Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Grúpa Euro

An Grúpa Euro

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 137 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) — rialacha is sonrach do thíortha AE a bhfuil an euro mar airgeadra acu

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro

CAD É IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 137 DEN CFAE AGUS PRÓTACAL 14?

  • Foráiltear in Airteagal 137 an bunús dlíthiúil le haghaidh cruinnithe idir airí náisiúnta thíortha AE a bhfuil a gcuid airgeadra in euro.
  • Leagtar síos i bPrótacal 14 na socruithe praiticiúla le haghaidh na gcruinnithe sin maidir leis an airgeadra aonair.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cruinnithe an Ghrúpa Euro:
    • tá siad neamhfhoirmiúil;
    • bíonn siad ar bun nuair a bhíonn gá leo;
    • déantar machnamh ar shaincheisteanna a bhaineann le freagrachtaí comhroinnte rialtas maidir le húsáid an euro;
    • cuimsítear iontu rannpháirtíocht an Choimisiúin Eorpaigh agus cuireadh rialta chuig an mBanc Ceannais Eorpach;
    • ullmhaíonn oifigigh aireacht airgeadais náisiúnta thíortha an euro agus an Coimisiún iad.
  • Toghann airí an Ghrúpa Euro uachtarán ar feadh 2 bhliain go leath.

CÚLRA

  • Is é tosaíocht reatha an Ghrúpa Euro a áirithiú go ndéanfar comhordú dlúth ar bheartas eacnamaíoch i limistéar an euro agus dálaí a chur chun cinn ar mhaithe le fás geilleagrach níos láidre. Glacann sé clár oibre gach 6 mhí.
  • Ullmhaíonn sé cruinnithe mullaigh an Euro agus áirithíonn sé go leantar suas cinntí a ghlactar.
  • Buaileann sé le chéile uair sa mhí de ghnáth roimh an gcruinniú rialta de 28 aire airgeadais AE ar fad.
  • Bhí an chéad chruinniú neamhfhoirmiúil d’airí airgeadais limistéar an euro ar siúl an 4 Meitheamh 1998 ag Château de Senningen i Lucsamburg.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

  • An Grúpa Euro ar shuíomh gréasáin Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 4 — Forálacha is sonrach do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu — Airteagal 137 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 107)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Prótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro (IO C 202, 7.6.2016, lch. 283)

Nuashonraithe 09.02.2017

Top