EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ag cur leis an athléimneacht i dtíortha i mbéal forbartha

Ag cur leis an athléimneacht i dtíortha i mbéal forbartha

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht COM(2012) 586 final ón gCoimisiún: Cur Chuige AE i leith na hAthléimneachta: Ag Foghlaim de bharr Géarchéimeanna a bhaineann le slándáil bia

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

Féachtar le leas a bhaint as na ceachtanna ón réigiún seo chun feabhas a chur ar éifeachtacht chion AE i dtaobh leochaileacht a laghdú i dtíortha atá soghonta nó i mbaol tubaistí, trí choincheap na hathléimneachta* a áireamh mar sprioc lárnach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Chun riachtanais dhaonnúla a laghdú, an bhochtaineacht a mhaolú agus dul i ngleic leis an tsoghontacht, tá iarrachtaí córasacha de dhíth d'fhonn cur le hathléimneacht pobal leochaileach.
  • Teastaíonn straitéisí ilghnéitheacha, fadtréimhseacha atá dírithe ar bhunchúiseanna géarchéimeanna a mhaolú agus cur leis an acmhainneacht i dtaobh bainistiú níos fearr a dhéanamh ar neamhchinnteacht agus athrú.
  • Trí fheabhas a chur ar sheirbhísí, ar dheiseanna agus ar an gcosaint i gcoinne struis agus suaite, feabhsófar slite beatha na ndaoine is leochailí. Nuair a tharlaíonn géarchéimeanna, fágfaidh an bhainistíocht riosca go dtabharfar freagra níos luaithe, níos éifeachtaí orthu chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha, teorann a chur le caillteanais agus an téarnamh a bhrostú.
  • Ba chóir breithnithe athléimneachta — bainistíocht riosca agus laghdú leochaileachta — a bheith comhtháite go cuí i ngach straitéis forbartha agus téarnaimh.

Freagra AE ar ghéarchéimeanna bia san Afraic

I ndiaidh na ngéarchéimeanna bia san Afraic, chuir AE freagra daonnúil/forbartha i bhfeidhm. Chomh maith le cuidiú le gníomhaíochtaí tarrthála, chuidigh an cúnamh sin leis an bpróiseas téarnaimh freisin, trí shíolta agus uirlisí a sholáthar, mar shampla, agus trí bhainistíocht fheabhsaithe uisce.

Tá straitéisí athléimneachta níos fadtréimhsí ag cuidiú leis na tíortha agus na pobail atá buailte teacht slán agus cur lena gcumas déileáil le géarchéimeanna amach anseo.

Léirítear leis na tionscnaimh athléimneachta SHARE* agus AGIR* feabhas ar an gcaoi ina n-idirghníomhaíonn an cúnamh daonnúil agus an cúnamh forbartha. Feabhsaítear an cúnamh gearrthréimhseach nuair a dhéantar an nasc idir fóirithint, athshlánú agus forbairt (Fóirithint, Athshlánú agus Forbairt a Nascadh) a shainaithint. Is féidir le AE gealltanas a thabhairt i dtaobh dul i ngleic le bunchúiseanna easlándáil an tsoláthair bia san fhadtréimhse trí shlite beatha a athshlánú, córais chosanta sóisialta agus córais bhainistíochta tubaistí a neartú, agus an cothú a fheabhsú.

Tá na bearta sin dírithe ar shlándáil bia — agus ar ghéarchéimeanna bia — san Afraic fho-Shahárach. Tá an cur chuige sin infheidhme maidir le réigiúin eile agus cineálacha eile leochaileachta, áfach, amhail réigiúin a bhfuil na nithe seo a leanas ina mbagairt orthu:

  • tuilte,
  • cioclóin,
  • creathanna talún,
  • triomach,
  • borrthaí stoirme agus súnámaithe,
  • an t-athrú aeráide,
  • arduithe ar luach an bhia.

Dírítear ann ar thrí chomhpháirt lárnacha:

  • 1.

    géarchéimeanna a bhrath trí rioscaí a mheasúnú;

  • 2.

    díriú ar chosc agus ullmhacht;

  • 3.

    feabhas a chur ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna.

