This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Disputes between foreign investors and EU governments
Agóidí idir infheisteoirí coigríche agus rialtais an Aontais Eorpaigh
Agóidí idir infheisteoirí coigríche agus rialtais an Aontais Eorpaigh
Agóidí idir infheisteoirí coigríche agus rialtais an Aontais Eorpaigh
Déantar soiléiriú sa rialachán ar an bhfreagracht airgeadais idir an tAontas Eorpach (AE) agus a bhalltíortha nuair a thugann infheisteoir as tír nach bhfuil in AE éileamh maidir le sárú ar chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil AE mar pháirtí ann.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 912/2014 an 23 Iúil 2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun bainistiú a dhéanamh ar an bhfreagracht airgeadais a bhaineann le binsí fiosruithe um réiteach díospóidí idir infheisteoir-agus-stát lena mbunaítear comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach mar pháirtí ann
ACHOIMRE
Déantar soiléiriú sa rialachán ar an bhfreagracht airgeadais idir an tAontas Eorpach (AE) agus a bhalltíortha nuair a thugann infheisteoir as tír nach bhfuil in AE éileamh maidir le sárú ar chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil AE mar pháirtí ann.
CAD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?
Faoi Chonradh Liospóin, bhí infheistíocht dhíreach ón gcoigríche mar chuid de bheartas trádála AE a bhfuil inniúlacht eisiach ag AE ina leith. Ciallaíonn sé sin go ndéanann an Coimisiún Eorpach caibidlíocht thar ceann thíthe an AE maidir leis an ngné infheistíochta de chomhaontuithe trádála a chuirtear i gcrích le tíortha nach bhfuil in AE. D’fhéadfaí córas um réiteach díospóidí idir infheisteoir-stát (ISDS) a chur san áireamh sna comhaontuithe seo. Is beart cosanta é sin a thugann an ceart d’infheisteoirí ó thíortha lena mbaineann nach bhfuil in AE caingean dlí a thionscnamh i gcoinne tíre AE ina bhfuil airgead infheistithe aige. Baineann na héilimh le sárú líomhnaithe ar na comhaontuithe idirnáisiúnta.
Cinntear sna rialacha nua cibé arb é AE, arna ionadú ag an gCoimisiún, nó na rialtais Eorpacha a chaithfidh na costais airgeadais a íoc, lena n-áirítear cúiteamh, de bharr na ndíospóidí.
EOCHAIRPHOINTÍ
Critéir lena ndéantar soiléiriú maidir le comhroinnt freagracht airgeadais
Is é AE a sheasann na costais airgeadais nuair a bhaineann an t-éileamh a thugann infheisteoir le beart a ghlacann institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht AE.
Is é an tír AE lena mbaineann a sheasann na costais airgeadais nuair a bhaineann an t-éileamh a thugann infheisteoir le beart atá glactha aige.
Más tír AE a ghlacann beart, ach é ina cheangal de réir dhlí AE, is é AE atá freagrach ó thaobh airgid de.
Nós Imeachta
Comhar agus comhairliúcháin: ní mór don Choimisiún agus don tír AE lena mbaineann díospóid comhar a dhéanamh, comhairliúchán a dhéanamh agus faisnéis a chomhroinnt. Tá foráil sa rialachán freisin le haghaidh rialacha iompair nuair a thugann AE agus an tír AE lena mbaineann faoi imeachtaí eadrána (imeachtaí chun an díospóid a réiteach).
Easaontú maidir leis an bhfreagracht airgeadais: i gcás gurb é AE an freagróir sa díospóid, agus go measann an Coimisiún go bhfuil an tír AE lena mbaineann freagrach i ndáiríre as na costais a éiríonn de bharr na headrána, ansin ní mór dóibh teacht ar chomhaontú lena chéile.
Mura n-aontaíonn an tír AE leis sin, is féidir leis an gCoimisiún ansin cinneadh a ghlacadh a chuireann iallach ar an tír atá i gceist an tsuim a íocadh a aisíoc.
CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Beidh feidhm leis an rialachán ón 17 Meán Fómhair 2014.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin Eorpaigh.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (AE) Uimh. 912/2014 |
17.9.2014 |
- |
Nuashonraithe 03.12.2014