Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015DC0100

    Straitéis AE i leith fostaíochta agus fáis - dul chun cinn ar an Eoraip 2020

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Straitéis AE i leith fostaíochta agus fáis - dul chun cinn ar an Eoraip 2020

    Tá tábhacht ag baint leis na dearcthaí a fuarthas ó raon leathan páirtithe leasmhara ar an gcéad chúpla bliain den straitéis Eoraip 2020 san athbhreithniú leanúnach ar straitéis Eoraip 2020.

    GNÍOMH

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach (COM(2015) 100 final, 2.3.2015)

    ACHOIMRE

    Tá tábhacht ag baint leis na dearcthaí a fuarthas ó raon leathan páirtithe leasmhara ar an gcéad chúpla bliain den straitéis Eoraip 2020 san athbhreithniú leanúnach ar straitéis Eoraip 2020.

    CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

    Leagtar amach na príomhthorthaí inti ón gcomhairliúchán poiblí 2014 maidir le straitéis Eoraip 2020. Tionóladh an comhairliúchán sin i ndiaidh Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh i Márta 2014 dar teideal “Breithniú ar an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach”.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Cad is an Eoraip 2020 ann?

    Is straitéis 10 mbliana é bunaithe ar chomhpháirtíocht idir AE agus tíortha AE. Leagadh amach na cúig sprioc idirghaolmhara inti atá le baint amach ag AE faoi 2020 sna réimsí seo a leanas:

    fostaíocht;

    taighde agus forbairt;

    athrú aeráide agus fuinneamh;

    oideachas;

    an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta.

    Lena chois sin, leag an Coimisiún amach na seacht dtionscadal shuaitheanta chun borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás.

    Cé a ghlac páirt sa chomhairliúchán?

    Fuarthas 755 freagairt aonair. Bhí siad roinnte idir líon grúpaí éagsúla:

    is iad comhpháirtithe sóisialta, grúpaí leasa agus eagraíochtaí neamhrialtais an chatagóir is mó atá léirithe (41 %);

    rialtais agus údaráis phoiblí thíortha AE, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha (20 %);

    saoránaigh aonair (19 %);

    meithleacha machnaimh, an lucht acadúil agus fondúireachta (14 %);

    cuideachtaí (6 %) de na freagróirí.

    Cad iad príomhchonclúidí an chomhairliúcháin?

    Tá luach ag an Eoraip 2020 mar chreat chun fostaíocht agus fás a chur chun cinn ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta. Tá na cuspóirí agus na tosaíochtaí ann fiúntach i bhfianaise na ndúshlán reatha agus na ndúshlán amach anseo.

    Tá na cúig phríomhsprioc ina n-eochracha tábhachtacha chun fostaíocht agus fás a spreagadh agus chun cuidiú leis an straitéis a choinneáil dírithe.

    Baineadh amach an fheidhm le formhór na dtionscnamh suaitheanta ach tá a bpróifíl phoiblí íseal.

    Tá scóip agus gá le feabhas a chur ar sheachadadh na straitéise trí úinéireacht agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ar an talamh.

    Cad é an chéad bheart eile?

    Cuirfidh an Coimisiún san áireamh chomh maith rannchuidiú ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ó Pharlaimintí náisiúnta, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún. Cuirfidh sé pleananna i láthair maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar straitéis Eoraip 2020.

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach

    GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Breithniú ar straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach (COM(2014) 130 final, 19.3.2014)

    Nuashonrú is déanaí: 13.08.2015

    Barr