This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Against hunger in developing countries: EU food security commitments
In aghaidh ocrais i dtíortha i mbéal forbartha: Tiomantais slándála bia AE
In aghaidh ocrais i dtíortha i mbéal forbartha: Tiomantais slándála bia AE
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
In aghaidh ocrais i dtíortha i mbéal forbartha: Tiomantais slándála bia AE
In 2010, d’fhéach an tAontas Eorpach (AE) agus tíortha AE le slándáil bia agus cothaithe (FNS) a phlé trí chreat beartais AE um shlándáil bia a ghlacadh. Rinneadh plean cur i bhfeidhm an bheartais sin a fhaomhadh in 2013 chomh maith maidir leis sin i bhfoirm doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin ar a dtugtar “ Borradh a chur faoin tslándáil bia agus cothaithe trí ghníomhaíocht AE: ár dtiomantais a chur i bhfeidhm ”.
GNÍOMH
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Tiomantais um beartas slándála bia agus cothaithe AE a chur i bhfeidhm: an chéad tuarascáil dhébhliantúil (COM(2014) 712 final an 2 Nollaig 2014).
ACHOIMRE
In 2010, d’fhéach an tAontas Eorpach (AE) agus tíortha AE le slándáil bia agus cothaithe (FNS) a phlé trí chreat beartais AE um shlándáil bia a ghlacadh. Rinneadh plean cur i bhfeidhm an bheartais sin a fhaomhadh in 2013 chomh maith maidir leis sin i bhfoirm doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin ar a dtugtar “ Borradh a chur faoin tslándáil bia agus cothaithe trí ghníomhaíocht AE: ár dtiomantais a chur i bhfeidhm ”.
Léirítear príomhthorthaí ar chur i bhfeidhm na dtiomantas beartais FNA AE sa chéad chomhthuarascáil AE-thíortha AE seo in 2012.
CAD IS CUSPÓIR LEIS AN TUARASCÁIL?
Ar fud an domhain, tá duine as ochtar gan a ndóthain le hithe gach lá - san Afraic fho-Shahárach agus san Áise theas den chuid is mó. Ní ar an duine aonair amháin a théann ocras i bhfeidhm. Tarlaíonn ualach eacnamaíoch tromchúiseach ar phobail agus ar fhorbairt inbhuanaithe tíortha dá bharr. Mar sin tá an beartas FNS ina phríomhthosaíocht don chomhar um fhorbairt AE.
Is é is aidhm le FNS AE a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar bhia imleor, inacmhainne agus beathúil. Trína thacaíocht, féachann AE d’athléimneacht a fhorbairt maidir le géarchéimeanna bia agus cuidiú le tíortha lena chinntiú nach mbeidh ocras ar dhuine ar bith.
Bunaíodh plean AE. Dírítear ann ar 6 thosaíocht:
feabhas a chur ar athléimneacht feirmeoirí beaga agus ar shlite maireachtála tuaithe (e.g. na huirlisí riachtanacha ar fáil do dhaoine sa taobh tíre lena mbarra a bhainistiú agus a éagsúlú, caillteanais iarfhómhair a laghdú agus saoráidí stórála a fheabhsú);
tacaíocht a thabhairt do rialachas éifeachtúil (e.g. cuidiú le cinnteoireacht agus ceapadh beartas a bheidh freagrach a chinntiú);
tacaíocht a thabhairt don talmhaíocht réigiúnach agus do bheartais FNS;
meicníochtaí um chosaint shóisialta don FNS a neartú (i.e. córais chuimsitheacha um chosaint shóisialta faoi úinéireacht agus stiúradh náisiúnta a thacaíonn leis na daoine is soghonta i dtréimhsí cruatain);
feabhas a chur ar chothú go háirithe do mháithreacha, naíonáin agus páistí;
feabhas a chur ar chomhordú idir forbairt agus gníomhairí daonnúla chun athléimneacht a fhorbairt agus FNS inbhuanaithe a chur chun cinn.
Léirítear anailís sa chéad chomhthuarascáil AE-thíortha AE seo ar ailíniú dheontóirí AE leis na sé thosaíocht sa phlean agus a chomhsheasmhacht le cuspóir “3Canna” chomhar um fhorbairt AE (comhtháthú, comhlántacht agus comhordú). Is é an príomhaidhm éifeachtacht idirghabháil AE a fheabhsú.
PRÍOMHTHORTHAÍ NA TUARASCÁLA
Tá na príomhthorthaí atá liostaithe sa chéad tuarascáil cur i bhfeidhm nasctha le tiomantais AE agus thíortha AE.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach suíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt .
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa - Creat beartais AE chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha dul i ngleic le dúshláin slándála bia (COM(2010) 127 final an 31.3.2010).
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Cur chuige AE maidir leis an athléimneacht: ag foghlaim ón nGéarchéim Slándála Bia (COM(2012) 586 final an 3.10.2012).
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Feabhas a chur ar chothú máithreachais agus leanaí i gcúnamh seachtrach: creat beartais AE (COM(2013) 141 final an 12.3.2013).
Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin - Borradh a chur faoin tslándáil bia agus cothaithe trí ghníomhaíocht AE: ár dtiomantais a chur i bhfeidhm (SWD(2013) 104 final an 27.3.2013).
Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin - Plean gníomhaíochta um chothú (SWD(2014) 234 final an 3.7.2014).
Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin - A ghabhann leis an doiciméad tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm na tiomantais um beartais slándála bia agus cothaithe: an chéad tuarascáil dhébhliantúil (SWD(2014) 343 final an 2.12.2014).
Nuashonraithe 23.07.2015