Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015DC0082

    Idirnasc níos fearr le córas leictreachais na hEorpa

    Idirnasc níos fearr le córas leictreachais na hEorpa

    Le heangach fuinnimh Eorpach idirnasctha cuideofar le fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chinntiú, agus soláthrófar fás agus poist ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) léi.

    GNÍOMH

    Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An sprioc 10 % um idirnasc leictreachais a bhaint amach: eangach leictreachais na hEorpa a dhéanamh oiriúnach do 2020 (COM(2015) 82 final an 25.2.2015).

    Iarscríbhinní leis an gCumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An sprioc 10 % um idirnasc leictreachais a bhaint amach: eangach leictreachais na hEorpa a dhéanamh oiriúnach do 2020 (COM(2015) 82 final/2 an 25.2.2015).

    ACHOIMRE

    Le heangach fuinnimh Eorpach idirnasctha cuideofar le fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chinntiú, agus soláthrófar fás agus poist ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) léi.

    CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

    Leagtar amach na bearta is gá inti chun an sprioc 10 % d’idirnasc leictreachais a d’fhógair Comhairle na hEorpa in 2014 a bhaint amach faoi 2020. Glacadh í mar aon le doiciméad níos leithne ina leagtar amach an chreatstraitéis maidir le haontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Cad a chiallaíonn an sprioc 10 %?

    Beidh ar gach tír AE cáblaí cumhachta a chur i gcóir trínar féidir 10 % ar a laghad den leictreachas a tháirgtear a iompar chuig tíortha AE máguaird.

    Buntáistí

    Áirítear iad seo a leanas ar na buntáistí a bhaineann le hidirnasc d’AE agus dá thíortha aonair:

    • soláthar slándála - feabhas a chur ar iontaofacht, cáilíocht na seirbhíse a mhéadú, agus cur isteach cumhachta agus caillteanais táirgiúlachta a laghdú.
    • praghsanna níos ísle sa mhargadh inmheánach - trí níos mó iomaíochta agus níos mó éifeachtúlachta, chomh maith le húsáid níos cost-éifeachtúla as acmhainní;
    • forbairt inbhuanaithe agus an meascán forbairt a dhícharbónú* - an cumas a bheith san eangach fuinnimh* níos mó foinsí inathnuaite fuinnimh a úsáid ar bhealach níos sábháilte agus níos cost-éifeachtúla.

    Níl 12 tír AE nasctha go maith le tíortha AE eile (i.e. tá leibhéal idirnaisc faoi 10 % iontu):

    • Éire - 9 %;
    • An Iodáil - 7 %;
    • An Rómáin - 7 %;
    • An Phortaingéil - 7 %;
    • An Ríocht Aontaithe (1) - 6%;
    • An Eastóin - 4 %;
    • An Laitvia - 4 %;
    • An Liotuáin - 4 %;
    • An Spáinn - 3 %;
    • An Pholainn - 2 %;
    • An Chipir - 0 %;
    • Málta - 0 %;

    Cén dóigh a mbainfear an sprioc amach?

    Is é an liosta “ tionscadail leasa choitinn ” um bonneagar an phríomhuirlis. Tá 37 gcinn de na tionscadail sin ina dtionscadail um idirnasc leictreachais i dtíortha AE. Má bhíonn na tionscadail sin curtha i gcrích faoi 2020, is sa Spáinn agus sa Chipir amháin a bhfuiltear ag súil nach mbeidh an sprioc 10 % bainte amach acu.

    An creat airgeadais agus rialála

    Tá sé measta go mbeidh EUR 35 billiún de dhíth chun an sprioc 10 % a bhaint amach faoi 2020. D’fhéadfaí roinnt tionscadal tairbhe a fháil ó dheontas ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Féadfaidh tíortha AE leas a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa faoi choinníollacha áirithe. D’fhéadfadh tionscadail leasa choitinn tairbhe a bhaint as an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith.

    Bunaítear an fhéidearthacht le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha (TEN-E) chun costais a roinnt ar fud theorainneacha AE bunaithe ar na tairbhí a ghinfear don tír AE lena mbaineann.

    Tuarascálacha bliantúla

    Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil do Chomhairle na hEorpa maidir le tionscadail leasa choitinn a chur i bhfeidhm agus maidir leis an dul chun cinn i dtreo na sprice 10 %.

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    *Meascán fuinnimh: raon na bhfoinsí fuinnimh atá ar fáil.

    * Eangach fuinnimh: an córas dáilte fuinnimh (ina gcuimsítear cábla, fostáisiúin, etc.).

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

    Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - Creatstraitéis maidir le haontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide (COM(2015) 80 final an 25.2.2015).

    Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an lárionad comhairliúcháin maidir le hinfheistíocht agus an tairseach Eorpach de thionscadail infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 - an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1-38).

    Nuashonraithe 24.07.2015



    (1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

    Barr