EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An euro - comhairgeadra na hEorpa

An euro - comhairgeadra na hEorpa

Nuair a thosaíonn tír an Aontais Eorpaigh (AE) ag úsáid an euro seachas a airgeadra féin, bíonn an deimhneacht dhlíthiúil ríthábhachtach, go háirithe do dhaoine aonair agus do chuideachtaí. Cinntítear leis an dá shliocht reachtaíochta seo deimhneacht maidir le hathrú rianúil.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 ón gComhairle an 17 Meitheamh 1997 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le tabhairt isteach an euro.

Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro.

ACHOIMRE

Nuair a thosaíonn tír an Aontais Eorpaigh (AE) ag úsáid an euro seachas a airgeadra féin, bíonn an deimhneacht dhlíthiúil ríthábhachtach, go háirithe do dhaoine aonair agus do chuideachtaí. Cinntítear leis an dá shliocht reachtaíochta seo deimhneacht maidir le hathrú rianúil.

CÉARD A DHÉANTAR SA RIALACHÁIN?

Cuireann an dá rialachán - Rialachán Uimh. 1103/97 agus Rialachán Uimh. 974/98 (arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 2169/2005) - creat dlíthiúil ar fáil maidir le tabhairt isteach an euro (an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - AEA). Pléitear sa chéad rialachán le ceisteanna amhail rátaí agus nósanna imeachta comhshó, stádas na gconarthaí agus treoracha íocaíochta. Leagtar amach sa rialachán eile clár ama maidir leis an athrú go dtí an euro. Bíonn ar na tíortha AE uile a ghlacann leis an euro cloí le forálacha na rialachán sin.

PRÍOMHPHOINTÍ (RIALACHÁN (CE) UIMH. 1103/97)

  • Cuireadh an euro in ionad an Aonaid Airgeadra Eorpaigh (AAE) an 1 Eanáir 1999. Ba é an AAE ná bailiúchán airgeadraí náisiúnta a bhí in úsáid in AE roimhe sin chun críocha cuntasaíochta. Ba é an ráta comhshó euro: AAE ná 1:1.
  • Roinntear an euro in 100 fo-aonad. Féadfar centanna nó aon téarma eile a úsáidtear go rialta sa tír lena mbaineann a thabhairt ar na fo-aonaid sin.
  • Leanúnachas na gconarthaí agus na gcomhaontuithe agus na n-oibleagáidí dlíthiúla uile, ina ndéantar tagairt d’airgeadra náisiúnta, ní chuireann tabhairt isteach an euro isteach orthu.
  • Rátaí comhshó na n-airgeadraí náisiúnta chuig an euro, bíonn sé fhigiúr i gceist leo. Ní ceadmhach iad a shlánú suas ná síos.
  • Aon chomhshó ó airgeadra náisiúnta amháin chuig airgeadra náisiúnta eile, ní mór é a dhéanamh tríd an euro.

PRÍOMHPHOINTÍ (RIALACHÁN (CE) UIMH. 974/98 AGUS RIALACHÁN (CE) UIMH. 2169/2005)

  • Ón dáta a ghlactar leis an euro, úsáidfear an euro mar airgeadra sna tíortha AE rannpháirteacha.
  • Féadfaidh idirthréimhse a bheith i gceist idir an dáta a ghlactar leis an euro agus an dáta ar a dtarlóidh an t-athrú, nuair a chuirfidh an Banc Ceannas Eorpach agus an banc ceannais nó na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc agus boinn euro i gcúrsaíocht in ionad airgeadra na tíre.
  • Níor cheart don idirthréimhse sin a bheith níos mó na trí bliana, agus d’fhéadfadh sé a bheith chomh gearr agus is féidir, fiú a náid, dá dtitfeadh an dá dháta ar an lá céanna. Déanta na fírinne, ní raibh aon idirthréimhse ag na tíortha a ghlac leis an euro le déanaí.
  • Sa tréimhse chéimnithe amach, féadfaidh doiciméid dhlíthiúla nua tagairt a dhéanamh don airgeadra náisiúnta ar feadh suas le bliain, chun an t-athrú a dhéanamh níos éasca.
  • Aon tagairt a dhéantar d’airgeadraí náisiúnta i ndoiciméid dhlíthiúla tar éis an dáta athraithe, measfar go huathoibríoch go mbeidh an euro i gceist leo.
  • Nuair a úsáidtear nótaí bainc agus boinn náisiúnta agus euro i gcomhthráth, féadfaidh muintir den phobal nótaí bainc agus boinn náisiúnta a chomhshó in euro, saor in aisce, suas go dtí uasteorainneacha áirithe.
  • Beidh nótaí bainc agus boinn náisiúnta ina n-airgead dlíthairgthe go fóill ar feadh sé mhí ar a mhéad i ndiaidh an dáta athraithe. Féadfaidh an rialtas an tréimhse seo a laghdú áfach.
  • Ina dhiaidh sin, féadfar nótaí bainc agus boinn náisiúnta a chomhshó in euro de réir na nósanna imeachta atá ordaithe sa dlí náisiúnta agus de réir cleachtais.

Rialaíodh tabhairt isteach an euro ar dtús le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle, rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 2169/2005 chun ullmhú do mhéadú limistéar an euro. (Déantar cur síos in achoimre ghaolmhar ar an chaoi a chuirtear an t-athrú go dtí an euro i ngníomh).

NA TÍORTHA INA N-ÚSÁIDTEAR AN EURO

An Bheilg, Éire an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil agus an Spáinn (ó 1999 i leith), an Ghréig (2001), an tSlóivéin (2007), an Chipir agus Málta (2008), an tSlóvaic (2009), an Eastóin (2011), Laitvia (2014) agus an Liotuáin (2015).

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán Gréasáin agus i bhfoilseachán Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1103/97

20.6.1997

-

IO L 162, 19.6.1997, lgh. 1-3

Rialachán (CE) Uimh. 974/98

1.1.1999

-

IO L 139, 11.5.1998, lgh. 1-5

Acht leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 2169/2005

18.1.2006

-

IO L 346, 29.12.2005, lgh. 1-5

Nuashonraithe 10.09.2015

Top