Cuirtear i láthair sa teachtaireacht plean ina bhfuil 10 bpointe chun cur leis an athléimneacht, lena n-áirítear cur chun cinn a dhéanamh ar an idirphlé ar an athléimneacht le tíortha neamh-AE trí chainéil atá ar fáil amhail na Náisiúin Aontaithe, agus fóram G8 agus fóram G20 na náisiún saibhir agus na náisiún atá i mbéal forbartha. Rinneadh an plean a chomhdhlúthú agus a leathnú sa Phlean Gníomhaíochta don Athléimneacht i dTíortha atá i mBaol Tubaistí 2013–2020, ina n-éilítear go ndéanfadh AE agus tíortha AE an méid seo a leanas:

  • tacú le AGIR, SHARE agus tionscnaimh athléimneachta eile i gcomhthéacsanna agus réigiúin éagsúla,
  • bainistíocht riosca tubaiste a áireamh ar an gclár oibre i leith na hathléimneachta,
  • cineálacha cur chuige comhtháite a chur chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, laghdú rioscaí tubaiste agus athléimneacht,
  • an athléimneacht a chomhtháthú sa chlár oibre i leith slándáil bia agus cothaithe,
  • sásraí cúnaimh do ghrúpaí leochaileacha den phobal a neartú, ag tacú le forbairt ar chineálacha cur chuige náisiúnta i leith na cosanta sóisialta,
  • tacaíocht do réitigh um maoiniú riosca a leathnú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear árachas agus bannaí tubaiste,
  • tacú le forbairt earnála príobháidí áitiúla, deiseanna fáis agus réiteach a mhairfidh an fód maidir le hathléimneacht pobal leochaileach a neartú,
  • tacú le tionscnaimh áitiúla de chuid eagraíochta áitiúla,
  • modheolaíochtaí, tástáil agus meastóireacht a fhorbairt i dtaobh athléimneacht uirbeach,
  • cineálacha cur chuige athléimneachta a fhorbairt i dtaobh dúshláin ainsealacha i ndáil le dídeanaithe,
  • tacú le forbairt na hathléimneachta agus forbairt acmhainní ar an leibhéal áitiúil sa tionscnamh saorálaithe cabhrach AE (faoi chaibidil),
  • feabhas a chur ar an mbonn eolais agus ar an mbonn fianaise i dtaobh na hathléimneachta,
  • cineálacha cur chuige comhchoiteanna a fhorbairt maidir le habhcóideacht,
  • treoir i dtaobh athléimneacht oibríochtúil a sholáthar don Choimisiún Eorpach agus do chomhpháirtithe eile,
  • leas a bhaint as modheolaíochtaí agus uirlisí feabhsaithe i ndáil le measúnachtaí riosca, bainistíocht riosca agus an athléimneacht a thomhas, agus
  • ionstraimí airgeadais agus cúlchiste teagmhasach a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

CÚLRA

Fágann na géarchéimeanna bia agus cothaithe a tharlaíonn arís agus arís sa tSaiheil agus i gCorn na hAfraice go n-imrítear tionchar ar na milliúin daoine agus go mbíonn an t-ocras forleathan, agus is cuid den chúis iad go mbíonn daoine seasta bocht. Mar gheall gurb amhlaidh atá, tá béim ar an ngá atá le cur chuige fadtréimhseach, córasach a ghlacadh maidir le cur le hathléimneacht tíortha leochaileacha agus pobal leochaileach.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Athléimneacht: cumas an duine aonair, cumas teaghlaigh, cumas comhphobail, cumas tíre nó réigiúin iad féin a ullmhú do strus agus do shuaitheadh agus go mbeidh siad in ann na nithe sin a sheasamh, iad féin a chur in oiriúint dóibh agus teacht slán astu go gasta

* SHARE: Tacú leis an Teacht Aniar i gCorn na hAfraice

* AGIR: Comhghuaillíocht Dhomhanda do Thionscnamh na hAthléimneachta

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Cur Chuige AE i leith na hAthléimneachta: Ag Foghlaim de bharr Géarchéimeanna a bhaineann le Slándáil Bia (COM(2012) 586 final, 3.10.2012)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle ar Chur Chuige AE i leith na hAthléimneachta, an Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2013

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Plean Gníomhaíochta don Athléimneacht i dTíortha atá i mBaol Tubaistí 2013–2020 (SWD(2013) 227 final, 19.6.2013)

Nuashonraithe 25.11.2015

Top