;
    • ardán Eorpach a chur ar bun faoi choimirce an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chun comhairle a chur ar fáil maidir le hinfheistíocht agus chun raon tionscadal trédhearcach a bheartú don todhchaí ionas go gcinnteofar go mbainfidh leas leis an gcaipiteal don fhíorgheilleagar (i.e. gné tháirgiúil an gheilleagair).
  • Treoirlíne 2: fás a mhéadú trí athchóirithe struchtúrtha i dtíortha AEtrí:
    • leanúint d’athchóiriú a dhéanamh ar mhargaí an tsaothair agus ar chórais slándála sóisialta chun fás agus fostaíocht a mhéadú, agus rochtain ag cách ar shochair agus ar sheirbhísí sóisialta á cinntiú, mar aon lena gcaighdeán, lena n-inacmhainneacht agus lena n-inbhuanaitheacht;
    • leanúint de mhargaí táirge a athchóiriú agus a chomhtháthú chun a chur ar chumas tomhaltóirí agus gnóthas AE sochair a bhaint as praghsanna níos ísle agus as raon níos leithne earraí agus seirbhísí;
    • feabhas a chur ar an timpeallacht rialála ina bhfeidhmíonn cuideachtaí, go háirithe chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);
    • infheistíocht earnála poiblí i dtaighde agus nuálaíocht a spreagadh, go háirithe in earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus sa gheilleagar digiteach.
  • Treoirlíne 3: deireadh a chur leis na príomhbhacainní ar fhás agus ar fhostaíocht inbhuanaithe in AE trí:
  • Treoirlíne 4: cur le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus leis an méid a chothaítear fás leis trí:
    • bheartais fhioscacha a chur i gcrích a chloíonn leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (i.e. a chothaíonn easnamh agus fiachas ag leibhéil inbhuanaithe) ionas gur féidir éifeachtaí dearfacha iarmhartacha a chruthú maidir le fás, trí ghníomh níos comhordaithe. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na dtíortha AE nach bhfuil spás fioscach acu (i.e. scóip maidir lena n--airgeadas poiblí) an spás sin a athbhunú. Agus go gcuirfeadh sé ar chumas na dtíortha AE a bhfuil spás fioscach acu an deis sin a úsáid chun éileamh intíre a spreagadh, go háirithe maidir le infheistíocht;
    • réimsí caiteachais lena bhfeabhsófaí an fás a chur chun cinn (e.g. oideachas, scileanna, taighde agus forbairt, nuálaíocht agus infheistíocht i líonraí, lena mbaineann tionchair dhearfacha don táirgiúlacht);
    • athrú i dtreo cánachais lena gcothófaí an fás, trí éifeachtúlacht an chórais chánachais a fheabhsú tríd an mbonn cánach a leathnú, trí riarachán cánach a neartú, tríd an gcóras cánach a shimpliú agus trí imghabháil chánach agus pleanáil ionsaitheach chánach a chomhrac.

GNÍOMH

Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lgh. 27-31)

Nuashonraithe 25.02.2016

Top