EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014DC0910

Clár Oibre an Choimisiúin 2015 - Tús Nua

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Clár Oibre an Choimisiúin 2015 - Tús Nua

Tugtar breac-chuntas i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh ar na tosaíochtaí agus ar na tionscnaimh bheartaithe a dhéanfaidh an Coimisiún le linn 2015. Cuimsíonn an clár na chéad táirgí insoláthartha a bheartaítear sna10 dtreoirlíne pholaitiúlaarna leagan amach ag Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker don tréimhse 2014-19.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre an Choimisiúin 2015 - Tús Nua (COM(2014) 910 finalan 16.12.2014).

ACHOIMRE

Tugtar breac-chuntas i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh ar na tosaíochtaí agus ar na tionscnaimh bheartaithe a dhéanfaidh an Coimisiún le linn 2015. Cuimsíonn an clár na chéad táirgí insoláthartha a bheartaítear sna10 dtreoirlíne pholaitiúlaarna leagan amach ag Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker don tréimhse 2014-19.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID SEO?

Leagtar amach 23 tionscnamh úr inti ina ndírítear ar 10 dtreoirlíne pholaitiúla an Uachtaráin Juncker (Iarscríbhinn I) a chur chun cinn.

Moltar inti 80 togra atá ann cheana a aistarraingt nó a leasú chun críocha polaitiúla nó teicniúla (Iarscríbhinn II).

Ag teacht le tiomantas an Choimisiúin do rialú níos fearr, rómhaorlathas a laghdú agus réidh a fháil le hualaí rialála, sainaithnítear líon bearta REFIT (Oiriúnacht Rialála) mar a deirtear leo inti. Áirítear orthu sin aisghairmeacha agus leasuithe ar an reachtaíocht atá ann cheana mar aon le staidéir agus measúnuithe lena chinntiú go bhfuil an reachtaíocht reatha oiriúnach don fheidhm agus go n-oibríonn sí níos fearr do shaoránaigh agus do ghnó AE (Iarscríbhinn III).

PRÍOMHPHOINTÍ

Sna 23 tionscnamh úr dírítear ar shraith theoranta réimsí nithiúla ina bhfuil an éifeacht is mó le gníomh AE lena n-áirítear:

cur i bhfeidhm anPhlean Infheistíochta don Eoraipchun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha dar luach EUR 315 billiún a chur ar fáil san fhíorgheilleagar thar an gcéad 3 bliana eile;

straitéis um margadh digiteach aonaira chur i láthair, lena n-áirítear rialacha cóipchirt a nuachóiriú agusrialacha maidir le ceannacháin dhigiteacha ar línea shimpliú;

na chéad chéimeanna i dtreoAontas Eorpach fuinnimha chruthú chun slándáil soláthair fuinnimh a chinntiú, margaí náisiúnta fuinnimh a chomhtháthú agus éileamh fuinnimh AE a laghdú;

clár oibre Eorpach um imircechun chur chuige úr maidir le himirce dhlíthiúil a chur san áireamh, feabhas a chur ar bhainistíocht na himirce isteach in AE trí chomhar níos fearr le tíortha nach bhfuil in AE agus dul i ngleic le gáinneáil daoine;

timpeallacht cánach níos cóirea chruthú chun bearta a áireamh chun dul i ngleic le himghabháil cánach, calaois cánach, uathmhalartú faisnéise ar rialú cánach agus chunboinn cánach corparáidí a chobhsú

aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhnea chinntiú chun cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn agus chun infheisteoirí a mhealladh isteach in AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féachsuíomh gréasáin Chlár Oibre an Choimisiúin 2015.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tús Nua don Eoraip: Mo chlár oibre do phoist, d’fhás, do chothroime agus d’athrú daonlathach - Treoirlíne polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile.

Nuashonrú is déanaí: 10.06.2015

Barr