EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015DC0063

Margadh AE aonair le haghaidh caipitil chun poist agus fás a threisiú

Margadh AE aonair le haghaidh caipitil chun poist agus fás a threisiú

Is gnáth do ghnólachtaí san Aontas Eorpach (AE) brath go mór ar bhainc ach níos lú ar mhargaí airgeadais* a d’fhéadfadh foinsí maoiniúcháin eile a thairiscint agus, ar bhonn níos leithne, fás a threisiú. Chun cuidiú leo na foinsí malartacha maoiniúcháin seo a rochtain, lainseáil an Coimisiún Eorpach tionscadal chun “Aontas Margaí Caipitil” Eorpach a fhorbairt.

GNÍOMH

Páipéar Uaine ina bhForbraítear Aontas na Margaí Caipitil (COM(2015) 63 final, 18.2.2015)

ACHOIMRE

Is gnáth do ghnólachtaí san Aontas Eorpach (AE) brath go mór ar bhainc ach níos lú ar mhargaí airgeadais* a d’fhéadfadh foinsí maoiniúcháin eile a thairiscint agus, ar bhonn níos leithne, fás a threisiú. Chun cuidiú leo na foinsí malartacha maoiniúcháin seo a rochtain, lainseáil an Coimisiún Eorpach tionscadal chun “Aontas Margaí Caipitil” Eorpach a fhorbairt.

CAD A DHÉANTAR SA PHÁIPÉAR UAINE?

Leagtar síos na príomhchuspóirí um fhorbairt faoi 2019 ann um Aontas na Margaí Caipitil do na 28 tír AE. Déantar iniúchadh sa pháipéar ar an dóigh le húsáid margaí airgeadais Eorpacha a spreagadh agus iad a chomhtháthú níos fearr.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Is é is aidhm le hAontas na Margaí Airgeadais:

  • foinsí malartacha maoiniúcháin seachas bainc a mhéadú do ghnólachtaí - go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) - agus do thionscadail bhonneagair laistigh d’AE;
  • infheistíochtaí a threisiú ar fud thíortha AE.

Bearta gearrthéarmacha

Sainaithnítear roinnt réimsí sa Pháipéar Uaine ina bhfuil gá dul chun cinn gasta a dhéanamh:

  • 1.

    Margadh urrúsaithe ardchaighdeáin Eorpach inbhuanaithe a fhorbairt. Oibríocht airgeadais is ea urrúsú ina gcomhthiomsaítear iasachtaí le chéile agus ina ndíoltar iad le hinfheisteoirí ar na margaí. Príomhbhuntáiste amháin leis an oibríocht seo ná gur féidir le bainc na hiasachtaí sin - amhail iasachtaí le FBManna - agus a rioscaí a bhaint dá gcláir chomhardaithe agus ansin méadú ar a gcumas iasachtaí a thabhairt . Is é an aidhm creat Eorpach a chur i bhfeidhm a bhraitheann ar oibríochtaí urrúsaithe atá simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe.

  • 2.

    Rochtain ar mhargaí caipitil a éascú do chuideachtaí, go háirithe FBManna. Tionscnamh amháin ná athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha lena gcuirtear dualgas ar chuideachtaí réamheolaire* a tháirgeadh chun margaí caipitil a rochtain agus caipiteal a mhéadú. Is é an aidhm a chinntiú nach bhfuil na riachtanais sin róchostasach agus nach mbeidh ualach riaracháin ag baint leo do chuideachtaí nó nach bhfuil siad róchasta d’infheisteoirí.

  • 3.

    Bearta eile. Áirítear orthu sin margaí láithrithe phríobháidigh*, a thacaíonn le glacadh Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha* agus bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis creidmheasa FBM.

Bearta fadtéarmacha

Déantar iniúchadh sa Pháipéar Uaine ar an dóigh le bacainní éagsúla ar fhorbairt agus ar chomhtháthú margaí caipitil Eorpacha a shárú. Áirítear iad seo a leanas ar na dúshláin:

  • an soláthar maoiniúcháin a fhorbairt agus a éagsúlú trí infheisteoirí institiúideacha, miondíola agus idirnáisiúnta a mhealladh chuig margaí caipitil;
  • feabhas a chur ar éifeachtúlacht margaí: áirítear ar bhacainní dibhéirseacht i measc thíortha AE i réimsí éagsúla amhail dlíthe maidir le cáin, cuideachtaí agus dócmhainneacht.

CÚLRA

Comhpháirt lárnach is ea Aontas na Margaí Caipitil den Phlean Eorpach Infheistíochta a lainseáladh i mí na Samhna 2014.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Aontas na Margaí Caipitil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Margaí airgeadais: margaí ina nglacann ceannaitheoirí agus díoltóirí páirt i dtrádáil sócmhainní amhail bannaí, airgeadraí agus díorthaigh (táirgí a dhíorthaíonn a luach ó luach bunsócmhainne amhail tráchtearra nó airgeadra, m.sh. todhchaíochtaí agus roghanna).

* Réamheolaire: doiciméad mionsonraithe ina leagtar amach faisnéis chuideachta, agus na téarmaí agus na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht.

* Láithriú príobháideach: ina gcuirtear urrúis ar fáil lena ndíol le líon teoranta infheisteoirí roghnaithe, rud ar a dtugtar “tairiscint phríobháideach” chomh maith. Tá sé seo i gcontrárthacht le tairiscint phoiblí ina gcuirtear urrúis ar fáil lena ndíol ar an margadh oscailte.

*Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha: cistí ar féidir leo infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní fadtéarmacha nó neamhliostaithe, amhail bonneagar nó FBManna neamhliostaithe. Foilsíodh na rialacha lena rialaítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in Aibreán 2015.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - Plean infheistíochta don Eoraip (COM(2014) 903 final, 26.11.2014)

Nuashonraithe 11.08.2015

Barr