EUR-Lex Der Zugang zum EU-Recht

Zurück zur EUR-Lex-Startseite

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Deiseanna iascaireachta in uiscí AE agus in uiscí neamh-AE

Rechtlicher Status des Dokuments Diese Zusammenfassung wurde archiviert und wird nicht mehr aktualisiert, weil das zusammengefasste Dokument nicht mehr in Kraft ist oder nicht mehr die derzeitige Situation widerspiegelt.

Deiseanna iascaireachta in uiscí AE agus in uiscí neamh-AE

ACHOIMRE

Ní mór rialú cúramach a dhéanamh ar an iascaireacht chun a chinntiú nach gclisfidh stoic agus go mbeidh an tionscal inmharthana ó thaobh an gheilleagair de go fóill. Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach (AE) torthaí inbhuanaithe fadtéarmacha iascaireachta a bhaint amach, más féidir, faoi dheireadh na bliana 2015, nó faoi 2020 ar a dhéanaí, maidir leis na stoic uile. An téarma a thugtar air sin ná uastoradh inbhuanaithe*. Gach bliain, leagtar amach ag rialtais na hEorpa an méid iomlán éisc is féidir a ghabháil.

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

Leagtar amach sa rialachán an ghabháil iomlán incheadaithe (TAC) le haghaidh gach speicis, ar féidir le hárthaí AE iad a thógáil ó mheánna difriúla, in AE agus lasmuigh de freisin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bíonn TACanna bunaithe ar an bhfianaise eolaíochta is fearr a bhfuil fáil uirthi. Léirítear iontu an chomhairle bhitheolaíoch, riachtanais shocheacnamaíocha thionscal na hiascaireachta agus an prionsabal chun stoic éagsúla a shaothrú go hinbhuanaithe i gcomhréir leis an uastoradh inbhuanaithe.

Leagtar na TACanna amach gach bliain ag rialtais AE, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún Eorpach.

Cuirtear pleananna speisialta ilbhliantúla i bhfeidhm maidir le stoic áirithe éisc, amhail leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh agus sól sa Chainéal Thiar, chun ligean do na speicis sin tar chucu féin nó chun iad a bhainistiú san fhadtéarma.

Sonraítear sna TACanna an méid iasc ar féidir le hárthaí áirithe AE a ghabháil in uiscí faoi dhlínse Fharó, na Graonlainne, na hÍoslainne agus na hIorua. Sonraítear iontu freisin na teorainneacha gabhála le haghaidh bád neamh-AE in uiscí AE.

Roinntear gach aon TEC ina chuótaí le haghaidh na dtíortha éagsúla AE, tíortha a théann i mbun iascaireachta sna huiscí sin. A luaithe agus a shroichtear teorainneacha na gcuótaí, ní féidir aon iascaireacht eile a dhéanamh an bhliain sin.

Cosnaítear speicis áirithe faoin reachtaíocht bhliantúil, amhail an liamhán gréine, an craosaire nó an sciata, agus ní féidir na speicis sin a ghabháil in uiscí AE nó in uiscí áirithe AE.

Féadfaidh rialtais AE liúntais bhreise iascaireachta a thabhairt do na hárthaí atá ag glacadh páirte i dtrialacha ina n-úsáidtear ceamaraí teilifíse ciorcaid iata chun gníomhaíochtaí iascaireachta agus próiseála ar bord a thaifeadadh agus a chlárú go hiomlán.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 1 Eanáir, 2015 ar aghaidh.

CÚLRA

EOCHAIRTHÉARMA

*Uastoradh inbhuanaithe: uastoradh (uasghabháil) na n-iasc ar féidir a thógáil ó stoc speicis thar thréimhse éiginnte, .i. gan marthanas an speicis a chur i mbaol.

GNÍOMH

Rialachán (AE) 2015/104 ón gComhairle an 19 Eanáir 2015 lena leagtar amach le haghaidh 2015 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic éisc agus le grúpaí stoc éisc áirithe, atá infheidhme in uiscí an Aontais agus, le haghaidh árthaí an Aontais, in uiscí áirithe neamh-Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 43/2014 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 779/2014

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) 2015/104

1.1.2015

-

IO L 22, 28.1.2015, lgh. 1-163

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) 2015/523

29.3.2015

-

IO L 84, 28.3.2015, lgh. 1-21

Rialachán (AE) 2015/960

24.6.2015

-

IO L 157, 23.6.2015, lgh. 1-19

Nuashonraithe 02.10.2015

nach oben